Rinneadh bagairt, imeaglú nó go deimhin ionsaí ar dhuine as gach seachtar scríbhneoirí san Ísiltír le bliain anuas, a léiríonn tuarascáil a foilsíodh an tseachtain seo.
Cé go ndíríonn an taighde sin ar an Ísiltír go sonrach, tá sí ar an gceann is mó dá leithéid dá ndearnadh riamh in aon áit ar domhan (ghlac 1,689 scríbhneoirí páirt inti) agus gach seans nach mbeadh na torthaí an-éagsúil sa chuid eile d’iarthar na hEorpa. An comhlacht Ipsos I&O a rinne an taighde, i gcomhar leis an eagraíocht SchrijversVeilig (‘Scríbhneoirí Sábháilte’).
Ar líne den chuid is mó a tharla na heachtraí a tuairiscíodh. Dúirt 68% de na scríbhneoirí a ndearnadh bagairt, imeaglú nó ionsaí orthu gur ar líne a tharla na heachtraí sin, agus léiríonn an taighde gurb iad Facebook agus X na hardáin shóisialta is measa maidir leis an gcineál sin iompair.
Ar ámharaí an tsaoil, níor tharla eachtra dá leithéid dom féin riamh – ach ritheann sé liom gurb éard is cúis leis sin ná gur fhág mé slán leis na meáin shóisialta i bhfad ó shin (le Facebook sa bhliain 2011 agus le Twitter, mar a tugadh ar X roimhe seo, go gairid tar éis d’Elon Musk an t-ardán sin a cheannach thiar in 2022.)
An tseachtain seo caite a d’fhág mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, slán le X. Ní bagairtí, imeaglú nó ionsaithe ba chúis leis sin ach an tionchar a bhí ag an sruth seasta tuairimí (agus go deimhin an cineál tuairimí) ar a chuid scríbhneoireachta.
‘Nimh don intinn,’ a dúirt sé.
Deir duine as gach triúr scríbhneoirí san Ísiltír a ghlac páirt i dtaighde Ipsos agus a ndearnadh bagairt, imeaglú nó ionsaí orthu ar na meáin shóisialta go raibh tionchar ag na heachtraí sin ar an úsáid a bhaineann siad as na meáin shóisialta.
Ach bíonn dúshlán ar leith roimh an scríbhneoir a shocraíonn nach mbeidh baint ná páirt aige feasta leis na meáin shóisialta, go háirithe roimh scríbhneoirí atá díreach ag tosú amach.
Bíonn próifíl shóisialta an údair ar cheann de na gnéithe ar a mbunaíonn foilsitheoirí a gcinntí maidir le leabhair a fhoilsiú nó gan iad a fhoilsiú, agus gan dabht cuireann an fhéinfhógraíocht ar na meáin shóisialta, a bhíonn saor in aisce den chuid is mó, go mór le díolachán leabhar.
Ní hamháin sin ach – agus seo é an tionchar is mó den ‘staonadh de na meáin shóisialta’ a thugaim féin faoi deara – bíonn an scríbhneoir nach mbaineann úsáid as na meáin shóisialta rud beag as tiúin le saol an lae inniu. Ní hamháin stoirm chaca an lae atá i gceist agam anois ach rud chomh bunúsach le hinchreidteacht na gcarachtar.
Rith sé liom, mar shampla, agus eagarthóireacht á déanamh agam ar m’úrscéal féin, nach mbeadh carachtar aerach ina chuid 30idí inchreidte mura mbeadh Instagram agus Grindr aige – dhá ardán nach mbainim féin úsáid astu, agus bhí orm taighde a dhéanamh ionas nach ndéanfainn asal asam féin ag tagairt dóibh i m’úrscéal.
Ar ais chuig tuarascáil Ipsos. Deir móramh mór – 70% – de na scríbhneoirí san Ísiltír a ndearnadh bagairtí, imeaglú nó ionsaí orthu nach gcuimhneodh siad ar éirí as an scríbhneoireacht dá bharr.
Mar sin féin, is léir go bhfuil fadhb ann, agus ós rud é go mbíonn leisce ar leithéidí Facebook agus X féin aghaidh a thabhairt ar an gcineál sin iompair (bíonn an-díol go deo ar fhearg agus ar uafás) feictear dom go bhfuil rogha dheacair le déanamh ag scríbhneoirí inniu: éirí as na meáin shóisialta scun scan agus do mheabhair a choinneáil slán (ach imeallú a dhéanamh ort féin mar chuid den phróiseas sin) nó cuntais a choinneáil ar na meáin shóisialta éagsúla ar mhaithe le féinfhógraíocht agus díolacháin, ach glacadh leis go mbeidh tionchar diúltach aige sin, ní hamháin ar do shláinte mheabhrach féin ach, dá bharr sin, ar chaighdeán do chuid scríbhneoireachta.
Fág freagra ar 'Na meáin shóisialta: nimh d’intinn an scríbhneora nó ardán fógraíochta agus díolachán leabhar?'