Is uaigneach, brónach an bás nuair a bhuaileann sé ar an doras ag tráth ar bith den bhliain, ach feictear dom gur measa fós an scéal nuair is le linn na Nollag a thagann sé.
Ba ag tarraingt ar an bhFéile sin a chuaigh m’athair féin agus athair mo chéile ar Shlí na Fírinne, rud a chuireann leis an gcoscairt agus leis an tocht, seans.
Beirt sheanchomrádaithe de mo chuid a bheith imithe uaim le cúpla seachtain a d’fhág ar an gcosán seo mé, beirt go deimhin a bhí chomh ceanúil ar an spórt agus atá mé féin agus a chuaigh i gcion go mór ar an gcaoi a bhfuil mo shaol caite agam.
Ag tarraingt ar dheireadh na Samhna a bhásaigh Joe Sheáinín Bhig Ó Tuairisg as an Lochán Beag i gCois Fharraige.
Tá sé tamall de bhlianta anois ó d’eachtraigh mé an scéal daoibh a bhain liom féin agus le Joe a bheith i gcurach i lár Chuan na Gaillimhe i bhfómhar na bliana 1972 nuair a chuimhnigh seisean nach raibh ach cosamar leathuaire idir muid agus babhta ceannais an 1500m ag na Cluichí Oilimpeacha i München.
Ar nós formhór an domhain bhí muid faoi dhraíocht ag a bhfaca muid go dtí sin sa gcomórtas céanna, Meiriceánach darbh ainm Dave Wottle ar gcúl ar fad i chuile cheann acu nó go bhfágfadh ruathar dochreidte ar an timpeall deireanach an bua aige.
D’fhág ár ndearmad nach raibh deis ag Joe agus agam féin ach gabháil éisc an lae a chaitheamh ar ais i bhfarraige agus aithris a dhéanamh chomh maith agus a bhí muid in ann ar dheartháireacha Uí Dhonnabháin.
Thug muid aghaidh ar an duirling ba ghaire dúinn ar an gCoill Rua agus thug faoi na boinn é, mar a dhéanfadh Wottle agus suas Tigh Chualáin.
Bhuaigh Dave an bonn óir agus chaith an churrach seachtain ar an gcladach.
Cé gur bheag di a bhí ina cheantar dúchais ag an am, ba í an iománaíocht an cluiche ab ansa le Joe Sheáinín Uí Thuairisg agus níl aon amhras orm ach go ndeachaigh sin i gcion orm féin.
Fad agus a bhí foirne peile na Gaillimhe in ard a réime ag an am, ba in isle brí a bhí na hiománaithe. Ní mba fada roimhe ó bhí 10 mbliana caite acu ag iomaíocht i gCrobh na Mumhan, mar gur ceapadh go mba mhó spreagadh a thabharfadh sin dá cluiche ná a bheith ina n-aonar i gConnachta.
B’in ceap nach ndearna aon bhróg mar idir 1959 agus 1969 d’imir siad dosaen cluichí i gCraobh Shinsir Iomána na Mumhan – ceann amháin a bhuaigh siad.
Agus slán fágtha le Cúige Mumhan acu, bhuaigh Loch Garman, Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh orthu i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann na blianta a lean agus i 1973 sroicheadh tóin poill nuair a bhuaigh Londain orthu i mbabhta ceathrú ceannais.
Ag filleadh as Béal Átha na Sluaighe an lá sin ba chiúine a chonaic mé Joe Sheáinín agus ní go hiomaí a chonaic mé a leithéid.
An bhliain dár gcionn ba ó Bhiorra go Cois Fharraige a thug ár n-aistear abhaile muid agus Gaillimh buailte. Bhí neart cainte ag an Tuairisgeach an tráthnóna sin. Cé go raibh farasbarr dosaen cúílíní ag Cill Chainnigh, scóráil Gaillimh 3-17.
É sin agus iománaithe óga a bheith ag teacht chun solais ba mhó a thug spreagadh dó – ainmneacha atá luaite go láidir in aiséirí na Gaillimhe, rud a bhí ar leic an teallaigh.
Ógánach darbh ainm Michael Conneely a bhí sa gcúl, bhí mac léinn darbh ainm Niall McInerney tagtha ón gClár, bhí an líne leathchúil ar an gceann ab óige ar an bpáirc – Seosamh Mac Donncha, Seán a’ tSíoda agus Iggy Ó Cléirigh. Agus chinntigh Pádraig Fahy, P.J. Molloy agus Marty Barrett nach mba iad lámha John Connolly as féin a bhí an gcéachta.
