Sraith seaimpíní na polaitíochta
Is mó a shamhlaím polaitíocht na hÉireann le comórtas lofa sacair ná coimhlint ionraic spóirt ar na saolta seo. Lá den tsaol, bhí Corn na Seaimpíní ann – comórtas Eorpach nach raibh cead ach ag buaiteoirí craoibhe príomhroinne páirt a ghlacadh ann. Bhí ort, sa tseansaol, Roinn 1 den tsacar a bhaint. Ba tú an fhoireann ab fhearr i do thír agus sin a raibh de.
D’imigh sin agus tháinig sraith na seaimpíní; cuireadh áiteanna breise ar fáil d’fhoirne nár bhain an phríomhroinn ach a bhí iomráiteach mar chlubanna ina ainneoin sin. Níor ghá go mbeadh club sa chéad áit go náisiúnta le go mbeadh siad san iomaíocht don phríomhghradam agus, amharc, go raibh airgead le fáil ag gach aon duine – lucht urraíochta; na feidhmeannaigh; na himreoirí; lucht beorach agus criospaí; lucht óstáin; lucht eitleáin…
Tá an tsamhail chéanna de chomórtas anois sa pholaitíocht abhus: Fianna Fáil; Sinn Féin; Fine Gael agus eile san iomaíocht d’ardghradam stáit; toil chuid den phobal leo agus mórán ina n-éadan ach deis ag na polaiteoirí – agus a gcliar seasta tacaíochta – leathlámh a choinneáil ar chluas an choirn. Níl siad in ann an corn a thabhairt abhaile ach tá sé ina seilbh go fóill.
B’fhéidir gur chóir dúinn a rá faoi pháirtithe polaitíochta an Stáit nach gcailleann siad toghchán níos mó, in áit a rá go mbaineann siad iad.
Níor vótáil ach beagan níos lú ná 60% faoin chéad de na vótóirí san olltoghchán deireanach, rud a léiríonn go bhfuil an pobal ag cailleadh spéis sa chluiche áirithe seo. Ag Fianna Fáil an líon ba mhó suíochán; ag Sinn Féin an dara háit; ag Fine Gael an tríú háit, bíodh is go raibh sciar beag ní ba mhó vótaí céadrogha ag Fine Gael ná Sinn Féin agus gur thit sciar chéadrogha Shinn Féin ón toghchán deireanach. Roinn an chuid eile de na páirtithe beaga agus iarrthóirí neamhspleácha a raibh fágtha den tsubh.
Buaileam sciath a rinne gach aon pháirtí mór faoi na torthaí ach ba é fírinne an scéil é nach raibh toil mhórchuid an phobail le ceann ar bith acu.
Tá cuimhne ag an scríbhneoir seo ar Fhianna Fáil nuair a bhí siad i mbarr a réime, an chéad rogha go mion minic ag na vótóirí, agus an eagla, an fhearg agus an díomá a bhí ar lucht an pháirtí sin nuair a bhí orthu dul isteach i gcomhrialtas, den chéad uair riamh le haon pháirtí amháin eile, gan a bheith ag caint ar phéire, agus an tsean-namhaid ar cheann acu sin.
Bua? Sea. Beidh gradam, cumhacht, airgead agus tionchar ag Fianna Fáil go cionn tamaill eile ach conablach de ghluaiseacht náisiúnta atá ann faoin am seo. Fís? A Thiarna, is mó iarracht a rinne Charlie Haughey féin le híomhá an náisiúin a chothú, dá bhréagaí é. Cé a shamhlaíonn a dhath ar bith den tsórt sin le Fianna Fáil anois?
Tá siad i gcumhacht agus ní bheidh olc ar bith acu dó sin ach tá toil an phobail ag líonadh agus ag trá; páirtí i measc páirtithe eile iad anois. Tig leo buntáiste a bhaint as an chóras polaitíochta – agus bhain – ach sin a bhfuil ann. Más de réir a chéile a thógtar na caisleáin, is de réir a chéile a leagtar iad fosta.
Agus Sinn Féin? Éacht, mheasfá, a bheith ar an dara páirtí is mó sa Dáil agus an ceann ab fhearr ar fháil ar na Léinte Gorma, ar a laghad ar bith. Faraor, ní ceannaire í Mary Lou McDonald; bainisteoir atá inti agus bainisteoir nach bhfuil ach go measartha lena chois sin. Sinn Féin? An rogha réabhlóideach? An páirtí atá leis an Stát a chur bunoscionn? Cá huair? Cá mhéad deis eile atá de dhíth? Na réabhlóidithe is foighní ar an domhan faoin am seo.
