Ní bheidh na Cluichí Oilimpeacha i mBoston ach an Méara tagtha slán ón rása

Dhiúltaigh Marty Walsh deimhniú a thabhairt go n-íocfadh Boston bille ar bith a bheadh fanta dá n-éireodh leis an gcathair mar iarrthóir Mheiriceá do Chluichí na bliana 2024

Usain_Bolt_2012_Olympics_start

Seachtain mhór agus seachtain chonspóideach a bhí inti do Mhéara chathair Bhoston, Marty Walsh. Ní túisce a bhí sé ar ais ó chomhdháil sa Róimh nó go ndearna sé fógra cinniúnach a d’fhág nach mbeadh Boston san iomaíocht do Chluichí Oilimpeacha na bliana 2014. Dúirt an Méara nach mbeadh údaráis chathair Bhoston sásta fiacha ar bith a bheadh fágtha tar éis na gCluichí a ghlanadh. 

Theastaigh deimhniú ó Chomhairle Oilimpeach na Stáit Aontaithe go n-iocfadh Boston bille ar bith a bheadh fanta sula gcuirfidís Boston chun cinn mar iarrthóir Mheiriceá do Chluichí na bliana 2024. Dhiúltaigh an Méara an gealltanas sin a thabhairt don Chomhairle Oilimpeach. Cinneadh mór a bhí ann, go háirithe ó thug an Méara tacaíocht láidir don iarracht leis na hOilimpeacha a thabhairt go Boston i dtús aimsire.   

Thaistil sé go California in aon turas i mí Eanáir seo caite san áit a raibh údaráis Oilimpeacha na Stáit Aontaithe ag éisteacht leis an gcás a bhí ag roinnt cathracha i Meiriceá le gabháil san iomaíocht do 2014; roghnaíodh Boston. Bhí Marty Walsh ag breathnú chun cinn agus ag samhlú buntáistí áirithe do Bhoston as láimhsiú Cluichí Oilimpeacha.

Tá treo na cathrach sna blianta romhainn go mór i gceist ag an Méara Walsh, arbh as Gaeltacht Chonamara a mháthair agus a athair. Go deimhin, tá díospóireacht tosaithe aige faoin gcruth a bheidh ar Bhoston faoin mbliain 2030; ‘Imagine Boston 2030’ an téama atá ag an gcomhrá poiblí seo. Bhí an Méara sa Róimh seachtain ó shin ag comhdháil idirnáisiúnta a bhain le forbairt cathracha sna blianta atá romhainn amach. An Vatacáin a d’eagraigh an chomhdháil sin agus bhí an láimhsiú a dhéanfaí ar athrú aeráide agus ar bhochtanas sna cathracha amach anseo ar na príomhábhair chainte a bhí ann. Ach, is minic go gcaithfidh Méara ar chathair mhór i Meiriceá a dhul i ngleic le cúrsaí na linne seo, de léim.

Agus é sa Vatacáin féin, agus éag casadh leis an bPápa Prionsias, tarraingíodh aird an Mhéara ar an gcur is an cúiteamh a bhí ar bun sa mbaile. Ní túisce a bheadh sé tagtha den eitleán i mBoston ná a bheadh air láimhsiú a dhéanamh ar cheist na gCluichí. Ba ghearr go mbeadh údaráis Oilimpeacha na Státaí ag tógáil an chinnidh dheireanaigh faoin iarrthóir a bheadh acu do 2024 agus bhí freagraí ag teastáil as Boston. An cheist mhór: an mbeadh Méara agus Comhairle Cathrach Bhoston sásta a rá go gcuirfidís an t-airgead ar fáil th’éis na gCluichí dá mbeadh fiacha le glanadh. Ghairm an Méara ócáid preasa agus dúirt nach dtabharfaí an gealltanas sin. B’shin deireadh le hiarracht Bhoston.

  

Fachtas ainmniúcháin na cathrach le bheith ina ionadaí ag Comhairle Oilimpeach na Stát Aontaithe do Chluichí 2024 mar onóir mhór i measc aicmí áirithe i mBoston ach ba ghearr gur léiríodh dearcadh eile ar an scéal.

Baineadh siar as an ngrúpa a bhí ag eagrú iarracht Bhoston – agus as an Méara freisin, b’fhéidir – nuair a thosaigh feachtas tréan i mBoston in aghaidh na gCluichí. Ní raibh aon lagan ar an bhfeachtas sin agus ‘speáin pobalbhreith an mhí seo go raibh 50% de mhuintir na cathrach in aghaidh na gCluichí. Ceaptar go raibh na hathruithe a bheadh ar an gcathair, an obair thógála agus an imní go mbeadh cáin níos troime ar dhaoine le n-íoc astu a chuir an oiread sin daoine in aghaidh na gCluichí. Chothaigh sé seo amhras faoi chás Bhoston freisin i gComhairle Oilimpeacha na Stát Aontaithe.

Shocraigh an Méara an tseachtain seo go gcuirfí deireadh leis an iarracht. Bhí roinnt diomú air faoin gcaoi a ndeachaigh an scéal in aimhréidh, a deir sé, ach ní bheadh sé sásta gealltanas a thabhairt go mbeadh cáiníocóirí Bhoston thíos leis na Cluichí. Chuir sé an milleán ar Chomhairle Oilimpeacha na Stáit Aontaithe faoin aguisín sin a chur san iarratas.

Tá na saineolaithe thall ag plé an dochair, más tada é, atá déanta don Mhéara de bharr na conspóide uilig. Ceapann siad gur beag é agus gur láimhsigh sé fadhb na gCluichí go stuama an tseachtain seo – cé gur thug sé gealltanas áirithe roinnt míonna ó shin nach bhféadfaí a chomhlíonadh sa deireadh. Ceaptar go ndearna sé an cinneadh ceart agus go bhfuil an chonspóid curtha as an mbealach aige anois.

De réir pobalbhreithe an mhí seo, tá tacaíocht 73% de phobal Bhoston ag Marty Walsh mar Mhéara, mórán mar a bhí sé i dtús na bliana seo.

Fág freagra ar 'Ní bheidh na Cluichí Oilimpeacha i mBoston ach an Méara tagtha slán ón rása'