Níorbh shin le rá nach raibh suas cnoc agus síos gleann ag baint leis na haistearacha abhaile a lean. Ach anois bhí na bóithre níos leithne agus níos cothroime – chomh leathan agus chomh cothrom sin go mba ag geataí Aerfort na Sionainne a leaindeáil muid ar an mbealach abhaile as Durlas an oíche ar bhuaigh siad Cluiche Ceannais na Sraithe Náisiúnta 1975.
Ar fhaitíos go gceapfá a mhalairt, ba iomarca cainte a thug ann muid seachas iomarca slogtha.
B’iomaí uair freisin a thugadh muid duine éicint linn ar ár dtaisteal nach mbíodh oiread sin suime san imirt acu, ach a thagadh linn ar mhaithe le cuid den tír a fheiceáil.
Thug muid fear go Biorra nach raibh a dhath ag déanamh imní dó ach a raibh de dhuilliúir ag fás ar na crainnte i lár tíre i gcomparáid leis na géagáin loma, thanaí a bhí ar an gcúpla tom agus fál a bhí timpeall an tí sa mbaile aige.
Chuaigh an fear céanna chuig Páirc na nGael i Luimneach linn. Ag breathnú uaidh ón seastán, thug sé suntas do na sraitheanna coincréite a bhí ar an taobh thall agus do na bruacha ar chúl na bpostaí. Nuair ba theasaí agus b’fhíochmhaire an choimhlint, d’iompaigh sé ar Joe agus d’fhiafraigh an mbeadh barúil ar bith aige cén cóimheas idir stroighin agus gaineamh a bhí iontu. 3/1 a mheas sé féin, ach nach ndéanfadh sé aon iontas dá mbeadh sé níos láidre!
Agus muid ag aithris an scéil cois cuntair tamall ina dhiaidh, dúirt comharsa go raibh an t-ádh linn. Blianta siar bhí dhá thicéad do Chnoc 16 aicsesean do cheann de na trí chluiche ceannais peile a bhuaigh Gaillimh 1964-1966. Thug sé ár gcasa leis. Céard a dhéanfadh fear an stroighin nuair a bhí an cluiche mionúir thart ach a rá go raibh a dhóthain feicthe aige agus tosaí ag déanamh a bhealach amach.
Ní raibh ag a chomrádaí ach leanacht dó ar fhaitíos go dtiocfadh sé amú i gcathair nár thaobhaigh sé ariamh go dtí sin. Oiread agus cic den chluiche sinsir ní fhaca sé mar go mbíodh na tithe tábhairne dúnta tráthnóna Domhnaigh ag an am.
Mo chara, mo chomharsa agus mo chomrádaí oibre tráth dá raibh, Meaití Jó Sheámuis Ó Fátharta, an dara duine atá mé a chaoineadh.
Agus muid ina ngasúir chuir muid faobhar ar na scileanna peile a bhí againn ar leath-acra talún ar an mbaile inar tógadh muid a raibh ‘Garraí an Football’ mar ainm air.
Drochbhaisteadh a fuair sé. Bhí sé a dhá oiread chomh leathan ar thaobh amháin agus a bhí ar an taobh eile, moghlaer mór de chloch ina lár agus draein chontúirteach ag rith trína lár.
D’fhéadfá a rá go mba in éineacht a chaith mé féin agus Meaití Joe an chuid eile dár saol – ar scoil, ollscoil, ag imirt do Chumann Michéal Breathnach agus ar feadh na mblianta i gCeannáras Raidió na Gaeltachta i gCasla.
Ba é Meaití a dhúisigh mo shuim san iriseoireacht nuair a ceapdh é mar dhuine den seachtar Clár Reachtaire ba thúisce a d’fhostaigh RnaG nuair a chuaigh an stáisiún ar an aer i 1972.
Ba é ba thúisce a mhúin dom le clár raidió a chur le chéile agus a ndála siúd a bheas ag baint sásaimh as an mbailiú ceoil a rinne sé 100 bliain ó inniu, beidh mé faoi chumaoin go deo aige.
Suaimhneas síoraí dóibh beirt.
Jackie Mac Donncha
Is maith thù a Mhártain. Cuntas fileata ar do chairde. Is maith an oidhe orthu é, agus is maith an oidhe ort fhêin go raibh tú mar chara acu.