Clive Geraghty
Cuimhní cinn, €15.00
Cló Iar-Chonnacht
Tá abairt amháin i dtreo dheireadh an leabhair seo nuair atá Clive ag trácht ar an tréimhse éiritheach a chaith sé i mbun staidéir ar an nGaeilge in Ollscoil Mhá Nuad agus é ina mhac léinn lánfhásta. Deir sé ‘Thuig mé ó ranganna an dioplóma an tábhacht a bhaineann le nótaí cruinne a scríobh agus iad a bheith scríofa i stíl shoiléir sholéite’ Is ea, leis, ‘stíl shoiléir sholéite.’
Cur síos comair is ea an méid sin ar fhriotal, ar insint, ar chur i láthair an leabhair seo. Ní foláir don aisteoir labhairt go soiléir, go hoscailte, go díreach lena lucht féachana, agus thug Clive na buanna móra sin a bhí aige mar aisteoir gairmiúil chun na scríbhneoireachta chomh maith céanna. Scéal pearsanta go mion agus scéal éigse go forleathan atá againn anseo.
Scéal é chomh maith atá ionraic, macánta, amh, géar, oscailte nach ndéanann aon cheilt ar a bhuanna iomadúla féin, ach atá sásta a bheith admhálach ina lochtaí agus ina laigí chomh maith.
Is é blonag agus lár agus scamhard agus croí an leabhair seo ná a shaol mar aisteoir, agus gach ar bhain leis sin. Nuair a bhí sé sna Young Dublin Players bhí páirt aige in Arsenic and Old Lace, dráma nach bhfeictear rómhinic anois, agus mar a deir sé: ‘Ón gcéad nóiméad ar an stáitse bhí mé ar mo chompord agus bhí muinín agam asam féin.’ B’in í an eochair a d’oscail an saol nua dó agus is mó doras ar ghabh sé tríothu ó shin.
Ina extra mar ‘iompróir sleá’ ba ea an chéad pháirt a bhí riamh aige, agus déarfá gurb oiliúint den scoth a bheith id iompróir sleá d’fhonn a bheith páirteach i saol na healaíne, ag smaoineamh dúinn ar an oiread sin gathanna a bhíonn á scaoileadh. B’éigean dó cur suas le spíd phearsanta ó aisteoirí eile, agus dul i ngleic le polaitíocht na hamharclainne. Ceist mhór gan réiteach í cé acu is géire, polaitíocht na Dála, polaitíocht na hollscoile, nó polaitíocht na haisteoireachta, ach is mó ceist chasta fhealsúnta mar í nach bhfuil aon fhreagra againn uirthi fós.
Léiríonn sé go híogair an fhadhb a bhí aige an dá thrá a fhreastal, é a bheith ina aisteoir i gcompántas na Mainistreach agus a bheith ina bhall de bhord stiúrtha na hamharclainne. Níorbh fhéidir leis an naomh ba mhó teacht slán as an ngaiste sin.
Is mó sin guais nach foláir don aisteoir a chur de. Tar éis an tsaoil is ealaín bheo í an aisteoireacht, agus is cuma cad é an t-ullmhúchán siar amach atá déanta agat, beidh an tubaiste chugat lá an stáitse.
Contúirt a bhaineann leis an aisteoireacht, agus le gach gairm ina dtagann duine os comhair an phobail, is ea an rud a dtugann sé ‘tiormú’ air anseo. Is é sin go ndéantar dearmad iomlán ar na focail atá le haithris, na línte atá le rá. An ‘scéin stáitse nimhneach’ seo, is féidir leis aisteoir a lot go fiú mura dtagann sé riamh air, óir is leor an smaoineamh féin le sceimhle a chur ar dhaoine.
De dheasca na guaise seo agus gach seansúlacht eile a bhaineann leis an aisteoireacht, fiafraíonn Clive ‘Cén fáth a leanann siad orthu ag obair?’ Agus an smut de fhreagra uaidh: ‘Ní de bharr an airgid, sin cinnte.’ Agus cé nach ndéanann sé paidir chapaill de, tá easpa airgid don amharclann ina shnáth tríd an insint, go díreach mar a thuigfeadh duine ar bith a bhíonn ag plé leis na healaíona. Is féidir ceist Chlive a fhreagairt mar seo: leanann siad ar aghaidh mar is aoibhinn leo an cheird, an ealaín, an draíocht. Is é bradán a mbeatha dóibh é.
Bhí sé de phribhléid agam dírbheathaisnéis Thomáis Mhic Anna Fallaing Aonghusa a sheoladh sa bhliain 2000, agus cé gur phoblachtánach den seandéanamh é Tomás, ní leomhfadh sé drochfhocal a chloisint mar gheall ar Earnán de Blaghd. Is é a dhála céanna ag Clive é. Níl aon náire air a chur os ard go raibh an Blaghdach cineálta go héag leis. Ba é a cheadaigh scoláireacht aisteoireachta dó, ‘gníomh cineálta’ a deir sé, a d’athraigh a shaol.
