Céard í an chuimhne is mó a bheidh agat ar 2024?
An slad in Gaza.
Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2024?
Barántas gabhála á eisiúint do cheannairí Iosrael agus Hamas.
Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2024?
An slad i nGaza.
Cén tír nó áit speisialta ar thug tú cuairt air i mbliana?
Manchain i Sasana
Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad iad na cláracha, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort i mbliana?
Chuaigh an clár teilifíse Crá a rinne TG4 / BBC Thuaisceart Éireann i bhfeidhm go mór orm agus an leabhar Cahokia Jazz le Francis Spufford.
Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú i mbliana?
Nach bhfuil a shárú ann ach do thinteán féin. Go bhfuil dídean de dhíth ar achan duine.
Ar éirigh leat déanamh de réir aon rún a bhí agat ag tús na bliana?
Níl rún ar bith agam. Tá mé chomh hoscailte le geataí na bhflaitheas.
*Tá an leabhar Journeywork, a creative life le Dave Duggan (Nerve Centre, 2024) ar fáil ó shiopa leabhar Little Acorns i nDoire
Fág freagra ar 'SÚIL SIAR AR 2024: ‘Tá mé chomh hoscailte le Geataí na bhflaitheas’'