Ná creid rómhór i míorúilt na vótaí aistrithe
Beidh gach rud ag brath ar na vótaí aistrithe. Ní chuirfinn mo dhuine as an áireamh go fóill má aistrítear scata vótaí chuige ó fhear na heite clé atá síos an bóthar uaidh sa cheantar céanna. Tá sí cuid mhaith taobh thiar anois ach d’fhéadfadh sí a bheith go láidir san iomaíocht leis an mbeirt eile don chúigiú suíochán sin má fhaigheann sí aistriúchán maith óna hiar-chomhghleacaí a bhí sa pháirtí céanna léi tráth.
Sea, sin an port is coitianta a bheidh ag iriseoirí, tráchtairí agus lucht anailíse laethanta an chomhairimh agus iad ag iarraidh na huaireanta fada nach mbíonn aon rud ag tarlú a líonadh. Beidh gach rud ag brath ar na vótaí aistrithe.
Ach an mbeidh le fírinne?
Bhí duine a thuigeann na cúrsaí seo níos fearr ná an Dialann Toghcháin chugainn agus malairt scéil aige. Dhein sé ábhairín taighde agus thug sé ar láimh dúinn é le foilsiú anseo. Dúirt sé go bhféadfaimis fiú Dlí Dhialann Toghcháin Tuairisc a thabhairt air dá dtaitneodh an saghas sin linn. Seo daoibh, mar sin, Dlí Dhialann Toghcháin Tuairisc:
‘Is rímhinic cuma faoi na haistriúcháin mura bhfuil tú i bhfoisceacht áit amháin do na suíocháin sa chéad chomhaireamh.’
Mhínigh ár gcara a thuilleadh dúinn.
De réir Dhlí Dhialann Toghcháin Tuairisc is ar éigean go bhfuil aon seans go dtoghfar i ndáilcheantar iarrthóir nach raibh sa chéad seisear ar an gcéad chomhaireamh.
An té a bhíonn sa seachtú háit, bíonn seans níos lú ná 2% aige ar shuíochán.
As an 159 Teachta Dála a toghadh go dtí an 33ú Dáil sa bhliain 2020 (toghadh gan choimhlint an Ceann Comhairle) níor éirigh ach le triúr a bhí sa seachtú háit ar an gcéad chomhaireamh suíochán a bhaint amach.
Níor toghadh oiread agus duine amháin a bhí san ochtú háit nó níos isle ná sin.
Bhí gach duine den 156 as 159 teachta a toghadh – sin 98.12% – sa séú háit nó níos airde sa chéad chomhaireamh.
Na heisceachtaí a bhí sa seachtú háit? Malcom Noonan (CG) a toghadh i gCeatharlach/Cill Chainnigh, Verona Murphy (NS) a toghadh i Loch Garman, agus Cormac Devlin (FF) a toghadh i nDún Laoghaire.
Dáilcheantair cúig shuíochán iad Ceatharlach-Cill Chainnigh agus Loch Garman, mar ar toghadh Noonan agus Murphy, agus ceithre shuíochán a bhí i nDún Laoghaire, mar ar toghadh Devlin.
Go bunúsach, chun go mbeadh seans réasúnta maith agat ar shuíochán Dé hAoine ní foláir duit a bheith ar an chéad cheathrar sa chéad chomhaireamh i dtoghcheantar trí shuíochán, ar an chéad chúigear i ndáilcheantar ceithre shuíochán agus ar an chéad seisear i dtoghcheantar cúig shuíochán.
Ina dhiaidh sin, i bhfad níos minice ná a mhalairt, bíonn sé chomh maith ag iarrthóirí dearmad a dhéanamh ar gach rud a bheith ag brath ar na vótaí aistrithe.
In olltoghchán na bliana 2020, ón gcéad cheathrar sa chéad chomhaireamh a toghadh na teachtaí Dála i sé cinn de na hocht ndáilcheantair trí shuíochán.
Ón gcéad chúigear a tháinig na teachtaí Dála in 14 den 18 dáilcheantar ceithre shuíochán, agus ón gcéad seisear sa chéad chomhaireamh a toghadh na teachtaí Dála in 11 de na 13 toghcheantar cúig shuíochán.
Mar sin, is cuma faoin líon suíochán, mura bhfuil tú ar dhuine den chéad seisear sa chéad chomhaireamh, ná bí ag brath rómhór ar mhíorúilt na vótaí aistrithe.
Agus sin agaibh, Dlí Dhialann Toghcháin Tuairisc.
Cuir Gaeilge air…
Lorgaíomar moltaí anseo inné faoi leagan Gaeilge den téarma ‘coalitioning’, an nós an iomarca ama a chaitheamh ag plé cé a rachadh nó ná rachadh i gcomhrialtas lena chéile.
Ar na moltaí deasa a fuaireamar, bhí ‘cleamhnasachas’ nó ‘cleamhnasachas rialtais’. An ‘cleamhnachas’ an caitheamh aimsire a bhíodh sna tithe bothántaíochta tráth ó Nollaig go Máirt Inide. Comhrialtasóireachtáileamas an moladh deas ilsiollach a bhí ag Cearbhall Ó Síocháin dúinn, cé nár mhaith liom a bheith ar an gcraoltóir a chaithfeadh é a rá.
Fág freagra ar 'DIALANN TOGHCHÁIN: Míorúilt annamh na vótaí aistrithe agus an Ghaeilge ar ‘coalitioning’'