5 Rud le déanamh ag an Oireachtas inniu: Lig do dhuine tú a ‘windeáil’ agus faigh amach céard sa diabhal é sean-nós…

Agus oiread sin comórtas, seoltaí agus imeachtaí eile ar siúl ag an Oireachtas bíonn sé deacair rogha a dhéanamh. Seo roinnt comhairle ó Tuairisc…

5 Rud le déanamh ag an Oireachtas inniu: Lig do dhuine tú a ‘windeáil’ agus faigh amach céard sa diabhal é sean-nós…
Nell Ní Chróinín

1. Caith seal le hamhránaithe Mhúscraí…

Ealaín ársa ag an Oireachtas a bheith ag gabháil thart ag fiafraí ‘cá bhfuil an chraic? agus na Muimhnigh ag cuardach ‘gabhar á róstadh’.

Níl aon dream in Éirinn is mó a dhéanann féile den Oireachtas ná muintir Mhúscraí a bhaineann sásamh as a gcuid ceoil is amhrán, beag beann ar rialacha diamhra moltóirí.

Mar sin má éiríonn leat a bheith i do shuí ag a 10.00am inniu téigh go dtí an Bálseomra in Óstán Ghleann an Iolair áit a mbeidh fir Mhúscraí atá faoi 35 bliain ag canadh óna gcroí amach. Is maith an seans nach stopfaidh siad go Luan.

2. Cuir fáilte roimh Raidió na mbráithre aduaidh

Is maith is eol dúinn ar fad an díocas agus an mórtas cine a bhaineann le Gaeil na gcríocha gafa agus seo deis iontach anois lena bhfeiceáil i mbun a ngnó ar an raidió s’acu féin ón nead i Lobaí nó halla Óstán Ghleann an Iolair ó mheán lae go dtí a haon. Cuireadh muintir na Ríochta iad féin in aithne do na bráithre aduaidh a bhfuil turas fada curtha díobh acu.

foclóir

3. Téigh ag póirseáil san fhoclóir le lucht na foclóireachta…

Is fada fíorach an lá foclóir Gaeilge nach mbeadh aon Bhéarla ann ag teastáil go géar leis an aistriúcháinis bhriotach a mhaolú agus creid é nó ná creid tá an obair sin tosaithe. An foclóir eile atá ar na bacáin – ceann Gaeilge-Béarla mar oidhre ar fhoclóir Uí Dhónaill atá againn ó 1978. Aon eolas atá uait gheobhaidh tú é ó chriú na bhfoclóirí in Óstán Brehon ag a 4.00pm. Cá bhfios nach mbeifeá in ann comhairle a chur orthu?

4. Faigh amach céard sa diabhal é sean-nós…

Ní baileach gurb é sin an teideal atá ar an ‘díospóireacht cheolmhar’ seo atá á heagrú ag Cumann Cláirsí Stairiúla na hÉireann ach ‘Cad as a tháinig an sean-nós?’

Aitheantas is ómós a bheidh anseo do na cláirseoirí a chum agus a sheinn na hamhráin dúchais le 900 bliain chomh maith leis na bailitheoirí a choinnigh dúinne iad. Beidh a n-oidhrí ansin anocht – na cláirseoirí Siobhán Armstrong agus Eibhlís Ní Riordáin agus an fonnadóir Doimnic Mac Giolla Bhríde. Más cláirseoir i do chroí thú labhair le Úna Ní Fhlannagáin. Ceol ar mhaithe le ceol seachas comórtas in Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon!

Máirín Ní Chéide. Pictiúr: @saolodheas/Twitter

5. Bí ag ‘Casadh an tSúgáin’ le Máirín Ní Chéide

Má tá tú fós ag cuartú an chraic tabhair d’aghaidh ar an gClub Amhránaíochta i seomra Mangerton ag 10.30pm mar a mbeidh Máirín Ní Chéide tagtha anall as Meiriceá le corr-stéibh a mhealladh as daoine nár chas aon amhrán cheana le trí bliana, chomh maith leosan a thaithíonn comórtais is stáitsí na cruinne.

Tráthúil go leor is ag an ócáid seo a sheolfar leabhar nua atá in eagar ag Philip FogartyTiber Falzett & Lillis Ó Laoire ar a dtugann siad  Dhá Leagan Déag: Léargais Nua ar an Sean-Nós. Is maith an t-ádh atá ar na hamhráin nó casfar corrleagan anocht nár cloiseadh go dtí seo. Bí ann agus cas amach é, bí cinnte go mbeidh duine ansin le thú a ‘windeáil’. Lig dó nó di nó dóibh…

Fág freagra ar '5 Rud le déanamh ag an Oireachtas inniu: Lig do dhuine tú a ‘windeáil’ agus faigh amach céard sa diabhal é sean-nós…'