Ní mórán de dheis leadaíochta a bhí ag peileadóirí CLG na Gaillimhe an tseachtain dheireanach de Bhealtaine 1974. Dé Domhnaigh an 26 Bealtaine d’imir siad i Wembley Stadium agus ar an gCéadaoin dár gcionn bhíodar i mbun iomaíochta arís – an teip a bhí i ndán dóibh an babhta sin i gcluiche ina raibh Eamon Dunphy agus Johnny Giles ar an bhfoireann a chloígh iad.
Ná bíodh imní ort. Ní mearbhall ná seachrán atá ag dul dom.
Trí bliana tar éis do Chumann Lúthchleas Gael deireadh a chur leis an mbac ar ‘Cluichí Gallda’, bhí Giles, Dunphy, Paddy Mulligan, Don Givens, Owen Hand agus dornán imreoirí sacair idirnáisiúnta eile de chuid na hÉireann ar fhoireann a d’imir in aghaidh na Gaillimhe ar Pháirc Iarfhlatha Naofa i dTuaim i gcluiche carthanachta.
Bhí baint mhór ag Mulligan lena eagrú, fear a d’imir d’Éirinn 50 uair agus a chaith deich mbliana idir (1969-1979) le Chelsea, Crystal Palace agus West Brom.
Ba i dtuaisceart Bhleá Cliath a rugadh Paddy i 1945 ach ba i dTuaim a chaith sé roinnt de bhlianta a óige, i dteach a aintín Carmel agus a fear céile Mick Stewart. Bhí Mick ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Shóisearach Peile na hÉireann i 1931.
Go deimhin deir Mulligan gur thug a uncail ar thrasnán a rothair é go Páirc Iarfhlatha an lá ar osclaíodh an áit sin ar an 13 Lúnasa 1950 – cluiche leathcheannais na hÉireann san iomáint idir Tiobraid Árann agus Gaillimh a imríodh ansin lá na hoscailte. An bhliain dár gcionn bhí sé ar an mbarra trasna arís, an uair seo chuig Cluiche Ceannais Peile Chonnacht.
I bhfómhar na bliana sin 1956 d’fhill an t-ógánach ar theach a thuismitheoirí sa bpríomhchathair. Ba ansiúd a chuir sé tús lena shaol sacair, ag imirt do Ruagairí na Seamróige lenar bhuaigh sé Corn an FA ceithre huaire sula ndeachaigh sé go Sasana.
Le Chelsea a shroich sé barr buaite ansiúd – bonn Bhuaiteoirí Chorn UEFA i 1971.
Leanann an ceangal idir Mulligan agus Tuaim go dtí an lá atá inniu ann. Tugann sé cuairteanna rialta ar an mbaile agus is minic é le feiceáil ag cluichí iomána agus peile a imríonn foirne na Gaillimhe.
Go deimhin san am atá caite tugadh isteach anois agus arís é go labhródh sé leis na himreoirí agus iad ag tabhairt aghaidh ar chluichí móra.
Aon uair amháin a d’imir Paddy i Wembley – cluiche ceannais Chorn na Sraithe 1972 nuair a bhuaigh Stoke ar Chelsea. Ní ag chuile imreoir atá sin le rá agus bhí riar maith de na himreoirí idirnáisiúnta sin a bhí ar an bpáirc i dTuaim leis ar an 29 Bealtaine 1974 nach bhfuair an deis a leithéid a dhéanamh beag ná mór.
An rud is aistí faoin scéal go raibh sin le rá ag chuile dhuine de pheileadóirí na Gaillimhe a d’imir in aghaidh lucht an tsacair ar Pháirc Iarfhlatha Naofa – faoi dhó i gcás Liam Sammon, Jimmy Duggan agus Cóilín Mac Donnchadha i Wembley. Bhí imeartha ag an triúr acusan ann freisin i 1967.
Ócáid bhliantúil a mhair ó 1958 go dtí 1976 faoina dtógadh Cumann Lúthchleas Gael Staid Wembley ar cíos Satharn Cincíse le go n-imreofaí cluiche peile agus cluiche iomána ansiúd ba chúis lena dtabhairt ann. Ba mhinic suas le 40,000 duine i láthair agus thug Cluiche Ceannais Chorn an FA a bheith imeartha ann an Satharn roimhe sin tuilleadh stádais don lá.
Gaillimh agus Corcaigh a chuaigh chun páirce i Wembley an Domhnach sular imríodh Cluiche Thuama i 1974 agus bhain Gaillimh díoltas ar bhua na gCorcaíoch an bhliain roimhe nuair a chrochadarsan Corn Mhig Uidhir leo i bPáirc an Chrócaigh.
Bhuaigh Cill Chainnigh ar Luimneach i gcluiche na gcamán.
Bhí aithne mhaith agam ar fhormhór pheileadóirí na Gaillimhe na linne sin – go leor acu ar meánscoil nó ar coláiste liom agus is díol suime na scéalta a bhí le n-aithris acu nuair a d’fhilleadar abhaile.
Go cinnte ní dhéanfaidh siad dearmad go deo ar a dturas go Wembley. Cén chaoi a ndéanfadh agus a raibh feicthe agus cloiste acu faoin áit. Ar na rudaí ar thugadar suntas dóibh bhí chomh réidh cothrom, pioctha bearrtha agus a bhí an pháirc féin. Ba bheag caint a bhí acu ar an slua – cleachtadh maith acu ar a leithéid sa mbaile is dóigh.
Na seomraí feistis ba mhó a chuaigh i gcion orthu – iad chomh fairsing le halla damhsa agus tobáin iontu a bhí chomh mór le linn snámha. Bhí leithead seol mór sna tuáillí a bhí fágtha amach do chuile dhuine agus ‘Wembley Stadium’ greanta orthu.
Ní bheinn an-siúráilte gur i mbosca an níocháin a caitheadh iad ar fad ar an mbealach amach ach an oiread. Bhíodh a leithéid le feiceáil i seomraí feistis timpeall na Gaillimhe go ceann blianta ina dhiaidh.
An Chéadaoin dár gcionn i dTuaim seans go raibh an saol ar ais mar a bhí, fillte ar na tuáillí seanchaite a bhíodh brúite síos i dtóin an mhála ó cheann ceann na bliana, sa mullach ar na brístí smeartha agus na stocaí a sheasfadh suas astu féin.
Bhí imreoir sacair amháin ar an bpáirc i dTuaim an tráthnóna sin a raibh taithí mhaith ar an bPeil Ghaelach aige. David Pugh, fear a meastar faoi i Sligeach nár imir aon duine ariamh ab fhearr ná é do Ruagairí an bhaile sin.
Lúthchleasaí ildánach ab ea David Puth. D’imir sé ar fhoireann Sacair Faoi 23 na hÉireann agus nuair a d’imir sé leis na Boston Beacons (1969) i Sraith na Státaí mharcáil sé Pele a bhí ag imirt leis na New York Cosmos ag an am.
Ar iarratas ó bhainistíocht fhoireann CLG Shligigh chuaigh sé ag imirt le foireann an chontae i gCraobhchomórtais Chonnacht 1970 agus 1971 agus scóráil cúl in aghaidh na Gaillimhe i gcluiche ceannais an chúige 1971.
FOIREANN SACAIR THUAMA 1974
FOIREANN NA GAILLIMHE I dTUAIM
Fág freagra ar 'Peileadóirí na Gaillimhe i Wembley agus Dunphy agus Giles i dTuaim'