Fine Gael – cic deas sa tóin do na daoine measúla a bhí san olltoghchán, cur i gcuimhne do Thóraithe na hÉireann nach bhfuil ach lucht an airgid agus les clercs ar a son. Ó, sea, is iad is glice agus is slítheánta de na páirtithe; níl drogall orthu droim láimhe a thabhairt le ceannaire má mheasann siad a rás polaitiúil a bheith rite – Slán Enda! Slán Leo! Fáilte, Simon! (Go fóill beag!)
Is iad an páirtí is mó a thuilleann bogchlúdach nuachta ar mheáin ‘mheasúla’ na hardchathrach. Oiread chéanna le Fianna Fáil, tig leo bua agus buntáiste a bhaint as an chóras ach sin a bhfuil ar a son acu.
An fada uainn pósadh dlíthiúil idir FF agus FG nó an fearr leo cónaí a dhéanamh in aontíos go cionn i bhfad? Sea, tá go leor daoine sa dá pháirtí ag brath ar ioncam na polaitíochta. Ach an fiú dóibh leanstan den chur i gcéill gur dhá pháirtí dhifriúla iad nuair is léir gur dhá eite den ghluaiseacht chéanna polaitíochta iad: doirte don Aontas Eorpach, frithnáisiúnach, frithneamhspleáchas agus ar son lucht an airgid?
Agus an chuid eile – na mionpháirtithe agus na hiarrthóirí neamhspleácha? Ag snámh in éadan an easa atá siad uilig. Beidh siad uilig – bíodh siad ar dheis, i lár an aonaigh nó ar chlé – thuas seal, thíos seal agus gan teacht acu ar na deiseanna céanna poiblíochta, agus tacaíocht airgid, atá ag na páirtithe móra faoin am seo. Taoisigh tuaithe a bheas iontu, más mian leat, iad in ann a ráth áitiúil a chosaint ach gan a bheith in ann feachtas rathúil náisiúnta a chur ar bun.
Trumpfaidh ár lá!
Ag Trump an lá, an chraobh agus corn i saol na polaitíochta i mbliana. I muinín an idirlín, den chuid ba mhó, a bhí an scríbhneoir seo le ciall a bhaint as imeachtaí toghcháin na Stát Aontaithe: pobalbhreitheanna, tuairimíocht agus staitisticí a chuirfeadh soir thú.
Is léir, i ndiaidh an iomláin, gur beag foinse iontaofa eolais a bhí le fáil ar stáisiúin agus nuachtáin thraidisiúnta na Stát Aontaithe, rud a d’fhág an duine seo i muinín cuardach rialta idirlín le teacht ar fhoinsí eile, foinsí nach raibh imprematur na seanainmneacha uaisle orthu ach a bhí, ar an iomlán, ní ba chruinne ina gcuid tarngaireachtaí ná boic mhóra NYC agus LA.
Chuir díth nuachtáin nó craoltóra a bhí iontaofa ionraice cumha orm. Sea, bhí siad riamh claonta, a deir tú. Bhí ach bhí deis i gcónaí ann mír nó blaisín nó slisín den fhírinne a aimsiú i gcló nó ar na haerthonntaí in áit inteacht. An bhfuair tú buille faoi thuairim ar bith ó RTÉ, BBC nó nuachtáin thraidisiúnta Bhaile Átha Cliath nó Londan go raibh seans ag Trump? Agus sa chás nach bhfuair, cad é is fiú amharc orthu nó díol astu?
Tharla an rud céanna agus imeachtaí sa tSiria ag titim amach. Níor luaithe go bhfaca mé cinnlínte an BBC agus Sky – dhá fhoinse nach bhfuil muinín agam astu – go raibh an lámh in uachtar ag “reibiliúnaigh” sa tSiria gur thosaigh mé an cuardach traidisiúnta le foinsí neamhspleácha a lorg ar YouTube. B’ionann na “reibliúnaigh” ag BBC, Sky agus nuachtáin mheasúla na Breataine agus “sceimhlitheoirí” ag tráchtairí neamhspleácha eile de chuid an ardáin sin. Agus, amharc, ar ball, fuair na meáin mhóra amach go raibh cuid de na “reibiliúnaigh” chéanna luaite le Al Qaeda agus grúpaí míshona eile lá den tsaol.
Níl, arís, imprematur ardsotalach na dteideal traidisiúnta nuachta ar thráchtairí YouTube seo agus is gá i gcónaí a bheith cúramach. Ní fiú foinse amháin bolscaireachta a mhalartú d’fhoinse eile bolscaireachta. Ní bheidh cumha ar an scríbheoir seo i ndiaidh Assad ach bheinn in amhras ar fad faoi dhintiúirí daonlathacha na “reibiliúnach” agus miantaí agus cuspóirí na ndaoine atá taobh thiar díobh.
