Ag tús na bliana 2024 bhí Sinn Féin, mar a bhí i ndiaidh olltoghchán 2020, ag barr an liosta. I bpobalbhreith de chuid Ireland Thinks a foilsíodh san Sunday Independent ar an 7 Eanáir bhí tacaíocht 30% den lucht vótála ag an bpáirtí. Ach faoi dheireadh na bliana, in olltoghchán mhí na Samhna, bhí níos lú ná 20% acu.
D’imigh a n-aisling a bheith i gceannas ar an rialtas mar a bheadh sneachta sa bhfásach, is tá tréimhse éiginnte sa bhfreasúra rompu arís.
Sa chéad leath den bhliain, mar sin féin, bhí níos mó tacaíochta acu ná mar a bhí ag aon pháirtí eile. Ach ansin bhuail an tubaiste iad, agus sna toghcháin áitiúla bhí níos lú na 12% den vóta acu.
Léirigh na pobalbhreitheanna freisin go raibh daoine míshásta maidir le polasaithe tithíochta is sláinte de chuid an rialtais, ach is léir anois go raibh daoine ag éirí bréan den seanphort céanna ó Shinn Féin. Ach is léir freisin go raibh an páirtí sásta siúl in éineacht leis an rialtas rómhinic, ag ceapadh b’fhéidir go bhféadfadh siad comhrialtas a dhéanamh le Fianna Fáil in ainneoin nimh Mhicheál Martin i gcoinne an pháirtí.
Sna reifrinn, mar shampla, faoin teaghlach agus ról na mban sa mbaile, thug siad lántacaíocht don rialtas in ainneoin gur fhoilsigh siad féin ráiteas fíorcháinteach faoin dá mholadh. Níor theastaigh uathu a bheith as cor le dearcadh na Bunaíochta.
Chuir roinnt an cheist an raibh aon rud sa difear idir iad agus páirtithe an rialtais.
Gan dabht, áfach, ba í géarchéim na hinimirce agus lucht iarrtha dídine a bhuail iad. D’éirigh leis an eite dheis i bhfad amach leas a bhaint as fadhbanna i gceantair lucht oibre le réiteach ciníoch a chur chun cinn. Agus cuireadh an milleán ar Shinn Féin, cé nach raibh siad sa rialtas fiú.
Bhí tionchar mór ag an eite dheis i bhfad amach ar na toghcháin áitiúla, is d’fhan cuid mhaith den lucht tacaíochta a bhíodh ag Sinn Féin sa mbaile.
San olltoghchán, ámh, níor éirigh chomh maith leis an eite dheis sin, cé nach féidir neamhaird a dhéanamh orthu don todhchaí. Rinne Sinn Féin téarnamh ó thubaiste na dtoghchán áitiúil, ach fágadh taobh amuigh de gheataí Pharthais iad.
Tá Fianna Fáil is Fine Gael ar ais sa suíochán stiúrtha, ach bhain ruainne beag iontais leis sin freisin. Bhí FG chun tosaigh ar FF den chuid is mó den bhliain, ach i mí na Samhna ghnóthaigh FF deich suíochán níos mó ná a gcéilí comhraic.
Ábhar sásaimh do Mhicheál Martin é sin, níos mó ná rud ar bith eile, ach níl éinne ina pháirtí anois a thabharfaidh a dhúshlán.
Bhí dúshláin go leor, ámh, sa bpolaitíocht. D’éirigh Leo Varadkar as mar cheannaire ar Fhine Gael agus léim Simon Harris isteach sa rás. Bhi seisean lán fuinnimh is brí, is ní bhfuarthas amach go dtí feachtas an olltoghcháin nach raibh mórán substainte ag baint leis.
Bhi athrú ceannaireachta i bPáirtí an Lucht Oibre (ní thugann an lucht oibre féin mórán tacaíochta don pháirtí seo ach rós faoi ainm eile …). Cuireadh iachall ar Alan Kelly éirí as agus tháinig Ivana Bacik, a bhí nuathofa i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas, ina áit.
Níor dhein sé aon difear sna pobalbhreitheanna ach iontas na n-iontas, cé go bhfuair an páirtí mórán an céatadán céanna is a fuair siad in 2020, 4.65% i gcomparáid le 4.4%, d’éirigh leo cúig shuíochán sa mbreis a fháil, 11 teachta ar fad.
Is ar éigean go raibh na vótaí istigh nuair a bhí siad á dtairiscint féin mar pháirtí comhialtais. In éineacht le Comhaontas Glas agus leis na Daonlathaithe Sóisialta, ar ndóigh. Ach is ar éigean gur éirigh leis na Glasaigh suíochán amháin a bhaint, agus dhiúltaigh na Daonlathaithe Sóisialta scun scan d’aon iarracht go dtiocfadh an páirtí sin i dtarrtháil ar Pháirtí an Lucht Oibre.
Tá siad fós á lua, ach gan aon chlúdach acu ó pháirtí ar bith eile.
Ó thuaidh bhí sé ina thubaiste Jeffrey Donaldson a d’éirigh as ceannaireacht an DUP mar gheall ar líomhaintí mí-iompar gnéis, agus bhí athruithe ceannaireachta freisin san UUP agus an SDLP.
Ach tá an feidhmeannas fós ann – ar éigean.
Anois tá fócas na polaitíochta ó dheas á dhíriú ar neamhspleáigh is teachtaí na tuaithe, ach smál curtha ar an scéal ag Conradh an Aontais Eorpaigh le Mercosur.
Tiocfaidh rialtas cinnte, agus is dócha nach mbeidh aon athrú polasaí ann ón gceann a bhí ann roimhe. Sé sin, tá babhta eile den teip romhainn, go dtí go gcruthaíonn Sinn Féin nach mar an gcéanna iadsan agus na páirtithe eile is go n-éireoidh siad as a bheith ag impí ar an mBunaíocht iad a ligean isteach sa gclub.
Fág freagra ar 'Athrú mór sa bpolaitíocht, ach ní an t-athrú a bhí ó Shinn Féin'