Tuairisc ón nGréig: ‘Is geall le scéal Troy é. Tá Achilles agat atá cróga agus táthar bródúil as. Ach faigheann Achilles bás’

Tuairisc speisialta ón Aithin le Caoimhe Ní Laighin, a labhair le muintir na cathrach sin faoi fhadhbanna na Gréige agus a bhfuil i ndán don tír

-1x-1

Faoin am a bhain muid an Aithin amach maidin Dé Luain, bhí an fógra déanta cheana féin ag Alexis Tsipras go mbeadh srianta ar na suimeanna airgid is féidir le muintir na Gréige a tharraingt amach as meaisín bainc.

Is é €60 in aghaidh an lae an t-uasmhéid dóibhsean. Cé gur buaileadh bob ar dhaoine, i ndáiríre, óir níl ach nótaí €50 ar fáil sna meaisíní. Mar sin, is é €50 an t-uasmhéid le fírinne.

IMG_5479
Panagiotis Liakos

Bhí muid i gcroílár na cathrach, ag Cearnóg Syntagma agus timpeall an cheantair sin. Ní fhaca muide na scuainí móra fada aon lá. Cinnte, bhí, b’fhéidir, ochtar ag seasamh i ngach scuaine sa turas. Ach mar is eol d’aon Bhaile Átha Cliathach, d’fhéadfá bás a fháil den ocras ag am lóin ar Shráid Uí Chonaill ag fanacht ar airgead.

“Níl na scuainí chomh mór agus chomh forleathan is a thuigfeá ón teilifís. Tá daoine a bhfuil airgead acu tar éis a gcuid taiscí a tharraingt amach cheana féin,” a deir Stelios Kokossioulus, úinéir gnó áitiúil linn.

“Is ait liom é – tá íoróin ag baint leis – go bhfuil rialtas againn atá go mór ar an eite chlé, ach a chuir ar chumas na ndaoine saibhre a gcuid airgid a chur áit éigin slán sula raibh an praiseach ar fud na mias.”

Tá siopa seodra ag Stelios san Aithin atá fós ar oscailt, murab ionann agus siopaí go leor dá chuid comharsan. Tá siopaí dúnta ar fud na háite.

Téann muid go Anakasa, atá leathuair a’ chloig taobh amuigh den chathair, le bualadh le Constantinos Stathopoulos. Potaire is ea é. Tá sé sna caogaidí agus cuma an ealaíontóra air, ó thaobh na colainne agus na hintinne de; tá a chuid gruaige i bpónaí, caitheann sé toitíní páipéir agus labhraíonn sé ar réimse leathan ábhar, idir pholaitíocht, mhiotaseolaíocht, ealaín agus eile.

Tá cónaí air in árasán beag lena bhean chéile agus a mbeirt déagóirí. Tá a chuid saothar ar taispeáint san árasán. “Is féidir liomsa athchruthú iomlán a dhéanamh ar vásaí na nGréigeach ársa,” a deir sé, “ó thaobh na healaíne agus na feidhmiúlachta de.”

Bhí Constantinos ina léachtóir le healaín sna Stáit Aontaithe go dtí 2003. Rinne sé cinneadh filleadh ar a thír dúchais lena bhean chéile – atá ina Gréigeach chomh maith – agus a bpáistí óga in 2003.

“Bhí na Cluichí Oilimpeacha le bheith ar siúl san Aithin an chéad bhliain eile agus bhíothas á thuar go raibh rudaí maithe i ndán don eacnamaíocht. Bhí muid lán dóchais,” a deir sé.

“Botún a bhí ann, ar ndóigh, ag breathnú siar anois.”

Tá 90% dá ghnó caillte ag Constantinos le cúig bliana anuas. “Níl na cliaint imithe”, a deir sé, “ach ní hacmhainn dóibh a gcuid airgid a chaitheamh faoi láthair.”

Tá Constantinos ar dhuine des na Gréigigh sin a chreideann gur chóir don Ghréig droim láimhe a thabhairt don euro agus don Aontas Eorpach ina iomláine.

“Botún a bhí ann muinín a bheith againn as tíortha eile”, a deir sé; “tá sé in am dúinn filleadh ar ár dtraidisiúin féin.”

Ach tá deighilt mhór idir muintir na Gréige faoin gceist seo. Tá go leor daoine ar mhalairt tuairime. Feictear dóibhsean go bhfuil Syriza ag déanamh praiseach cheart de gach rud. Cé go bhfuil siad míshásta leis an méid atá fulaingthe ag an nGréig cheana féin de bharr beartais déine, tá siad fíor-mhíshásta go bhfuil Tsipras ag dul sa seans le geilleagar na tíre mar a bheadh ‘poker’ á imirt aige.

Bhí ionadh orainn ar an gcéad cúpla lá go raibh cúrsaí ciúin agus sochair go maith. Ní raibh an fhearg ná an imní le brath ar na sráideanna.

“Tá an t-éadóchas ann go ciúin i measc na ndaoine,” a deir iriseoir áitiúil, Panagiotis Liakos linn.

Ach ní raibh an t-éadóchas ciúin aréir, Dé Máirt an 30 Meitheamh. Bhailigh na scórtha míle le chéile i gCearnóg Syntagma. Ní raibh ach cúpla uair a’ chloig fágtha go dtí go mbeadh an Ghréig ag loiceadh ar a gcuid fiacha leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.

