Conspóid Mhuiríne an Daingin, taisí WB Yeats agus achrann sa bhForas Teanga trasteorann

Bhí conspóidí éagsúla idir chamáin i dtochailt bhliantúil Nuacht TG4 in ábhar na cartlainne náisiúnta

Conspóid Mhuiríne an Daingin, taisí WB Yeats agus achrann sa bhForas Teanga trasteorann

Ar an Déardaoin thug TG4 faoina thochailt thomhaiste bhliantúil ar ábhar na cartlainne náisiúnta. Mar is dual don chlár bhí béim faoi leith ar scéalta Gaeilge agus Gaeltachta a bhí sna comhaid a scaoileadh. I gclár an Déardaoin deineadh iniúchadh ar an teannas idir an Foras Teanga trasteorann agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha, tugadh  léargas ar an gcúis nár tógadh muiríne phríobháideach sa Daingean i dtosach na nóchaidí agus labhraíodh faoin gconspóid a lean athadhlacadh taisí W.B. Yeats i Sligeach.

Faoi mar is eol don saol Fódlach tá muiríne bhreá i gcuan an Daingin, gar don ché i lár an bhaile. Tráth dá raibh, áfach, bhíothas ag iarraidh ceann príobháideach a thógaint ar thailte Óstán na Sceilge ar imeall an bhaile. Ní nach ionadh bhí muc ar gach mala ar mhuintir na háite. An ghoimh orthu go raibh lucht gnó gustalach ag iarraidh greim a bhreith ar chuid den chuan agus satailt ar chearta slí. Eagla ar lucht gnó chomh maith, b’fhéidir, go rachadh cuid dá ngnó soir leis an muiríne.

Is deas mar a thug tuairisc phointeáilte Sheáin Mhic an tSíthigh sinn ar ais chuig conspóid, agóidí agus aighneas 1992.

Ba é an fear gnó gustalach Xavier McAuliffe, duine d’úinéirí an Óstáin agus an té a bhí mar cheann feadhna ar thogra na muiríne a chosnódh timpeall £5.8 ag an am. Bhí sé cairdiúil le Charlie Haughey agus níor cabhraigh sin le tuiscintí an phobail go raibh polaiteoirí i bpáirt le dream gnó leis an togra a bhrú chun cinn. I ndeireadh na dála b’éigean fiosrúchán poiblí a reáchtáil leis an scéal a chíoradh. Léirigh comhaid na cartlainne gur abláil fé chúrsaí pleanála ar urthrá  ba chúis le cinneadh an Ard-Aighne treorú d’Aire na Mara an ceadúnas urthrá a chur ar ceal. Bhí paistí deasa cainte againn le TP Ó Conchúir agus Seán Ó Brosnacháin agus ar ais sa stiúideo bhí anailís ghrinn againn ón Ollamh Emeritus Gearóid Ó Tuathaigh is é i mbun cainte le Máire T. Ní Mhadaoin.

Bhí dhá thuairisc phointeáilte againn ó Shinéad Ní Neachtain, ceann faoi chonspóid a lean taisí W.B. Yeats nuair a deineadh iad a athadhlacadh i Sligeach agus ceann faoin bhForas Teanga. Thug an dara ceann acu sin ar ais chuig 2002 sinn agus gan an Foras Teanga trasteorann ar an bhfód ach le cúpla bliain. Duine achrannach ba ea Tiarna Laird, an duine a bhí i bhfeighil ar an nGníomhaireacht Ultaise de chuid an Fhorais. “Fear gan stuaim, gan staidéar,” a bhaist Ó Tuathaigh air agus údar aige mar gur chaith sé a chuid ama ag iarraidh barrthuisle a bhaint as Foras na Gaeilge.

Bhagair sé an dlí go minic agus bhain ceann acu sin le bailíocht cheapachán Sheosaimh Mhic Dhonncha mar phríomhfheidhmeannach óir nár chuathas i gcomhairle leis féin. Léirigh an tslí ar déileáladh leis, agus le cás Stan Mallon (a ciontaíodh as iarracht a dhéanamh cailín faoi aois a mhealladh chun gnéis) cé chomh cigilteach agus goilliúnach, go polaitiúil, a bhí feidhmiú an Fhorais Teanga.

Oilithreacht bhreá bhliantúil.

Fág freagra ar 'Conspóid Mhuiríne an Daingin, taisí WB Yeats agus achrann sa bhForas Teanga trasteorann'