Bliain na dtoghchán a léirigh sásamh agus míshásamh in éineacht

Tá an chuma bhunúsach chéanna ar an léarscáil pholaitiúil tar éis trí bhabhta vótála i mbliana

Bliain na dtoghchán a léirigh sásamh agus míshásamh in éineacht

Thug trí thoghchán deis do vótálaithe a n-ionadaithe áitiúla, náisiúnta agus Eorpacha a roghnú in 2024.

Níor léirigh na roghanna a rinneadar in aon toghchán athrú mór ar mheon an phobail maidir le riar na tíre cé nár léirigh siad muinín láidir as páirtithe an rialtais.

Tá an chuma bhunúsach chéanna ar an léarscáil pholaitiúil tar éis trí bhabhta vótála i mbliana agus a bhí uirthi anuraidh.

Tá thart ar dhá thrian de na vótaí á roinnt go leanúnach idir Fianna Fáil, Fine Gael agus Sinn Féin.

Ceart go leor, d’fhág torthaí an olltoghcháin bearna shuntasach nua idir líon na dTeachtaí atá ag Fianna Fáil sa Dáil nua (48) agus ionadaithe Shinn Féin (39) agus Fhine Gael (38). Ní mar gheall ar mhéadú suntasach ar thacaíocht céadrogha áfach a chuaigh Fianna Fáil chun cinn orthu ach toisc gurb iad is mó a tháinig i dtír ar vótaí aistrithe.

Is féidir a rá go deimhin gurb é an laghdú ar vótaí Shinn Féin agus an Chomhaontais Ghlais an t-athrú is soiléire agus is tábhachtaí a léirigh torthaí an olltoghcháin má chuirtear iad i gcomparáid le torthaí olltoghchán 2020.

Cé go bhfuil beirt sa bhreis i bpáirtí parlaiminteach Shinn Féin sa Dáil nua níor éirigh leis an bpáirtí cuid mhór den tacaíocht a cailleadh sa tréimhse roimh an olltoghchán a fháil ar ais.

Is é an greadadh gan trócaire a thug vótálaithe do na Glasaigh san olltoghchán an t-athrú meoin is follasaí a léirigh na torthaí agus gan ach Teachta amháin, an ceannaire Roderic O’Gorman, sa Dáil nua as an dáréag a bhí acu sa Dáil dheireanach.

Is díol suntais an chontrárthacht idir greadadh chomh láidir a bheith tugtha don Chomhaontas Glas cé gur thug pobalbhreith iarvótála le fios gur dhóigh le 51 faoin gcéad nach raibh dóthain déanta ag an rialtas chun déileáil leis an athrú aeráide.

Léirigh an suirbhé céanna gur tithíocht – idir chostas agus ghanntanas – an t-ábhar is mó a bhí ag dó na geirbe ag na vótálaithe, mar a léirigh pobalbhreitheanna eile. Chuaigh líon na ndaoine a bhí ag brath ar lóistín éigeandála (14,966, agus 4,645 páiste san áireamh, de réir an chuntais a d’eisigh an Roinn Tithíochta lá an olltoghcháin) i méid go leanúnach ó thús go deireadh na bliana.

Níor éirigh le páirtí ar bith a chur ina luí ar an bpobal go leigheasfadh a bpolasaithe an ghéarchéim, fiú sa mheántéarma. Cúis imní don chóras polaitiúil é go bhfágfar mionlach abhus (agus i gcéin) cheal dóchais ar feadh i bhfad gur féidir áit chónaithe a aimsiú ar phraghas nó ar chíos réasúnta.

Sara n-éirítear as an gcaint ar thoghcháin, ní foláir tagairt a dhéanamh do bhua Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain a chuir tús le feabhsú ar an gcaidreamh le hÉirinn, agus do bhua Donald Trump sna Stáit a spreag míshocracht ar fud an domhain toisc ceannaire chomh guagach a bheith ar tí filleadh ar an Teach Bán.

Spreagadh míshocracht abhus nuair a mhol an rialtas deireanach leasuithe ar airteagail sa Bhunreacht a bhaineann leis an teaghlach agus le cúramóirí. Sna reifrinn i mí an Mhárta vótáil thart ar dhá thrian in aghaidh an dá leasú – toradh a léirigh athrú iomlán ar thuairimí an phobail a bhí go mór i bhfabhar an dá leasú nuair a thosaigh an feachtas.

