Ar an leagan gleoite sin den tsraith teilifíse Cloch le Carn a chraol RTÉ aimsir na Nollag in ómós do Mhicheál Ó Muircheartaigh, déanann a iníon Doireann cur síos ar an mbeocht agus an anamúlacht a thagadh ina hathair agus é i mbun tráchtaireachta.
Ina sheasamh suas dó ab fhearr le Micheál an obair sin a dhéanamh, micreafón i leathlámh dá chuid agus nótaí sa gceann eile – an ghéag sin ag síorghluaiseacht mar a bheadh stiúrthóir ceolfhoirne lena bhata.
Bhíodh siad siúd ina thimpeall a mbaol smuitín faoin gcluas a fháil mura mbídís san airdeall – go deimhin tháinig lá gur fhág a chuid geáitsíochta Doireann bhocht féin ar an talamh agus eisean ag cur síos dá chuid éisteoirí ar an gcosán a bhí an liathróid a thabhairt thar an trasnán.
Bíonn a leithéid le feiceáil minic go leor sna blúirí a chraoltar go rialta agus tagairt á déanamh dó.
Tuairim is deich mbliana fichead ó shin bhí an Muircheartach féin i mbun sraith cláracha raidió a chraol RTÉ nuair a bhásaigh an mórthráchtaire eile a bhí againn, Micheál Ó hEithir.
Glór fir eile a raibh Micheál airsean freisin air ba thúisce a chualathas sa tsraith áirithe sin – Micheál Ó Briain as an Spidéal, a chaith a shaol mar aisteoir i gcompántas Amharclann na Mainistreach agus chuile Dhomhnach i bPáirc an Chrócaigh mar nach mbíodh aon dráma ar an stáitse Lá an Tiarna.
Agus a ghlór ag fógairt tús leis an gcéad chlár, dúirt an Brianach:
“His biggest gift was that he could make a bad match sound good. You would arrive home and the landlady would say ‘that must have been a cracking great game you were at’. In fact it could have been one of the worst you ever saw.”
Ós rud é go mba mhinic dom a bheith cóngarach go maith dó ar laethanta móra, tá mé den tuairim go mba nós leis an Muircheartach beagáinín éicint a choinneáil i dtaisce go dtagadh Cluichí Ceannais na hÉireann.
Nach mór ar a gcompord a bheadh sé féin agus Ó hEithir i bPáirc an Chrócaigh inniu ag tráchtaireacht ar ócáid nár facthas ariamh cheana i stair Chumann Lúthchleas Gael, ainneoin sin a bheith ar an bhfód le bunáite 150 bliain.
Corcaigh agus Tiobraid Árann in éadan a chéile i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann.
I gCraobh na Mumhan a bhí na comhraic mhóra idir na contaetha sin lena linn siúd agus is mór atá stíl agus caighdeán na hiománaíochta athraithe ó rinne Ó hEithir tráchtaireacht ar an gcéad chluiche ceannais acu a chraol seisean.
Ba ar an 12 Iúil 1942 a tharla sin. Bhuaigh na Corcaígh 4-15 in aghaidh 4-1 ar Pháirc na Lúthchleas cois Laoi. Páirc Uí Chaoimh a thugtar ar an áit sa lá atá inniu ann.
B’in an dara huair in imeacht leathbhliana ag na foirne a bheith in adharca a chéile sa gcluiche ceannais – d’fhág ráig den ghalar crúibe is béil i 1941 nár imríodh Cluiche Ceannais na Mumhan eatarthu go raibh Craobh an hÉireann na bliana sin thart.
Níor bhac Raidió Éireann le craoladh a dhéanamh ar an gcluiche. Thugadar tús áite do Chluiche Ceannais Peile an Oireachtais idir Áth Cliath agus Cill Dara a bhí ar bun i bPáirc an Chrócaigh – an fhéile faoi lán seoil sa bpríomhchathair an tseachtain sin. Nach é an saol atá athraithe.
Eatarthu, bhí ceannas nach mór ag Tiobraid Árainn agus ag Corcaigh ar chraobh a gcúige idir 1941 agus 1960 – bhuaigh na Déise trí cinn lena linn sin agus Luimneach péire – b’in eile.
Bhuaigh Christy Ring ocht mbonn uile-Éireann – eisean is dócha ar dhuine den bheagán a bheadh ar a gcompord i gcluiche an lae inniu.
Rinne John Doyle an gaisce chéanna le Tiobraid Árann. Ní raibh ann ach go raibh aois na mionúr sáraithe ag Doyle nuair a bhuaigh sé an chéad cheann i 1949. Bhí sé 35 nuair a tháinig an 8ú ceann an bealach i 1965.
