Cúpla lá roimh an ócáid a crochadh na póstaeir. Bhí ceolchoirm le bheith sa Spidéal agus bheadh cead isteach saor in aisce.
Tugadh an dáta, an t-am agus an t-ionad, ach seachas sin mhúscail an póstaer caidéis iontu seo a chonaic é. Cérbh iad na ceoltóirí seo? Cárbh as dóibh?
Bhí grianghraf de roinnt acu ar an bpóstaer, fir is mná óga agus iad i mbun ceoil i dteach tábhairne éigin. Bhí triúr acu ag seinm na fidle agus duine eile ar an bhfeadóg stáin – radharc a fheictear go han-mhinic i dtithe tábhairne na tíre.
Ach bhí meangadh gáire ar an gceathrar agus iad ag breathnú ar bhean a bhí suite os a gcomhair agus í ag séideadh isteach i ngléas ceoil nach mbaineann le ceol traidisiúnta na hÉireann de ghnáth. Basún is ainm don ghléas ceoil úd, mar a tugadh le fios ag an gceolchoirm cúpla lá níos deireanaí.
Dé Máirt na seachtaine seo caite ag a dó a chlog san iarnóin agus bhí slua breá, idir dhaoine fásta agus ghasúir, bailithe i Halla Scoil Éinne ar an Spidéal agus iad ag feitheamh leis na ceoltóirí céanna.
Níorbh fhada gur stop bus taobh amuigh den scoil agus thuirling breis is dhá scór ceoltóir agus isteach leo sa halla, a gcuid gléasanna ceoil á n-iompar acu. B’in an Ricciotti Ensemble, ceolfhoireann shiansach sráide a bhí tagtha as an Ísiltír ar camchuairt sé lá in Éirinn. An Shamrock Shuffle a tugadh ar an turas sin mar a gcasadar i 29 ionad éagsúil i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus i gCorcaigh.
‘We play everywhere and for everyone,’ an mana atá an Ricciotti Ensemble, a bunaíodh i 1970. Ar an tsráid, ar phlásóga poiblí, i dtearmainn do theifigh, i bpríosúin, ar eitleáin, in ospidéil agus áiteanna go leor eile a chasann siad sna tíortha ar a dtugann siad cuairt trí huaire in aghaidh na bliana.
Sular thángadar go Gaillimh, chasadar i siopa de chuid Ikea. Agus sular bhaineadar Scoil Éinne amach, chasadar sa teach altranais Áras Chois Fharraige agus do mhuintir na hÚcráine atá ag cur fúthu in Óstán na Páirce taobh thoir den Spidéal.
Is bealach atá sa gceol le daoine a dhéanamh sona agus le hiad a thabhairt le chéile, a chreideann baill an Ricciotti Ensemble, atá ainmnithe in onóir Carlo Ricciotti (c 1681 – 1756), veidhleadóir Iodálach a chaith na blianta san Ísiltír.
Taobh istigh de chúpla nóiméad bhí baill an Ensemble réidh le dul i mbun an cheoil i Scoil Náisiúnta an Spidéil. Bhí clár de 29 píosa ceoil a bhaineann leis an tír seo leagtha amach acu do chamchuairt na hÉireann agus roghnaíodh píosaí éagsúla as an gclár úd do chuile cheolchoirm.
Ba leis an Irish Suite Cuid 3 le Leroy Anderson, nó ‘The Rakes of Mallow’, a chuireadar tús bríomhar le seisiún an Spidéil agus roinnt ball den cheolfhoireann ag máirseáil tríd an halla. Agus leanadar sin le píosa níos ciúine – nocturne a chum John Field 200 bliain ó shin. D’fhilleadar ar cheol na linne seo le leagan álainn d’amhrán cáiliúil Van Morrison, ‘Brown Eyed Girl’.
Ina dhiaidh sin, tugadh deis do na gasúir a bhí i láthair spraoi a bhaint as an gceol agus na ceoltóirí ag cruthú fuaimeanna a bhí bunaithe ar gheáitsíocht na ngasúr.
Cuireadh an lucht féachana ar an eolas faoi na huirlisí ceoil éagsúla: is é an basún an ghaothuirlis is mó agus an ceann leis an bhfuaim is doimhne; cé go mbíonn an sacsafón á chasadh ag Ensemble Ricciotti, ní huirlis í a bhíonn ag ceolfhoireann de ghnáth.
I dteannta an Ensemble ar a gcamchuairt bhí Séamus Hickey, as Corcaigh, fear óg a chasann an vióla agus a bhfuil taithí go leor aige ag staidéar is ag seinm san Ísiltír. Ba é Séamus a bhí ina phríomhcheoltóir do bhuaicphointe na ceolchoirme – an ‘Pocket Concerto Cuid 3’ le Garth Knox – é ag úsáid an bhogha agus ansin a mhéara chun ceol a bhaint as an vióla.
Bhí mná na hÍsiltíre ar an bhfeadóg stáin is ar na gaothuirlisí éagsúla agus an cheolfhoireann ag seinm ‘Mná na hÉireann’, fonn a chum Seán Ó Riada le cur le focail dáin ón ochtú haois déag leis an bhfile Peadar Ó Doirnín as Ard Mhacha.
Chas an Ricciotti Ensemble ar feadh uair an chloig le greann agus le spiorad, iad ag tabhairt ardú meanman do chuile dhuine a bhí i láthair. Bhí an ghrian ag soilsiú ar an Spidéal agus iad ag tabhairt faoina bpíosa deiridh – ‘Fiesta’ leis na Pogues.
Ansin amach leo go gasta agus ar bord an bhus arís le taisteal 15 míle siar an bóthar le casadh in Áras Mhic Dara, an t-aonad altranais poiblí ar an gCeathrú Rua.
Ar feadh scaithimh, ar aon nós, thug ceoltóirí óga na hÍsiltíre an samhradh leo go Conamara.
Fág freagra ar 'Ardú meanman tugtha do mhuintir Chois Fharraige ag ceoltóirí óga as an Ísiltír'