Tháinig dea-scéal aduaidh i mí Feabhra nuair a thoiligh an DUP dul i mbun roinnt na cumhachta arís agus Céad-Aire ó Shinn Féin, Michelle O’Neill, i gceannas den chéad uair riamh.

Ní féidir cur síos cuimsitheach ná cothrom a dhéanamh ar chúrsaí polaitíochta in 2024 gan tagairt do chúrsaí inimirce. Toghadh dornán iarrthóirí a mhol go gcuirfí stop ar an inimirce sna toghcháin áitiúla ach is lasmuigh den chóras polaitiúil a chuir go leor daoine eile a dtuairimí ar an ábhar céanna in iúl.

Bhí a gcuid agóidíochta measartha agus síochánta in áiteanna. Bhí sí bagrach, gránna agus dainséarach uaireanta in áiteanna eile.

Tá feabhas ar phróiseáil iarratas tearmainn geallta agus mhol Sinn Féin gur chóir ionaid lóistín d’iarrthóirí tearmainn a lonnú i gceantair shaibhre. Is é bun agus barr an scéil áfach nach bhfuil réiteach ar na bunfhadhbanna – conas teacht daoine gan fíorchás tearmainn a shrianadh agus conas ionaid a aimsiú dóibh siúd a thagann –ag páirtí ar bith fós.

Tá baint ag cúrsaí inimirce le fadhb eile nár tugadh aghaidh uirthi go héifeachtach fós: bagairt, imeaglú agus ionsaithe ar ionadaithe tofa agus ar iarrthóirí toghcháin.

D’eagraigh dreamanna éagsúla (gan ainm de ghnáth agus mascanna orthu go minic) ‘agóidí’ taobh amuigh de thithe airí agus Teachtaí Dála.

Dúirt an Teachta James Lawless ó Fhianna Fáil, tar éis eachtra dá leithéid taobh amuigh dá theach i gcontae Chill Dara i mí an Mheithimh, gur scanraigh an agóid a bhean chéile agus a pháistí (ní raibh sé féin i láthair). D’aontaigh sé le saoirse agóide, a dúirt sé, ach ba chóir agóidíocht taobh amuigh de thithe cónaithe a chosc.

Bhagair duine gan ainm go maródh sé Mary Lou McDonald. Cuireadh foláirimh go dtí Simon Harris agus Helen McEntee go raibh buamaí ina dtithe cónaithe – ní raibh, ach b’éigean a dteaghlaigh a bhogadh amach le linn cuardaigh. Chruinnigh fir a raibh mascanna orthu taobh amuigh de theach Harris agus de theach cheannaire an Chomhaontais Ghlais, Roderic O’Gorman.

Ba léir do dhaoine réasúnta an brú a chuir imeaglú dá leithéid ar pholaiteoirí agus ar dhaoine atá ina gcónaí in éineacht leo. Tá reachtaíocht molta ag Micheál Martin ach ní léir fós go gcuirfear a ndúirt sé i bhfeidhm ainneoin an míshuaimhneas atá ar mhórán ionadaithe tofa.

Chuir muintir Luimnigh tús le ré nua i gcóras rialtais áitiúil na tíre i mí an Mheithimh nuair a thogh siad John Moran mar mhéara i mí an Mheithimh. Neosfaidh an aimsir an mbeidh iar-ardrúnaí na Roinne Airgeadais ábalta a thaispeáint go rachaidh a chumhacht theoranta chun tairbhe don chathair agus don chontae.

Mar fhocal scoir, is fiú cuimhneamh ar na daoine a bhí i gceannas ar pháirtithe bliain ó shin agus gan deireadh ré á thuar dóibh ach a d’éirigh as oifig in 2024: Leo Varadkar, Eamon Ryan, Colum Eastwood, Doug Beattie agus (ar chúiseanna dlí) Jeffrey Donaldson.

Nod don eolach, arís eile: níl aon chinnteacht sa saol polaitiúil ach an éiginnteacht.

Fág freagra ar 'Bliain na dtoghchán a léirigh sásamh agus míshásamh in éineacht'