Tús iontach ag na cúigí agus deis mhaith acu tógáil air

Fiú má chaill na Connachtaigh an tseachtain seo caite bhí siad trodach iomaíoch ó thús agus ba cheart go mbeadh an bua acu an deireadh seachtaine seo

Tús iontach ag na cúigí agus deis mhaith acu tógáil air

Mike Haley. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Céard é sin faoin tús maith? Níl aon amhras ann ach gur féidir é a rá faoin gcur chuige a bhain leis na ceithre chúige i mBabhta 1 den URC an deireadh seachtaine seo caite.

Fiú má chaill na Connachtaigh agus iad as baile i gcoinne na Muimhneach, bhí siad trodach, iomaíoch agus sciliúil ó thús go deireadh, cluiche inar éirigh leo cúig úd a chlárú i gcoinne iarchuraidh an chomórtais agus iad ag slánú dhá phointe bónais freisin.

Chláraigh na cúigí eile trí bhua mhaithe, cé gur theip ar na hUltaigh pointe bónais a aimsiú agus iad ag cur curaidh an chomórtais anuraidh, Glaschú, ó dhoras i mBéal Feirste. Thug Cúige Laighean agus Cúige Mumhan iomlán na bpointí leo i gcluichí a bhí crua agus thar a bheith iomaíoch.

Níl aon dabht ann ach gur tháinig deacrachtaí chun cinn sa gcéad bhabhta. Bhí easpa cruinnis agus drochscileanna láimhseála ag crá na bhfoirne ar fad, gan trácht ar fhíor-lagiarrachtaí sa gcosaint ó am go ham. Seans go mbeidh an easpa taithí ag imirt i gcluichí iomaíocha agus an mheirg a thagann leis sin mar leithscéal acu ar fad.

Mar sin féin tá mé cinnte go mbeidh na himreoirí agus na foirne bainistíochta sna cúigí ar fad sásta lena gcéad iarracht den séasúr.

Cúige Laighean is túisce a bheas ag cur chun páirce agus iad ag cur fáilte roimh na Dragons don chéad chluiche san Aviva anocht. Tá athchóiriú á dhéanamh ar an RDS faoi láthair. Nílach áit agus pointe amháin idir na foirne seo ar thábla an URC, Cúige Laighean atá sa tríú háit le cúig phointe agus na Dragons sa gceathrú háit le ceithre phointe. Bhí bua maith baile ag na Dragons agus iad i gcoinne na nOspreys (23-21) i mbabhta 1. Is fiú a mheabhrú gur chríochnaigh na Dragons sa gcúigiú háit déag ar thábla an URC anuraidh.

Ní raibh ach foireann amháin, Zebre, níos ísle ná iad. Fiú leis an mbua nach raibh súil leis an Satharn seo caite, níl fáil ar aon duine atá ag tabhairt seans ar bith dóibh i gcoinne Chúige Laighean in Áth Cliath agus iadsan ar thóir bua le cúig phointe eile.

Amárach, cuirfidh na hUltaigh tús le cuairt dhá chluiche ar an Afraic Theas agus iad i gcoinne na Lions i Johannesburg.

Níor imir foirne na hAfraice Theas i mBabhta 1 den URC an deireadh seachtaine seo caite de bhrí go raibh cluiche ceannais an Currie Cup, comórtas mór rugbaí idir chlubanna na tíre sin, á imirt idir na Golden Lions agus na Natal Sharks. Dála an scéil, bhí an bua ag na Sharks 16 – 14.

Seo é an chéad chluiche ag aon fhoireann ó Afraic Theas in URC na bliana seo. Seans go mbeidh na Lions ag iarraidh maithiúnas óna lucht leanúna féin de bharr toradh an Currie Cup. Ní bhíonn tada éasca ag baint le himirt sa limistéar seo agus ar thalamh ard. Fágann sin gur éacht a bheas ann má thugann Cúige Uladh an lá leo.

As baile a bheas na Muimhnigh ag imirt amárach agus iad san Iodáil i gcoinne Zebre, foireann a chaill i mBabhta 1. Ba iad na hIodálaigh bhí ar bhun thábla an URC anuraidh. Níor éirigh leo ach cluiche amháin a ghnóthachtáil as ocht n-iarracht déag. Is deacair bua a shamhlú dóibh i gcoinne na Mumhan, fiú agus iadsan ag imirt as baile.

Beidh na Connachtaigh ag imirt a gcéad chluiche baile don séasúr i gcoinne Sharks na hAfraice Theas. Bhuaigh na Sharks an Currie Cup seachtain ó shin, toradh a thabharfas misneach agus muinín dóibh.

Ach mar sin féin, cuimhnigh gur ceithre bhua a bhí ag na Sharks san URC anuraidh, i gcomparáid leis an naoi mbua a bhí ag foireann na Gaillimhe. Má imríonn Cúige Chonnacht mar a rinne siad i mBabhta 1, is deacair a rá nach dtabharfaidh siad an lá leo agus ní chuirfinn bua le pointe bónais as an áireamh ach an oiread, fiú leis an slua beag lucht leanúna a bheas ar an mBóthar Beag, ionad atá ina shuíomh tógála faoi láthair.

Fág freagra ar 'Tús iontach ag na cúigí agus deis mhaith acu tógáil air'