Níos faide ná sin arís a bhí an tseirbhís a thug Ring do Chorcaigh – idir chuile ghrád bhí geansaí an chontae ar a dhroim ó 1937 go dtí 1963.
‘Cistin Ifrinn’ a baisteadh ar John Doyle, Michael Maher agus Kieran Carey nuair ab iadsan an líne lánchúil a bhí ag na Tiobraid Árannaigh idir 1958 agus 1965. Bhuaigh siad Craobh na Mumhan 6 huaire agus Corn Mhic Cárthaigh ceithre huaire.
Ní raibh aon bhaint ag cócaireacht leis an ainm sin.
Ba as giodán talún i gceartlár Nua-Eabhrac a baisteadh é, ceantar nár mhór do dhuine a bheith cúramach go maith dá gcastaí an bealach sin é má bhí uaidh a theacht as go slán, sábháilte. Thug an leasainm go raibh sé chomh baolach céanna a bheith sa ngiodán a bhíodh amach ó na postaí faoina mbíodh cúl báire Thiobraid Árann ina sheasamh nuair a bhí Doyle, Maher agus Carey i mbarr a maitheasa.
Fágann an chaoi a n-imrítear cluiche na hiomána inniu gur beag brí atá leis na huimhreacha a bhíonn ar chúl na ngeansaithe. I gcluiche ceannais na bliana seo caite scóráil cúlaithe 1-7 eatarthu; d’aimsigh cosantóirí 2-13 an bhliain roimhe. Chomh fada siar le 2013 agus an t-am caite le dhá nóiméad ba é uimhir 2 an Chláir (Domhnall O’Donavan) a scóráil an cúilín a thuill comhscór in aghaidh Chorcaí.
Ní hamhlaidh a bhí agus ‘Cistin Ifrinn’ i mbun imeartha, is le cothrom na Féinne a thabhairt, b’ionann cás i mórán línte lánchúil eile ag an am. Ainneoin an saol fada imeartha a fuaireadar, ní móide gur fhág ceachtar de thriúr ‘chócairí na cistine’ a leath féin den pháirc ariamh.
Laistiar díobh bhí an cúl báire, an té ba lú ar an bpáirc a bhí in ann é féin a chosaint ar na blocáin mhóra fir a bhí ag iarraidh deis a fháil é a bhascadh, nó ar a laghad a chur ar a thóin.
A chinntiú nach dtarlódh a leithéid an dualgas a bhíodh ar lucht na cistine. Dá ndéanfadh siad sin, fiú gan seilbh an tsliotair a fháil uair amháin féin, bhí a gcion déanta.
Dá bharr sin chaith siad féin agus a gcéilí comhrac cuid mhaith ama mar a d’fheicfeá clibirt dhá fhia fireann in adharca a chéile – dhá lámh an chosantóra agus a chamán timpeall básta an tosaí agus é siúd mar a bheadh eascann ag iarraidh imeacht as greim.
Ba dheacair a dhul chun scaoill ina dtimpeall.
Bhíodh scéal ag an Muircheartach faoi bheith ag filleadh as Durlas tráthnóna cluiche timpeall an ama a raibh stíl iomána an lae inniu ag teacht chun cinn.
Stop sé in óstán faoi bhealach go bhfaigheadh sé braon tae. Sa mbeár ansiúd bhí scata fear a bhí ag freastal ar bhainis, ach a raibh an chuid ab fhearr den lá caite acu ag breathnú ar an gcluiche ar an teilifís – sin le n-aithneachtáil ar chomh súgach a bhí siad.
Meatacht línte lánchúil an lae an t-ábhar díospóireachta a bhí tarraingthe anuas – iad siúd ba shine de lucht na bainise den tuairim nach raibh an chosaint baol ar chomh tréan, láidir, neartmhar agus a bhíodh.
“What we saw today wouldn’t have happened during the time of Hell’s Kitchen, most definitely not,” a deir fear amháin a raibh leathleiceann dá chuid ina luí ar a uillinn ar an gcuntar.
D’fhreagair fear óg é agus dúirt “Well, can you tell us now, because we are too young to have seen Doyle, Maher and Carey. What used to happen when the sliotar came the way of Hell’s Kitchen?”
Chuir an saoi cúpla ceann de na strainceanna siúd air féin nach dtagann ach amháin ar an té a bhíonn ar meisce. “I’ll tell ye what used to happen,” a deir sé agus rinne staidéar mór fada…”nothing.”
Fág freagra ar 'Nach mór ar a chompord a bheadh Micheál Ó Muircheartaigh i bPáirc an Chrócaigh inniu'