Tá an t-athbhreithniú neamhspleách ar ar an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht ag Roinn na Gaeltachta le ceithre mhí ach níl siad sásta a rá cén chúis atá leis an moill mhór ar a fhoilsiú ná cathain a fhoilseofar é.
Cuireadh tús leis an athbhreithniú beagnach trí bliana ó shin agus tá gach sprioc a luadh ó shin sáraithe.
Tuigtear do Tuairisc go bhfuil an t-athbhreithniú i seilbh na Roinne le ceithre mhí anuas ar a laghad, ach níl aon dáta fógartha acu lena fhoilsiú fós. Dúradh i ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc an tseachtain seo go bhfoilseofar an t-athbhreithniú “in am trátha”. Nuair a lorgaíodh níos mó eolais ná sin uathu ní dúradh ach nach raibh “aon eolas breise le cur leis seo”.
Nuair a fiafraíodh den Roinn i mí Feabhra na bliana seo cén uair a d’fhoilseofaí an t-athbhreithniú dúradh go mbeadh fáil air faoi dheireadh mhí an Mhárta. Níl radharc ar an athbhreithniú fós agus an chéad seachtain oibre i mí Aibreáin caite.
Dúradh roimhe seo go raibh an t-athbhreithniú le foilsiú i mí an Mhárta 2024, agus nuair nár comhlíonadh an sprioc sin dúradh gur faoi dheireadh mhí Aibreáin 2024 a d’fhoilseofaí é. Luadh deireadh na bliana 2024 mar sprioc eile fós nár comhlíonadh.
Dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, atá ina oifigeach pleanála teanga i LPT an Iarthuaiscirt, le Tuairisc go bhfuil “díomá” ar na hoifigigh pleanála teanga nach bhfuil an t-athbhreithniú foilsithe faoin am seo.
“Tá muid ag an bpointe anois go bhfuil deireadh ag teacht leis na pleananna teanga a ceadaíodh ar dtús agus tiocfaidh deireadh le níos mó as seo go ceann bliana. Tá muid fágtha gan treoir agus gan ceannasaíocht faoin gcéad chéim eile,” a dúirt sé.
Dúirt sé go raibh “go leor moltaí” ag na hoifigigh pleanála teanga le feabhas a chur ar an gcóras agus nach bhfuil ach “cúpla seachtain” fágtha go mbeidh an chéad tréimhse críochnaithe.
“Caidé a d’fhoghlaim muid ó fheidhmiú an phlean reatha? Cén dóigh a mbeadh réiteach ar na fadhbanna atá againn agus go mbeadh an post níos éasca do dhaoine?
“Má tá fiúntas ar bith leis an bpleanáil teanga, ba chóir don Roinn duine a fhostú le suirbhéanna a dhéanamh ar na limistéir phleanála teanga go haonarach agus a fháil amach caidé a d’oibrigh iontu,” a dúirt Ó Cnáimhsí.
Is iad na chéad deich plean teanga a ceadaíodh faoi Acht na Gaeltachta 2012 ábhar an athbhreithnithe agus is é an comhlacht Barr Feabhais Teoranta a rinne an t-athbhreithniú neamhspleách do Roinn na Gaeltachta.
Is iad na pleananna teanga sin: Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh, na Déise, Ciarraí Theas, Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir, Ciarraí Thiar, Conamara Láir, An Cheathrú Rua, Maigh Eo Thuaidh, Ráth Chairn agus Baile Ghib, agus Árainn Mhór.
Níl plean teanga Chois Fharraige ar cheann de na pleananna teanga atá san áireamh san athbhreithniú ainneoin go raibh sé ar cheann de na chéad trí phlean teanga a cheadaigh Roinn na Gaeltachta in 2017. Níor cuireadh i bhfeidhm an plean go dtí 2019, áfach, mar gheall ar aighneas faoi chúrsaí maoinithe.
Labhraíodh leis na ceanneagraíochtaí pleanála teanga agus coistí stiúrtha sna deich limistéar pleanála teanga le haghaidh an athbhreithnithe agus bhí cruinnithe ag Barr Feabhais Teoranta le hÚdarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.
Ba iad na hoifigigh pleanála teanga féin a d’éiligh go ndéanfaí athbhreithniú neamhspleách ar a gcuid pleananna.
Fág freagra ar 'Tuarascáil neamhfhoilsithe faoin bpleanáil teanga ag Roinn na Gaeltachta le ceithre mhí'