Míle trua liom ar fad cás na cosmhuintire sa tSiria agus sa réigiún ar fad.
Bí ag léamh
Tharla gur fhoilsigh an iris The Atlantic – nach léim le bheith ionraice – alt faoi chúrsaí léitheoireachta agus aos ollscoile, is é sin, an dua a chuireann an léitheoireacht ar fhochéimithe sa lá atá inniu ann.
Bhí eagrán Nollag Comhar á léamh agam ag an am agus é líon lán le moltaí ag scríbhneoirí (mise ina measc) faoina rogha leabhar in 2024. Ba dhoiligh dom gan ceist a chur orm féin: cá mhéad leabhar a léigh mé, bíodh Gaeilge nó Béarla, i gceist i mbliana?
Bheinn ag inse bréag dá ndéarfainn go léim an t-uafás ar na saolta seo. Cuirtear leabharthaí chugam le léirmheas agus ceannaím ábhar eile dom féin; ach is fusa an leabhar a cheannach ná a léamh. Oiread chéanna leis an mhuintir óga, caithim i bhfad barraíocht ama ag gruaimscrolláil ar líne.
Cibé, is olc an ghaoth nach séideann maith ar bith agus d’aimsigh mé beirt ar líne a rinne plé thar a bheith maith ar an cheist: Jared Henderson, fealsamh neamhspleách taobh amuigh den ollscoil – “Briseann an dialachtaic trí shúile an chait” – agus cainéal eile, according to Alina, bean óg a bhfuil an dúpséis aici sa litríocht agus a labhrann go heolach ar an ábhar.
Bhain mé an-sult as comhrá na beirte agus léiriú a bhí ann ar an mhaith atá le baint as YouTube ach úsáid chiallmhar á bhaint aige. Cinnte, d’aithin mé go raibh cuid de na rudaí a luaigh siad – easpa diongbháilte i leith na léitheoireachta – mar locht orm féin.
Dhéanfaidh mé níos fearr – a luaithe a amharcann ar an fhísteip faoi uaireadóirí; cúrsaí scannán; cúrsaí spóirt…
Substaint na Bliana
Níl an chéimiúlacht chéanna ag baint le scannáin uafáis agus atá le drámaí ná seánraí eile scannán. Ach ba é The Substance an scannán ab fhearr a chonaic mé in 2024 – mo leithscéal Kneecap! – cliar beag – Demi Moore agus Margaret Qualley – agus iad i mbarr a maitheasa.
Coralie Fargeat, Franach, a scríobh agus a stiúraigh agus, sea, bhí an scannán áiféiseach, cad é eile a mbeifeá ag dúil leis i scannán aorach corpuafáis? Rinne sé critic ar shaol an cheiliúráin i Hollywood nach bhfeiceann tú go minic agus scannán é a raibh insint lom ann ar an bhrú a chuirtear ar mhná, agus an brú a chuireann mná ar mhná, le cuma na scéimhe a chur orthu féin agus a choinneáil orthu féin.
Is minic a bhí Moore agus Qualley le feiceáil ina gcraiceann le linn an scannáin – rud thar a bheith cróga ar laethanta seo an idirlín nach ndearmadann – ach cuid lárnach den scéal a bhí ann agus stiúrthóir Francach a raibh ciall ar leith aici do na radharcanna seo.
(Tá Qualley ag cur lena clú mar aisteoir, dála an scéil. Chonaic mé í i scannán eile, Drive-Away Dolls, coiméide leispiach, le linn 2024. Sea, tá an ceart agat, is i bhfad ó scannáin ghrinn leispiacha a tógadh mé ach scannán taitneamhach is ea scannán taitneamhach.)
Tharla fosta go raibh scannán eile uafáis ar dóigh ann ag deireadh 2024 le Hugh Grant – Heretic. (Buíochas do Dhia, ní raibh Grant le feiceáil lomnocht sa cheann seo.) Bhain an scannán sin le cúrsaí creidimh agus a lucht leanúna. Sophie Thatcher agus Chloe East a bhí i gcuideachta Grant agus iad ar aisteoirí chomh maith agus a chonaic mé riamh.
Agus, ó, iníon le Andi MacDowell í Qualley agus bhí MacDowell le feiceáil le Grant in Four Weddings and a Funeral fadó fadó.
Rotha móra an scannáin.
Fág freagra ar 'Na réabhlóidithe is foighní ar an domhan – súil siar ar 2024'