Is de shuimiúlacht ar fad go ndeir Mac Anna gurb é O’Casey agus The Plough and the Stars a chuir i leith na drámaíochta é, agus gurb é an scéal céanna ag Clive é. ‘Is é The Plough an dráma is ansa liom. B’fhéidir ós rud é gurb é an chéad dráma é a chonaic mé riamh.’ Nach ait gurb iad na móimintí solasmhara seo a chuireann cor i saol an duine?
Tá an leabhar níos fairsinge ná an drámaíocht, áfach. Tá a óige ann, agus is de shuimiúlacht gur tógadh é ar an gcorrán céanna le Bram Stoker. Ach, gan fiacla a chur ann, ní raibh oiread sin speilpe sa teaghlach is a bhí ag údar Dracula. An scolaíocht, a fuair sé, a thréimhse san Aerchór, a sheal ar an drabhlás nach gceileann sé orainn, an grá agus an chomrádaíocht idir é féin agus Finola, a bhean chéile, agus ar an brácaí a ngabhadar tríothu le chéile.
Sna caibidlí déanacha, áfach, tá trácht aige ar an saol nua a ghabh sé chuige féin nuair a sheas sé síos ón stáitse, saol an mhic léinn, saol an scoláire, saol na foghlama nach bhfuair sé nuair b’ógánach é. Priocann an diabhal mé agus ceapaim sa chás is gur lean sé leis chun an Ardteistiméireachta a dhéanamh go bhfuil an-seans ann go rachadh chun na hollscoile, go dtitfeadh isteach le droch-chomhluadar filí, go gcaithfeadh na blianta sin ag bladar, go mbeadh ina dhiaidh sin ina mhúinteoir, nó ina státseirbhíseach, nó ina ghiolla árachais leamh in oifig bheagfhuinneogach ó mhoiche na maidine go titimín na hoíche siar. Nár mhíorúilt dúinn gur tháinig sé slán ó chinniúint nach n-oirfeadh beag ná mór ná idir eatarthu dó?
Is suaitheantasach dúinn a thréimhse ina mhac léinn lánfhásta. Deir sé linn gur fhreastail sé ar na léachtaí go léir. Agus mar aguisín, ‘gan amhras’. An bhfuil aon mhac léinn fochéime a fhreastalaíonn ar na léachtaí go léir, gan aon ‘gan amhras’ a bhac?
Ach ba é an sméar mhullaigh ar fad, an cíoná, an churadhmhír, an coup dob áille ná an méid a bhí le rá ag Finola a dhein céim sa Bhéarla comhuain is a bhí an Ghaeilge á déanamh aige féin.
‘Is bean í a bhíonn ag léamh i gcónaí, an-dúil aici sa litríocht, ach shil sí go raibh an iomarca teoiricí agus teibíochta ag baint leis an gcúrsa. D’éirigh sí bréan de rúndiamhra Roland Barthes agus shíl sí gur mó meas a bhí i Roinn an Bhéarla ar Messers Derrida agus Foucault ná ar shaothar na scríbhneoirí a raibh siad ag breathnú orthu. Bheartaigh sí ar gan leanúint ar aghaidh leis an mBéarla…’
Níorbh í an t-aon duine amháin í a d’éirigh as staidéar ar an litríocht toisc go raibh an litríocht tar éis éirí as staidéar a dhéanamh uirthi féin mar litríocht, seachas mar dhrochfhealsúnacht le linn na tréimhse gairide léanmhaire sin nuair a bhraith an t-aos critice ciontach nach eolaíocht cheart a bhí ar bun acu.
Ach sin bua eile fós an leabhair. Cuireann ag smaoineamh tú ar do dhálaí féin, ar na siorcamstaintí (focal a bhí ag Aodh Mac Aingil) a ráinig id thimpeall, ar an domhan ina dtarlaíonn tú a bheith beo.
Ach thar aon ní eile is scéal aon duine amháin atá againn anso, scéal aisteora, scéal scoláire, scéal fhear clainne, scéal daonnaí a bhfuil saol saibhir caite aige, ach nach bhfuil aon deireadh leis fós, buíochas le Dia.
Carraig
“Ní foláir don aisteoir labhairt go soiléir, go hoscailte, go díreach don lucht féachana…”
Ba mhéanar do roinnt réalta scannáin atá suas anois an méid sin a chur i bpraitic agus an mhungailt gan mheabhair a bhíonn acu a leasú, dá mb’fhéidir leo.
Is leasc liom dul ag ‘na pictiúirí’ níos mó mar go bhfuil fhios agam go maith nach dtuigfead a leath.
Agus níl aon allaíre orm buíochas le Dia.
Tá díghrádú déanta ar an urlabhra, ar theilgean agus ar bhrí na cainte (más ann di) i dtionscal na scannánaíochta anois, dar liom.
Turlabhait, hurlamáboc, glisiam agus glór mínádúrtha den uile shaghas ag gabháil lastuas den gcaint agus á bá.
Cén mhaith scriopt a bheith ann?
Nó cén taitneamh atá le baint as earra luarga den sórt sin?