MIONLÉIRMHEAS: Léigh leat! Bailiúchán grianghraf de chuid Hurn ná daoine ag léamh…

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, dhá bhailiúchán grianghraf suaithinseach

MIONLÉIRMHEAS: Léigh leat! Bailiúchán grianghraf de chuid Hurn ná daoine ag léamh…


David Hurn : On Reading
RRB Photobooks a d’fhoilsigh

Clúdach Crua le Forchlúdach

Toisí:15.5 x 20.4cm
64 lch.

Glacaim leis go n-aithníonn tú na léitheoirí thuas. Is é atá i mbailiúchán grianghraf de chuid Hurn ná daoine ag

léamh agus creid é nó ná creid is ag plé leis an téama sin atá sé ó na 1950idí i leith! Sin díograis duit . . .

Joseph Losey (nach maireann), stiúrthóir scannán, leis an aisteoir Jane Fonda agus línte as Teach na Bábóige de chuid Ibsen á bplé acu.

Mary Ellen Mark (1940-2015) agus a Ceamara

Photofile

Grianghraif le Mary Ellen Mark. Téacs le Caroline Bénichou.
Foilsithe ag Thames & Hudson, 2025
144 lch
75 léaráid
Toisí: 5×7½”

Cé atá ann? Cad atá ar siúl aige? Cá bhfuilimid? Is breá liom féachaint ar ghrianghraif nach bhfuil teideal orthu.

Ach is maith liom teacht ar an teideal chomh maith, luath nó mall.

Sa Róimh atáimid, an seit le haghaidh  an mhórscannáin Satyricon, sa bhliain 1969 agus is é an stiúrthóir Fellini an té a bhfuil a dhroim linn.

Mary Ellen Mark an grianghrafadóir, duine a thaistil an domhan agus ábhar spéisiúil á lorg aici dá ceamara. Thug sí dhá chuairt ar an India chun grianghraif a ghlacadh de na sorcais ann:

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Léigh leat! Bailiúchán grianghraf de chuid Hurn ná daoine ag léamh…'