Deir an Roinn Imeasctha nach ndéanfar aon chinneadh go ceann trí mhí faoi chonradh a thabhairt d’óstán i gCarna i nGaeltacht Chonamara le feidhmiú mar ionad d’iarrthóirí tearmainn.
Deir an Roinn Imeasctha go dtabharfar deis do dhaoine ó Charna forbairt a dhéanamh ar phlean go gceannófaí an t-óstán le go mbeadh sé oscailte don phobal arís.
Tá conspóid mhór ann faoi iarratas atá déanta ag úinéirí Óstán Chuan Charna feidhmiú mar ionad IPAS agus seirbhís lóistín d’iarrthóirí tearmainn a chur ar fáil.
Deir daoine ó Charna atá ag cur i gcoinne an phlean go ndéanfadh a leithéid d’ionad dochar mór don cheantar.
Bhí lucht agóide taobh amuigh den óstán aréir agus bhí daoine eile amuigh ag coimeád súil ar bhóithre an cheantair.
Is cosúil go raibh daoine spreagtha ag ráflaí nach raibh fíor go raibh bus ar a bhealach go dtí Carna chun iarrthóirí tearmainn a thabhairt ann.
Dúirt bainisteoir an óstáin go bhfuil 14 duine as an Úcráin ag fanacht san óstán faoi láthair agus nach raibh aon fhírinne sna ráflaí go raibh iarrthóirí tearmainn ar an mbealach ann.
Ag labhairt di le RTÉ Raidió na Gaeltachta ag an agóid aréir, dúirt Meadhbh Ní Ghaora ón ngrúpa agóide go raibh an “pobal ag seasamh le chéile” agus “imní” orthu go dtabharfaí iarrthóirí tearmainn isteach “ar an ngan fhios”.
Dúirt sí nár thóg sé ach “deich nó fiche nóiméad” 100 duine a spreagadh le teacht go dtí an t-óstán aréir.
“Tá muid ag seasamh anseo mar phobal ag tacú le chéile mar phobal agus seasfaidh muid an fód sin ar feadh trí mhí nó sé mhí má chaitheann muid. Seo é a thús,” arsa Meadhbh Ní Ghaora.
Dúirt sí go raibh “chuile dhuine anseo ardbhéasach agus múinte” agus gur mar sin a bheidís “chuile oíche má chaitheann muid fanacht anseo”.
Dúirt Meadhbh Ní Ghaora go raibh “faitíos” ar dhaoine go gcuirfí an lóistín ar fáil d’iarrthóirí tearmainn gan scéal a thabhairt d’aon duine, na Teachtaí Dála atá ag plé leis an gcás san áireamh.
“Má tá siad sásta oibriú linn [An Roinn] agus a bheith tuisceanach agus labhairt linn maidin amárach faoi seo, tá sé sin go breá cuirfidh muid an pobal ar an eolas faoi sin ach tá faitíos ar dhaoine go mbeidh an t-óstán anseo líonta i ngan fhios.”
Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin do Ghaillimh Thiar Mairéad Farrell go mbeadh cruinniú amárach aici leis an Roinn Imeasctha chun cás an óstáin a phlé.
“Táim ar an eolas faoi na ráflaí atá ann i gcónaí go bhfuil sé i gceist Óstán Chuan Charna a úsáid do lóistín IPAS,” arsa Mairéad Farrell.
“Bhí mé I dteagmháil go minic leis an Roinn le roinnt seachtainí anuas faoi seo agus dúirt siad liom go raibh an conradh á mheas ach go raibh stop curtha leis sin go ceann trí mhí mar gheall ar an imní a bhí ar dhaoine ón áit faoi riachtanais an phobail.
“Deir an Roinn [Lánpháirtíochta] liom go bhfuil siad an-dearfach faoi iarrachtaí an phobail maidir le forbairt an óstáin agus go bhfuil sé socraithe acu seasamh ar leataobh ar feadh tamaill chun deis a thabhairt don phobal roghanna a scrúdú.”
Tuairiscíodh le déanaí go raibh iarratas déanta ag úinéirí Óstán Chuan Charna, Mulcahy Steel, comhlacht atá lonnaithe i gCorcaigh, leis an Roinn lóistín a chur ar fáil do 84 iarrthóir tearmainn.
Dheimhnigh an Roinn Imeasctha go raibh an t-iarratas sin á mheas ach dúirt siad go raibh stop curtha leis an obair sin.
“Tuigtear dúinn go bhfuil moladh óstán pobail a fhorbairt ar an láthair seo á chur faoi bhráid an úinéara ag an bpobal. Ar mhaithe le seans a thabhairt don phobal an moladh sin a phlé leis na heagrais chuí, tá cinneadh déanta ag an roinn seo stop a chur leis an measúnú ar an bhfoirgneamh seo ar feadh tréimhse trí mhí.”
Díoma
Má tà siad ag iarraidh agóid a dhéanamh, caithfidh siad díriù isteach ar na cumhachtaí móra, ní daoine leochaileacha gan cumhacht ar bith atá ag cuartú dídine.
Más ag seasamh thart sa dorchadas ag fanacht ar dhaoine bochta gan dídean atá siad, nìl siad ach ag scantrú daoine.
Ní sheasaim leo
Liamo
Níl aon Óstáin ar fáil don phobal ón Spidéal siar go dtí an Clochán. Tá dhá óstán ar an gCeathrú Rua ina bhfuil Úcránaigh ag fanacht ann .Dá bhrí sin níl na hóstáin sin ar fáil don phobal áitiúil níos mó. Níl Óstan Chuan Carna ar fáil don phobal chomh maith agus tá siad thíos leis an gcinneadh sin agus leis an ngantannas aiseanna. Seasaim le mhuintir Chonamara sa gcomhthéacs sin. Tá ceist eile a bhaineann leis an nGaeilge agus an tionchar sin ar labhairt na Gaeilge sa gceantar. De reir mar a thuigimse tá ranganna Béarla ar fáil dos na daoine fásta atá ag fanacht san hÓstain ar an gCeathrú Rua ach níl ranganna Gaeilge ar fail. Cén fiú plean teanga a bheith ann sa gcomhthéacs sin.