Ba é ‘Seán’ an t-ainm Gaeilge is mó a tugadh ar bhuachaillí óga a ainmníodh as a n-aithreacha in 2024, de réir figiúirí atá curtha ar fáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh do Tuairisc.
Ainmníodh 508 leanbh as a dtuismitheoirí anuraidh, 464 buachaill agus 44 cailín. Ní raibh ach aon ainm amháin ar liosta na gcailíní – Mary. Rugadh 44 ‘Mary’ in 2024 ar an iomlán agus ‘Mary’ a bhí ar cheathrar máithreacha a thug an t-ainm sin ar a leanaí.
Tá 43 ainm ar liosta na mbuachaillí agus an nós d’ainm féin a thabhairt ar do pháiste i bhfad níos coitianta i measc aithreacha ná mar atá sé i measc máithreacha. As na 43 ainm sin b’ainmneacha Gaeilge iad ceithre cinn acu.
Thug cúigear aithreacha darbh ainm ‘Seán’ an t-ainm céanna ar a mac anuraidh. Rugadh 222 ‘Seán’ ar an iomlán in 2024 agus ba é an 15ú hainm ba choitianta a tugadh ar bhuachaillí an bhliain sin.
‘Brian’ a bhí sa dara háit ó thaobh ainmneacha Gaeilge de agus ceathrar Brian ‘óg’ tar éis teacht ar an saol in 2024. Níor saolaíodh ach 26 Brian trí chéile anuraidh agus é ar an 187ú hainm ba choitianta do bhuachaillí. Ní féidir eolas foghraíochta a bhailiú ó staitisticí na Príomh-Oifige Staidrimh agus mar sin ní léir cé acu ‘Brian’ na Gaeilge nó ‘Braighin’ an Bhéarla atá i gceist leis na Brianacha seo.
Níl aon amhras ann faoi fhuaimniú an ainm ‘Cathal’ a bhí sa 88ú háit ar an liosta iomlán agus sa 43ú háit ar liosta na n-ainmneacha Gaeilge. Rugadh triúr ‘Cathal’ anuraidh a bhfuil ‘Cathal’ ar a n-aithreacha.
An t-ainm Gaeilge deireanach atá ar an liosta ná ‘Liam’, ainm a bhíonn gar go maith do bharr an liosta náisiúnta bliain i ndiaidh bliana. Ba é ‘Liam’ an t-ochtú hainm ba choitianta a tugadh ar bhuachaillí anuraidh agus é tugtha ar 303 leanbh. Tháinig triúr Liam ‘óg’ ar an saol in 2024.
Níl eolas ar fáil faoi aithreacha a thug leagan baineann dá n-ainm ar a n-iníon ná faoi mháithreacha a thug ainm fireann dá n-ainm ar a mac – Pádraig agus Pádraigín, mar shampla. Níl aon eolas ann ach an oiread faoi thuismitheoirí a raibh ainm Gaeilge orthu a thug leagan Béarla ar an leanbh ná a mhalairt – Elizabeth agus Éilís, mar shampla.
Bhíodh an nós ainm tuismitheora a thabhairt ar leanbh níos tréine san am a caitheadh agus éagsúlacht i bhfad níos mó le sonrú in ainmneacha daoine in Éirinn anois. Bhí nósanna áirithe ainmnithe sa treis in áiteanna éagsúla sa tír freisin. D’ainmnítí go leor cailíní as máthair a n-athar, mar shampla, agus bhain nósanna eile leis an dara agus an tríú mac.
An Teanga Bheo
Guim rath is séan ar Sheán ach níl sé sean fós ?
Nioclás Pól Caileán de Ghloucester
Ní ainmneacha Gaeilge Seán agus Liam. Is leaganacha as an Ghaeilge d’ainmneachaibh ghalldaibh iad.