Maisithe ag Úna Woods
Clúdach crua, €10.95
Foilsithe ag Futa Fata
Tá an chéad bhun-phictiúrleabhar a d’fhoilsigh Futa Fata riamh, Cití Cearc, tar éis nuamhaisiú a fháil agus an teach foilsitheoireachta ag ceiliúradh cloch mhíle speisialta agus iad 20 bliain ar an bhfód. Foilsíodh Cití Cearc den chéad uair in 2010 agus é scríofa ag Patricia Forde agus maisithe ag Sarah Preston. Don eagrán nua seo tá leas bainte as buanna an ealaíontóra Úna Woods chun cuma nua, ildaite a chur ar Chití.
Nuair a bhuailimid le Cití ag tús an scéil tá sceitimíní uirthi mar go bhfuil ceithre ubh aici agus í ar bís bualadh leis na sicíní óga. Ach nuair a dhúisíonn sí ar maidin, baintear preab aisti nuair a thugann sí faoi deara go bhfuil ubh amháin imithe ar strae. Téann Cití sa tóir ar an ngadaí gránna a sciob uaithi an ubh agus ar a turas tagann sí ar Órla Cat, Lúsaí Caora, Nóra Damhán Alla agus Áine Asal. Tá samhlaíocht Chití ar shiúl sa chloigeann aici agus ag deireadh an turais, tá gadaí mór gránna aisteach ina hintinn aici. Ach le cabhair a cairde, tá súil aici a hubh a fháil ar ais.
Tá an greann a bhaineann le stíl scríbhneoireachta Phatricia Forde le braith tríd an scéal, agus bainfidh léitheoirí óga taitneamh as na rudaí barrúla atá á shamhlú ag Cití tríd an scéal ar fad. Úsáidtear an scéalaíocht charnach ina gcuirtear rud breise le gach leathanach. Is seift iontach seo le haird an léitheora a choinneáil agus léitheoirí óga ag iarraidh cuimhneamh ar na nithe breise gach uair, mar shampla: “seans gur gadaí gránna é a bhfuil eireaball ildaite air” … “seans gur gadaí gránna é a bhfuil eireaball ildaite air agus cóta catach tiubh!” srl. Chomh maith leis sin, úsáideann Patricia go leor athrá sa scéal ionas go mbeidh páistí in ann na ráitis rialta a rá ar nós “an bhfaca tú an gadaí a sciob m’ubh?” agus “cén sórt gadaí a bhí ann?”
Baintear úsáid chliste as flapaí atá le n-ardú ar thaobh na láimhe deise tríd an leabhar a scaoileann le rúin bheaga sa scéal agus a chuireann le híomhá áibhéalach an ghadaí, rud atá iontach speisialta do pháistí óga agus iad ar bís féachaint cad a nochtfar fúthu.
Deir Futa Fata go bhfuil suim ar leith ag an maisitheoir Úna Woods i ndathanna agus i bpatrúin gheala agus is cinnte go bhfuil an tsuim sin ar taispeáint san eagrán seo. Ón gclúdach glas agus gorm, níl deireadh leis na dathanna geala tríd an leabhar ar fad agus is cinnte go meallfaidh seo súile óga chuig na nithe difriúla sna pictiúir.
Feileann an leabhar don aoisghrúpa 2 – 5 bliana d’aois don léamh os ard agus don aoisghrúpa 6 – 8 don léitheoireacht neamhspleách. Tá go leor sa leabhar seo a mheallfaidh páistí óga idir na dathanna, na flapaí, na carachtair áille agus ar ndóigh, an scéal féin. Níl an aois le haithint ar Chití Cearc agus an scéal chomh taitneamhach céanna agus a bhí sé 15 bliain ó shin.
Fág freagra ar 'Dearadh úr tugtha don chéad bhun-phictiúrleabhar ó Futa Fata riamh'