Ní raibh na daoine seo ag iarraidh go dtarlódh an loiceadh seo. Ní raibh aon chlampar ann. Daoine den mheánaicme a bhí iontu, ag léiriú a dtacaíochta don Euro agus don Aontas Eorpach. Ní raibh na daoine seo ag iarraidh a dtír a fheiceáil ar liosta sin na mainnitheoirí in aice leis an tSúdáin agus an tSiombáib.

Ba dhóigh leat go raibh an aimsir féin i dtiúin lena raibh ag tarlú; tintreach, toirneach agus báisteach throm – aimsir neamhghnáthach agus sinn ar thairseach mhí Iúil sa nGréig. Bhí turasóirí ón mBreatain agus áiteanna eile ag siúl thart lena bpáistí faoi scathanna báistí, ag meascadh leis an lucht agóide agus spéis mhór acu sa méid a bhí ag titim amach thart timpeall orthu.

Tháinig agus d’imigh uair na cinniúna.

Níl réiteach ar an scéal go fóill.

Tá an Ghréig ar liosta na dtíortha dána anois. Tar éis dhá chlár tarrthála thar thréimhse cúig bliana, tá fiacha €250 billiún euro fós ar an nGréig.

Tá reifreann le bheith ar siúl an deireadh seachtaine seo, ach tá go leor daoine ann nach bhfuil iomlán cinnte faoin gceist. Tá cuid mhaith daoine ag maíomh ag an bpointe seo go vótálfaidh siad in aghaidh an reifrinn. Is ionann sin agus a rá gur vóta i gcoinne na hEorpa a bheas á chaitheamh acu.

“Ní chreidim go leor de na daoine a deir go vótálfaidh siad ina choinne,” a deir Panagiotis Liakos linn.

“Tá siad ag rá anois go vótálfaidh siad ina choinne. Ach ar theacht an deiridh seachtaine, beidh port eile acu. Tiocfaidh eagla orthu. Ní bheidh siad chomh cróga céanna.”

Ceapann Panagiotis é féin go mbeadh sé tubaisteach dá mbeadh ar an nGréig limistéar an euro a fhágáil.

“Is geall le scéal Troy é,” a deir sé. “Tá Achilles agat agus tá Achilles cróga agus déanfaidh sé a dhícheall. Tá tú bródúil as Achilles mar tá a chroí san áit cheart. Ach faigheann Achilles bás. Faigheann Ulysses an lámh in uachtar mar tá sé cliste. Tá daoine atá ar thaobh na hEorpa mar a bheadh Ulysses.”

Táimid ag tabhairt aghaidh inniu ar ionad ina ndáiltear bia ar dhaoine atá ar an ngannchuid. Bhuail muid leis an Athair Vasileios Havalta inné. Tá seisean i bhfeighil na n-ionad seo. Tá seisean freagrach as na hionaid i gcathair na hAithine í féin. Tá dhá mhilliún duine ina gcónaí anseo. Tá cúig mhilliún duine i mórcheantar na hAithine, Attica.

“Tá méadú faoi dheich tagtha ar líon na ndaoine a fhaigheann bia uainn gach lá le cúig bliana anuas,” a deir sé. “As daonra dhá mhilliún duine, tugann muide bia do 24,000 duine in aghaidh an lae anois. Agus d’fheicfeá gach saghas duine anseo. Ní daoine bochta amháin a thagann chugainn.”

– Is iriseoir le Nuacht TG4 í Caoimhe Ní Laighin atá ag tuairisciú ón nGreíg an tseachtain in éindí leis an gceamradóir Ian Mac Murchaidh

Fág freagra ar 'Tuairisc ón nGréig: ‘Is geall le scéal Troy é. Tá Achilles agat atá cróga agus táthar bródúil as. Ach faigheann Achilles bás’'

  • alan

    An-aiste í seo. Muintir na Gréige iad féin agus an aigne atá acu i leith na géarchéime á nochtadh acu. Dhá chóras, dhá chreideamh pholaitiúil ag teacht salach ar a chéile. Rud is léir áfach go dteastaíonn ó Merkel agus a camthaí an rialtas seo Tsipras a chur de dhroim seoil. Siod é an cluiche/an geall: vótalfaidh na Gréagaigh ‘ar shon’ ag uair na cinniúna Dé Domhnaigh agus fágfar Syriza ar an trá fholamh. Beidh sé sin ina cheacht don eite chlé ata ag péacadh ar fud na hEorpa. Níl aon deimhniú air sin ach is in a cheapann Merkel. Beidh le feiceáil.
    Níor theastaigh ó Syriza an rialú creidmheasa sin a chur i bhfeidhm, ach toisc gur reoigh an Banc Ceannais Eorpach na sreabha cistí chucu, ní raibh an dara dul suas acu. Sin sampla breá de ‘neodracht, comhar agus dlúthpháirtíocht’ na hinstitiúide seo anois againn arb é is bun leis go teoiriciúil ‘cobhsaíocht na hEorpa a chothú’. An cuspóir atá leis an mbeart polaitiúil sin ón mBanc Ceannais ná brú a chur ar na Gréagaigh droim láimhe a thabhairt do Tsipras.
    Na ligimís i ndearmad ach oiread go dtéann formhór mór den airgead ‘tarrthála’ ar ais díreach go dtí bainc san Eoraip.
    Agus go bhfuil an Ghréig i bpoll níos doimhne anois ná riamh t’réis an méid atá íoctha agus fulaingthe acu.
    Mo ghraidhin é an CÓRAS caipitleach.

  • Gabriel Rosenstock

    Tá ciall leis an méid a bhí ar Réalta na Maidine/ The Morning Star:
    https://21centurymanifesto.wordpress.com/2015/06/30/false-choice-in-greece/