Chualamar ar fad trácht ar an tSraith teilifíse ‘Survivor’ – bíonn an-tóir uirthi agus tá an tsraith fós á craoladh cé bhfuil sí os cionn 20 bliain ar an aer.
Ceann de na rudaí a mheallann daoine ná go mbíonn sé deacair a dhéanamh amach ag an tús cé a bheas ann ag an deireadh. Cé hé nó cé hí an duine a bhfuil an teacht aniar is láidre iontu?
Rith sé liom agus mé ag tóraíocht leabhar polaitíochta áirithe le gairid go bhfuil cosúlachtaí idir na baill a bhíonn páirteach sa tsraith teilifíse agus na daoine a ghlacann páirt sa bpolaitíocht. Cé mhéad acu a n-éiríonn leo a bheith ina Survivor?
Bíonn drogall orm i gcónaí leabhair thagartha nó fiú amháin irisí áirithe a chaitheamh amach sa mbruscar. Ní bheadh a fhios agat cén uair a dteastódh eolas faoi thoghchán 1981, nó fothoghchán 1975, nó fíricí staire éicint eile uait.
Bhí na póstaeirí don olltoghchán is deireanaí á mbaint anuas, nuair a tháinig mé ar an Magill Book of Irish Politics le linn na tóraíochta sin thuas. Chuir mé de leataobh go cúramach é.
Baineann an leabhar áirithe sin le gach toghchán suas go dtí 1981 ach ag an am céanna, agus go tráthúil, tá sé lán le scéalta, staitisticí agus nithe suimiúla eile faoi na toghcháin a chuaigh roimhe le seasca bliain– ó bunaíodh an Stát.
Agus duine á léamh sa mbliain 1981, meas tú an raibh mórán a bheadh in ann a thuar cé a bheadh fós beo agus gníomhach sa mbliain 2024? Cé a bheadh ina Thaoiseach san am a bhí le teacht, cé a bheadh ina Coimisinéir san Eoraip, cé a bheadh ina Uachtarán?
Is é fírinne an scéil ná nach mbeadh tuairim agat.
Nuair a scríobhadh an t-ábhar a bhí sa leabhar, ní raibh acu ach na fíricí stairiúla – cé a bhuaigh suíochán, cé a chaill, cé a bhí ina mhúinteoir roimhe sin, cé a bhí pósta agus mar sin de.
Inseoidh mé daoibh ar ball, cé a mhair an t-achar is faide sa bpolaitíocht – agus cé mar a d’éirigh leis an chéad uair ar sheas sé don Dáil. An ‘Survivor’.
Fir is mó atá sa leabhar ar ndóigh. Ach seasann mná áirithe amach.
Tá pictiúr deas de Mháire Geoghegan-Quinn in éineacht le Ray MacSharry agus Albert Reynolds tar éis di a bheith ceaptha ina haire rialtais. Ach is mó atá ráite sa téacs faoina hathair Johnny Geoghegan ná mar atá ann fúithi féin.
Ní raibh tada sa leabhar a thabharfadh le fios go mbeadh sí ar an gcéad bhean a bheadh ina haire sa rialtas ó bhí an Chuntaois Markievicz ann. [Ceapadh í ina hAire sinsearach don Ghaeltacht sa mbliain 1979.] Go dtabharfadh sí isteach reachtaíocht a chuirfeadh deireadh leis an gcoiriúlacht a bhain le homaighnéasacht. Go mbeadh sí ina Coimisinéir in Aontas na hEorpa agus ar Chúirt na nIniúchóirí Eorpacha ansin freisin.
Ag fanacht le Gaillimh Thiar – an gcreidfeá go raibh triúr Teachtaí Dála ag Fianna Fáil uair amháin ansin agus gan ach ceithre shuíochán sa Dáilcheantar? Agus go raibh an Comhairleoir Micheál Ó Móráin as Carna ag seasamh dóibh freisin sa Dáilcheantar céanna? Thug sé síob domsa uair amháin go dtí Ard-Fheis Fhianna Fáil san RDS. Bhí mé ag obair don pháipéar Amárach ag an am. Cuimhním fós air – na sluaite, an torann, an scléip, an turas fada sa gcarr.
Ní raibh tada san Magill Book of Irish Politics a thabharfadh le fios go scarfadh Bobby Molloy ó Fhianna Fáil lá níos faide anonn agus go mbeadh sé ar dhuine de bhunaitheoirí páirtí nua sa mbliain 1985, na Progressive Democrats.
Thuas i Maigh Eo bhí múinteoirí scoile tar éis suíocháin a bhuachan – duine i 1975 agus duine eile sa bhliain 1977 – an bhliain ar bhuaigh FF le móramh mór millteach faoi Jack Lynch.
Níl ach cúpla líne fhánach faoi Enda Kenny a bhuaigh an fothoghchán i 1975, ar bhás a athar Henry. Bhí poist éagsúla aige nach raibh aon tábhacht leo. Ní raibh sé pósta, ní raibh aon pháiste aige. Ní raibh aon rud suimiúil le rá faoi. Ach, faoi 2011, bhí sé ina Thaoiseach ar an tír.
Tá suim ar leith agam sa bhfear a bhuaigh an suíochán i 1977- toisc gurbh é Pádraig Flynn an Teachta Dála nua – a bhíodh ag múineadh leadóige dúinne sa scoil i Maigh Eo tráth. Measann sibh ar chuir sé é sin ar a CV?
Sin fear eile a chríochnaigh ina Choimisinéir san Eoraip agus ar thit an tóin as a shaol polaitíochta nuair a rinne sé casaoid ar an Late, Late Show faoi na costais a bhain le bheith ag coinneáil trí theach cónaithe i dtíortha éagsúla.
Toisc go bhfuil na figiúirí a bhaineann le chuile thoghchán ann ó bhunú an Stáit tá sé suimiúil súil a choinneáil ar dhaoine áirithe de réir mar a bhíonn ag éirí leo, beagán ar bheagán, toghchán i ndiaidh toghcháin, go dtí an nóiméad a mbaineann siad suíochán amach ar deireadh. Agus ar ndóigh tá na scéalta ann freisin fúthu siúd nár éirigh leo ariamh iad féin a théamh cois tine i nDáil Éireann.
Agus an duine is faide i saol na polaitíochta nó san saol poiblí in Éirinn?
Bhuel, sheas sé do Ghaillimh Thiar in Olltoghchán na bliana 1969. Agus fuair sé vóta níos ísle na iarrthóir Chearta Sibhialta na Gaeltachta, an Neamhspleách Peadar Mac an Iomaire. Fuair Peadar 1,522 vóta agus fuair iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre, 1,174 vóta.
B’in í an chéad bhliain a sheas Michael D Higgins, léachtóir ollscoile, don Dáil. Ach choinnigh sé air, toghchán i ndiaidh toghcháin, fuair sé suíochán sa tSeanad agus ar deireadh suíochán Dála.
Toghadh é ina Uachtarán ar an tír sa mbliain 2011 den chéad uair agus atoghadh é sa mbliain 2018. Ghnóthaigh sé beagnach milliún vóta sa toghchán sin (822,566 vóta céadrogha). Beidh sé ina Uachtarán go dtí an bhliain 2025.
Ach ní chuirfeadh éinne scilling féin air sa mbliain 1969 go dtarlódh a leithéid. Anois, a Pheadair, dá gcoinneodh tú ort tar éis an toghcháin sin i 1969?
Fág freagra ar '‘Survivor’ na polaitíochta – bíonn sé deacair a dhéanamh amach ag an tús cé a bheas ann ag an deireadh'