Soilse ‘Nollaig Shona Duit’ le crochadh ar Shráid Grafton arís

Tarraingíodh raic anuraidh de bharr cinneadh a rinne an grúpa gnó Dublin Town fáil réidh leis na soilse Gaeilge a bhíodh le feiceáil gach bliain

Soilse ‘Nollaig Shona Duit’ le crochadh ar Shráid Grafton arís

Beidh soilse Nollag as Gaeilge le feiceáil ar Shráid Grafton arís an geimhreadh seo agus cinneadh déanta soilse ‘Nollaig Shona Duit’ a chrochadh ar an tsráid arís.

Tarraingíodh raic anuraidh de bharr cinneadh a rinne an grúpa gnó Dublin Town fáil réidh leis na soilse Gaeilge a bhíodh le feiceáil ar an tsráid gach bliain.

Crochadh comhartha nua ‘Welcome to Grafton Quarter’ ach léirigh go leor daoine míshástacht faoin gcinneadh sin agus bhí Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ina measc siúd a dúirt gurbh fhearr leis go mbeadh comhartha Gaeilge le feiceáil.

Tá sé deimhnithe anois ag an ngrúpa Dublin Town go mbeidh soilse ‘Nollaig Shona Duit’ á gcur in airde ar Shráid Grafton arís i mbliana.

Tugadh le fios go raibh an seanchomhartha Gaeilge a bhíodh crochta ar Shráid Grafton faoi Nollaig ó mhaith ach go gcrochfaí an comhartha Gaeilge eile a bhíodh ar Shráid Chill Mhantáin ina áit.

Dúirt Dublin Town nach raibh siad in acmhainn soilse nua a chur ar fáil i mbliana, mar a bhí i gceist acu, de bharr an bhail a d’fhág paindéim Covid-19 ar ghnóthaí a gcuid ball.

Crochfar soilse Nollag ar 26 sráid i lár na cathrach ach níl sé i gceist na soilse ‘Welcome to Grafton Quarter’ a úsáid arís.

Mhol Dublin Town do dhaoine tús a chur le siopadóireacht na Nollag roimh mhí na Nollag toisc nach mbeadh cead ag an oiread céanna daoine a bheith sna siopaí ag an am céanna de bharr na srianta a bhaineann leis an scaradh sóisialta.

Fág freagra ar 'Soilse ‘Nollaig Shona Duit’ le crochadh ar Shráid Grafton arís'

  • Proinnsias O hUrmoltaigh

    Comhgairdeas dóibh siúd go léir a dhéan a ndiachaill go mbeidh na Soilse “Nollaig Shona Duit ” crochta i Sráid Grafton arís an Nollag seo chugainn.