An chéad suíomh iomlán dátheangach ag aon pháirtí seolta ag an gComhaontas Glas

Gheobhaidh an Ghaeilge bás mura ndéanfar bearta práinneacha le tacú léi go luath, a deir ceannaire an pháirtí Eamon Ryan

06/05/2014. Green Party launch European election manifesto. Green Party leader and candidate for Dublin, Eamon Ryan pictured at a press event in Buswells where they launched their European elections manifesto. Photo: Laura Hutton/Photocall Ireland
Ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Eamon Ryan. Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Tá meon an rialtais i leith na Gaeilge cáinte go láidir ag an gComhaontas Glas agus an páirtí ag seoladh a suímh nua Ghaeilge i mBaile Átha Cliath tráthnóna inné.

Dúirt Eamon Ryan, ceannaire an Chomhaontais Ghlais, go bhfuil “neamhaird” tugtha ag an Rialtas ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a raibh lámh ag a pháirtí féin inti os cionn cúig bliana ó shin.

“Gach coicís faigheann teanga bás agus tá baol mór ann go mbeidh an Ghaeilge i measc na dteangacha sin mura ndéanfar bearta práinneacha le tacú léi go luath,” a dúirt Ryan agus suíomh gréasáin nua dátheangach an pháirtí á sheoladh aige.

Chuir an Comhaontas Glas Cairt Teanga i bhfeidhm anuraidh agus dúirt Seán Ó Buachalla, an Cathaoirleach ar Ghrúpa Pholasaí na Gaeilge sa pháirtí, gur “toradh” ar an gCairt Teanga sin an suíomh nua.

“Is é an suíomh gréasáin nua an ghné nua is suntasaí den Chairt Teanga atá i bhfeidhm sa pháirtí go dtí seo. Beidh an Chairt Teanga seo á cur i bhfeidhm go dtí deireadh na bliana 2016.

Green

“Tá ár bpolasaí Gaeilge féin bunaithe ar an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr ó thaobh pleanáil teanga de agus cuireann sé tuairimí réimse leathan páirtithe leasmhara san áireamh agus tá sé uaillmhianach don teanga. Caithfidh an Rialtas an uaillmhian chéanna a léiriú anois sula mbeidh sé ródhéanach,” a dúirt an Buachallach.

Deirtear sa Chairt Teanga go bhféachann an Comhaontas Glas le “beart a dhéanamh de réir briathair” agus go bhfuil an Chairt féin bunaithe ar thaighde teangeolaíochta.

“Seo gné lárnach de pholasaí Gaeilge an pháirtí chun tiomantas an pháirtí féin a fhorbairt agus cothú na Gaeilge ar bhealach praiticiúil agus pleanáilte go hinmheánach a léiriú.

“Is minic a bhíonn béalchráifeacht don teanga le tabhairt faoi deara i measc na bpáirtithe polaitíochta, rud is cúis le fimíneacht go minic, agus níl sé seo chun leas na teanga,” a deirtear sa gCairt.

Is é suíomh na nGlasach an chéad suíomh idirlín ag aon pháirtí polaitíochta in Éirinn atá go huile is go hiomlán dátheangach. Féadtar teacht ar an leagan Gaeilge den suíomh ag an seoladh www.comhaontasglas.ie.

Fág freagra ar 'An chéad suíomh iomlán dátheangach ag aon pháirtí seolta ag an gComhaontas Glas'

  • Bríd

    Tá slacht air.

  • Eoghan ONeill

    Maith sibh ‘s go mba an ghaoth a choíche le bhur ndroma agaibh!