Na comharthaí ann go bhfuil Cúige Mumhan ar a seanléim

I mbeagán focal, tá na Muimhnigh ag imirt mar a rinne siad blianta ó shin, ag fiach mar a dhéanfadh paca mac tíre agus ag tabhairt an chatha chuig an namhaid 

Na comharthaí ann go bhfuil Cúige Mumhan ar a seanléim

Tom Farrell. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Thug Cúige Mumhan taispeántas iontach uathu i mBabhta 1 de Chorn na gCuradh an Satharn seo caite, taispeántas a chuir seanstíl imeartha an chúige sin i gcuimhne dúinn. Cinnte, bhí siad sa mbaile agus i gcoinne Stade Français, foireann atá i bhfad ó bharr an Top 14, ach ag an am céanna tá moladh tuillte acu as an gcur chuige a léirigh ráta ard oibre, fisiciúlacht agus imirt an-sciliúil ó thús go deireadh an chluiche. Ní hamháin sin,  ach bhí cosaint na Mumhan dochreidte.  Bhí seasca nóiméad caite sular éirigh leis na cuairteoirí líne an úid a thrasnú.

I mbeagán focal, bhí na Muimhnigh ag imirt mar a rinne siad blianta ó shin, ag fiach mar a dhéanfadh paca mac tíre agus ag tabhairt an chatha chuig an namhaid.

Ach an cheist anois, an mbeidh siad in ann é sin a dhéanamh arís anocht agus dúshlán imirt as baile, i ndeisceart na Fraince, le sárú acu freisin?

Seans go bhfuil an t-ádh ar Chúige Mumhan gur i gcoinne Castres Olympique atá siad sa dara babhta den chomórtas seo. Fuair Castres greadadh náireach (38-8) agus iad i gcoinne Northampton i mBabhta 1 agus is i lár an Top 14 atá siad suite faoi láthair. Mar sin féin, is fiú a lua freisin nár chaill siad fós an séasúr seo agus iad ag imirt sa mbaile i Stade Pierre-Fabre.

In ainneoin go gcuireann sé sin leis an dúshlán atá roimh na Muimhnigh,  tá mise ag tabhairt seans beag dóibh. Is minic roimhe seo a bhain an tArm Dearg geit as clubanna Francacha. Má imríonn siad mar a rinne siad i mBabhta 1 i Luimneach seans go mbeidh beidh toradh maith eile i ndán dóibh.

Sa mbaile atá Cúige Uladh amárach agus iad i gcoinne fhoireann eile ón bhFrainc, Bordeaux Begles. Fiú agus buntáiste an bhaile acu, is deacair bua a thuar dóibh. Sa dara háit ar thábla an Top 14 atá Bordeaux faoi láthair, comórtas ina raibh siad sa dara háit ann anuraidh. Bhí bua éasca baile acu ar Leicester Tigers (42-28) i mBabhta 1 chomh maith.

A mhalairt de thuairisc a bhí ag Cúige Uladh i mBabhta 1.  Thug Toulouse greadadh (61-21) dóibh. Ní dóigh go mbeidh an scór chomh mór ag deireadh na coimhlinte amárach, ach is deacair a shamhlú gur mbeidh sé fabhrach d’fhoireann Bhéal Feirste.

Níos deireanaí amárach, beidh cluiche na deireadh seachtaine seo á imirt i Staid Aviva idir Cúige Laighean agus Clermont na Fraince. Chláraigh na foirne seo dhá bhua maithe i mBabhta 1, imirt a chuireann go mór leis an tsuim atá sa gcluiche seo.

Sa tríú háit ar thábla an Top 14 atá Clermont faoi láthair ach aisteach go leor, níor éirigh leo ach cluiche amháin a bhuachtáil agus iad ag imirt as baile an séasúr seo. Ní haon iontas dá bhrí sin gurb iad Cúige Laighean rogha na coitiantachta amárach.

As baile sa bhFrainc a bheas na Connachtaigh ar an Domhnach agus iad i gcoinne Perpignan, foireann a chríochnaigh cothrom le Cheetahs na hAfraice Theas i mBabhta 1 de Chorn an Dúshláin.

Tá a gcuid deacrachtaí féin ag Perpignan sa Top 14, iad suite san aonú háit déag, gar d’íochtar an tábla. Maidir leis na Connachtaigh is deacair a mheas an aon tairbhe dóibh an cluiche agus an bua éasca (43-12) a fuair siad ar Zebre an Satharn seo caite. Seisiún traenála maith a bhí ann, déanta na fírinne. Tástáil de chineál eile ar fad atá rompu an Domhnach seo.

Fág freagra ar 'Na comharthaí ann go bhfuil Cúige Mumhan ar a seanléim'