Bhí dhá léamh i dTuaisceart Éireann ar thorthaí na vótála an tseachtain seo caite.
‘An chontúirt go gcuirfeadh an t-olltoghchán ó dheas fuinneamh sa bhfeachtas chun reifreann faoin teorainn a rith go luath maolaithe ag an toradh,’ léamh amháin a bhí ann.
‘Spreagadh faighte ag feachtas an reifrinn toisc go raibh tagairtí d’aontú i gcláracha toghcháin ag trí nó ceithre pháirtí,’ a mheas cuid eile.
Cor nua is ea oiread spéise is a bhí sa Tuaisceart san olltoghchán ó dheas. Go traidisiúnta ba bheag aird a thugadh na meáin mhóra abhus, cé is moite den Irish News, ar pholaitíocht na poblachta. Tá an scéal sin athraithe le tamall de bhlianta agus an geábh seo bhí clúdach forleathan ar na meáin uilig le linn an fheachtais agus an chomhairimh. Tá suim mhór freisin sa gheáitsíocht nó cluiche fichille faoi chomhdhéanamh an rialtais agus a rian sin ar Thuaisceart Éireann. Tá polaitíocht an deiscirt sa nuacht ó thuaidh ó chuir fás Shinn Féin ar dhá thaobh na teorann casadh nua ar chúrsaí, mar a rinne an Breatimeacht chomh maith. Sa dá chás neartaíodh imní na n-aontachtach faoi Éire aontaithe agus treisíodh dóchas náisiúnach inti.
Deir aontachtaithe fós nach mbaineann gnóthaí ar an taobh eile den teorainn leo ach fuair siad a mhalairt amach le linn na hidirbheartaíochta faoin Aontas Eorpach a fhágáil. Bhain cumas rialtas na hÉireann chun tionchar idirnáisiúnta a imirt siar astu. Thairis sin tá a fhios acu gur spreagadh go leor daoine a bhí míshásta faoina mballraíocht san Aontas Eorpach a chailliúint chun suim a chur in Éirinn aontaithe. Maíonn siad gur cothú guagachta gan údar is ea caint ar reifreann faoin teorainn cé go bhfuil sé faofa i gComhaontú Aoine an Chéasta.
Diúltaíonn na páirtithe aontachtacha páirt a ghlacadh sa phlé faoin gceist ach tá a fhios acu nach dtig leo stop a chur leis. Tá polaiteoirí amhrasach faoi gciste cabhrach ó scéim an oileáin chomhroinnte, Doug Beattie ag glaoch capall na Traí air. Tá roinnt grúpaí pobail breá sásta glacadh le deontais áfach, deir cuid acu nach ionann sin agus iad a bheith á gceannach; creideann a thuilleadh go bhfuil ciall le comhoibriú agus cothú aithne agus athmhuintearais sa ngearrthéarma ar aon nós.
Ní nach ionadh ó deir Sinn Féin gurb é aontú na hÉireann a bpríomhsprioc, go dteastaíonn uathu siúd go leagfaí síos clocha míle agus dáta don vóta. Bhain an dul chun cinn mór a rinne siad san olltoghchán in 2020 croitheadh as aontachtaithe – chomh maith le páirtithe an deiscirt. Ba léir sna blianta nuair a bhí tacaíocht ollmhór dóibh á léiriú i bpobalbhreitheanna agus Mary Lou McDonald á canadh mar an chéad Taoiseach eile go raibh aontachtaithe míshuaimhneach faoi na ciallachais dóibhsean a bheadh ag na poblachtánaithe a bheith i gcumhacht ar dhá thaobh na teorann.
B’údar uchtaigh do roinnt é laige Shinn Féin sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha i mbliana, chomh maith leis an tuar go gcuirfeadh scannail an fhómhair laincis eile orthu. Théarnaigh siad le linn an fheachtais áfach, ní raibh an toradh chomh holc is a ceapadh a bheadh mí sular fógraíodh an vótáil ach ní raibh sé inchomparáide lena gcúrsa abhus. Cé go raibh Sinn Féin sa dara háit ó thaobh suíochán, taobh thiar d’Fhianna Fáil agus suíochán chun tosaigh ar Fhine Gael, ba bhuille trom dóibh titim 5.5% ar a vóta, laghdú i bhfad níos mó ná a d’fhulaing FF nó FG.
Rinne Mary Lou McDonald agus Michelle O’Neill a ndícheall chun casadh dearfach a chur ar an toradh, O’Neill ag maíomh as líon na dTeachtaí Dála. Dúradar beirt go raibh feachtas an aontais neartaithe agus páirtithe eile ag léiriú spéis ann freisin. Bhí an port céanna ag dornán beag dá lucht molta ach ní raibh mórán de chosúlacht ar an scéal gur aontaigh gach éinne dá lucht leanúna abhus.
Bhí go leor díomuach faoin toradh agus sioscadh ar an gcúlráid faoi theaicticí an pháirtí. Bhí roinnt den dream is gníomhaí i mbun feachtais d’Éirinn nua ag súil gurb é páirtí an Lucht Oibre nó na Daonlathaithe Sóisialta a bheadh sa rialtas le FF agus FG seachas neamhspleáigh ‘nach mbeadh suim ar bith acu i dtionscnamh athaontaithe’.
I measc aontachtaithe cheap roinnt gurb amhlaidh a bheadh SF níos gníomhaí ag éileamh reifreann faoin teorainn i ngeall ar a gcéim ar gcúl. Tá an chontúirt maolaithe, go ceann tamaill ar aon nós, dar lena thuilleadh. Tá siadsan den bharúil go mbeidh SF gnóthach ag iarraidh eagar a chur ar an bpáirtí ó léirigh na scannail faoi McMonagle agus Niall Ó Donnghaile go bhfuil gá le hathchóiriú ar an eagraíocht.
Is cosúil go mbeidh siad ag féachaint le comhthuiscint a chothú le comhghuaillithe ar an eite chlé; is deacair a thuiscint cén fáth nach ndearna siad an obair sin roimh an toghchán. Ní gá dóibh a leithéid a dhéanamh i dTuaisceart Éireann, nó níor ghá go dtí seo mar ba bheag nár shlog siadsan an SDLP, ach sa deisceart tá páirtnéir(í) riachtanach, gnó a ndearna siad faillí ann.
Fág freagra ar 'Cor nua is ea oiread spéise is a bhí sa Tuaisceart san olltoghchán ó dheas'