Tá Tír na nÓg ar chúl an tí, déanaimis ‘rewilding’ uirthi

Cead a chinn a thabhairt don nádúr agus don dúlra?  Aontaím go mór leis mar pholasaí timpeallachta

Tá Tír na nÓg ar chúl an tí, déanaimis ‘rewilding’ uirthi

Tá an t-earrach linn sa deireadh thiar agus breathnaigh taobh ar bith agus feicfidh tú lus an chromchinn ag damhsa is ag rince ag cur ruaig ar dhrochghiúmar an gheimhridh.

Chaithfeadh gur fhoghlaim muid dánta eile ag an mbunscoil seachas ‘I Wandered Lonely as a Cloud’ le William Wordsworth faoin lus an chromcinn, ach is ar éigean atá mé in ann cuimhneamh ar dhán ar bith eile, seachas ‘Cúl an Tí’ le Seán Ó Ríordáin agus ‘Fear Lasta Lampa’ le Máirtín Ó Direáin.

Ní túisce a fheicim cloigne beaga órga ná go dtagann athchuimhne chugam mar a bheadh lasair ann den mháistir scoile ag siúl anonn is anall ag barr an ranga á aithris.

Ten thousand saw I at a glance

Tossing their heads in sprightly dance

Bhíodh trioblóid i gcónaí ann dá mbeadh sé de mhí-ádh ort a bheith ag stánadh amach an fhuinneog ag comhaireamh na gcaróg ar an sreangán teileafóin amuigh nuair a thiocfaidh sé chomh fada leis an líne:

For oft when on my couch I lie

In vacant or in pensive mood

Dhúiseofaí amach as do chuid aislingeachta thú go tobann. ‘Vacant! Vacant! An bhfuil a fhios agat céard a chiallaíonn an focal sin?’

An t-aon fhreagra ceart atá ar an gceist sin, ar fhaitíos go dteastódh sé uait lá eicínt ná ’Tá brón orm’.

Thug mé faoi deara gur fhás na lusanna an chromchinn arís i mbliana sa mbosca beag atá thuas ar bharr an tseid againn. Tá córas neamhairde garraíodóireachta ar bun againn le blianta fada agus feicim go bhfuil ag éirí go maith leis.

Fuair mé amach an lá cheana nach leisciúil a bhí muid ar chor ar bith na blianta seo ar fad, ach inár gceannródaithe i ngan fhios dúinn féin ar chóras nua garraíodóireachta ar a dtugtar ‘rewilding’.

Séard atá ann, de réir RewildingEurope.com – agus tá achoimre á déanamh agam anseo air – ná cead a chinn a thabhairt don nádúr agus don dúlra.

Aontaím go mór leis mar pholasaí timpeallachta. Tá ‘athfhiáiniú’ nó ‘athbhunú speicis san fhiántas’ (mar atá tugtha ar an bpróiseas ar Tearma.ie) ar bun againn féin mar chomhartha tacaíochta. Cé nach bhféadfainn a rá an gcomhaireann dhá bhosca fuinneoige agus bosca ar bharr an tseid mar athfhiáiniú, sa gciall is cruinne den fhocal.

Chonaic muid anuraidh go raibh níos mó beacha sa gceantar nuair nach raibh an féar á ghearradh sna spásanna poiblí mar gheall ar an dianghlasáil. Cén dochar a dhéanfadh sé d’aon duine dá bhfágfaí an féar fada san Earrach?

Tagraíonn an t-athfhiáiniú d’ainmhithe freisin. Níl mé cinnte faoi na hainmhithe fiáine a thabhairt ar ais, tá caint éigin ar an mac tíre feicthe agam, mar shampla.

Is cinnte nach mbeadh spás againn ar chúl an tí dhó. Agus tá mo dhóthain faitís orm mar atá ag dul amach ag an seid san oíche ag na damháin alla agus an sceach a bhuaileann isteach san éadan mé gan dhá shúil lonracha an mhic tíre ag stánadh orm amach as an dorchadas.

Fág freagra ar 'Tá Tír na nÓg ar chúl an tí, déanaimis ‘rewilding’ uirthi'

  • Tash

    Tá raidhse spás againn in Éireann do mhic tíre agus an-chuid ainmhithe móra eile, ná bíodh eagla ort rompu. Cuir fáilte rompu!
    Nílim á rá gur féidir linn geata an zú a oscailt dóibh láithreach, ach le roinnt pleanáil agus bainistiu ceart ar na tailte airde, na pairceanna náisiúnta agus na sleibhte, tar éis 20 bliain b’fhéidir, bheidís réidh le ainmhithe móra cónaí ann.
    Bheadh sé go hiontach do turasóirí (agus taistealaithe Eíreannacha) teacht chun siúl agus campáil ar ár sleibhte clúdaithe le coillte, portaigh agus móinéir. An aer lán le cumhrán na bláthanna, ceol na héanlaithe agus crónán na beach.
    Istoíche bheadh donáil na mhic tíre le clois i bhfad i gcéin.

    Nach álainn an radharc a bheadh ann. I bhfad níos fearr ná na sléibhte loma marbha atá againn fé láthair.