An leor leithscéal a dhéanamh leis an Iodáil le hAontas na hEorpa a shábháil?

Is í firinne an scéil, fírinne nach gcuirtear aon fháilte roimpi, nach bhfuil sa gcaint ar fad faoi dhlúthpháirtíocht na hEorpa leis na ballstáit go léir ach cur i gcéill

An leor leithscéal a dhéanamh leis an Iodáil le hAontas na hEorpa a shábháil?

Ligeadh osna faoisimh ar fud na hEorpa nuair a tháinig na ballstáit ar shocrú eicínt le cabhrú leis na tíortha is mó atá buailte ag Covid-19. Ach cén mhaith an socrú sa bhfadtéarma, nó an féidir fearg na hIodáile a mhaolú?

Go deimhin tá an díospóireacht ar siúl i gcónaí. An cóir don Aontas Eorpach feidhmiú ar bhonn dlúthpháirtíochta agus é ag cur airgid ar fáil do thíortha ar nós na hIodáile agus na Spáinne? Nó an cóir go bhfaigheadh na tíortha sin airgead ar iasacht, airgead a bheidh le híoc ar ais arís?

Níl aon aontas i measc na mballstát faoin gceist sin, agus mar is gnách, beidh cruinniú nó cruinnithe eile ag teastáil.

Tá fearg as cuimse, is cosúil, ar mhuintir na hIodáile mar gheall ar an scéal, agus de réir pobalbhreithe, tá móramh i gcoinne an Iodáil a bheith páirteach san Aontas ar chor ar bith, agus a bheith sa limistéar euro, go háirithe.

Is í argóint na hIodáile ná gur éirigh leis an nGearmáin, an Ísiltír agus tíortha mar iad brabús mór a dhéanamh as an euro agus geilleagair na mballstát eile ar fad ceangailte le rath eacnamaíochta na Gearmáine.

Chinntigh sin nach raibh aon bhac ná cosaint ag tíortha eile ar ollmhargadh na Gearmáine, agus chuir sé sin go mór le rath na Gearmáine.

Tá sé léirithe ag an eacnamaí David McWilliams go ndearna an euro dochar mór do gheilleagar na hIodáile.

Agus chothaigh an euro deacrachtaí dúinne chomh maith mar chuid de ghéarchéim na baincéireachta, mar rátaí arda úis a bhí ag teastáil ó gheilleagar na hÉireann leis an éileamh ar thithe a mhaolú ach rátaí ísle a bhí ann, a chabhraigh leis an nGearmáin ach a d’fhág oidhreacht thubaisteach againne nuair a chuaigh praghsanna tithíochta as smacht.

Deir na hIodálaigh gur mar chuid de dhlúthpháirtíocht na hEorpa a chloígh an Iodáil leis an euro nua fiú nuair ba chun a n-aimhleasa é. Anois, deir siad, tá sé in am anois do na tíortha saibhre, íoc as an dlúthpháirtíocht sin agus seasamh mar Aontas leis na tíortha atá i ngátar.

Tá na tíortha ó thuaidh – na spárálaithe mar a thugtar orthu – ag rá go gcothófaí místuaim eacnamaíochta dá dtiocfadh na tíortha saibhre i gcabhair gan choinníoll ar na tíortha eile. Tá siad sásta iasachtaí a thabhairt dóibh ach níl siad sásta cuid den ualach a ghlacadh orthu féin.

Tuigeann tráchtairí is polaiteoirí araon gur baol mór don Aontas an scéal seo agus an fhearg atá ar mhuintir na Iodáile. Baol, ceaptar, atá níos mó ná baol an Bhreatimeachta féin.

Deir Emmanuel Macron, uachtarán na Fraince, go gur bas nó beatha atá i gceist don Aontas féin. Fiafraíonn sé an fiontar polaitiúil nó fiontar eacnamaíochta é an tAontas Eorpach? Agus, ar ndóigh is fiontar polaitiúil atá ag teastáil uaidh féin – stát faoi leith a dhéanamh den Aontas.

Dar leis, níl aon ní fónta i ndán don Aontas Eorpach mura dtagann na tíortha saibhre i gcabhair ar thíortha ar nós na hIodáile, is mura mbíonn dlúthcheangal as an nua idir na ballstáit.

Níl na tíortha saibhre, an Ghearmáin go háirithe, sásta iad féin a chur faoi cheannas an Aontais, seachas an tAontas a bheith faoina gceannas féin.

In iarracht fearg na hIodáile a mhaolú, tá leithscéal poiblí gafa ag Ursula von de Leyen, uachtarán an Choimisiúin, leis an Iodáil mar gheall ar easpa dlúthpháirtíochta an Aontais leis an tír sin agus í buailte go dona ag iarmhairtí an choróinvíris.

Ach tá gníomh seachas focail ag teastáil ó na hIodálaigh, agus ní léir go mbeidh siad sásta le dea-chaint von der Leyen.

Tá rialtas na tíre seo i bhfabhar na dlúthpháirtíochta, cinnte, ach yá amhras orthu freisin faoi dhul rófhada leis an gcineál dlúthcheangail atá á mholadh Macron.

Tá siad ag súil go mbeidh gach rud i gceart ar ball, agus ar deireadh thiar, tá siad sásta glacadh le socrú ar bith a dhéanann na tíortha móra – a bhuíochas sin dá ndílseacht gan cheist don fhiontar Eorpach.

Ach cén mhaith dlúthpháirtíocht Eorpach a fhreastalaíonn ar riachtanais gheilleagar na Gearmáine, ach ar cuma léi faoi dheacrachtaí na hIodáile, nó ár gcuid deacrachtaí féin nuair a cuireadh d’iachall orainn an chuid ba mhó d’ualach ghéarchéim na baincéireachta a iompar?

Is í firinne an scéil, fírinne nach gcuirtear aon fháilte roimpi, nach bhfuil sa gcaint ar fad faoi dhlúthpháirtíocht na hEorpa leis na ballstáit go léir ach cur i gcéill.

Ní athróidh an Ghearmáin a dearcadh ach amháin sa gcás go mbeadh sé glan soiléir go raibh an tAontas i mbaol a scriosta. Sa gcás sin amháin a bheadh siad sásta athchóiriú a dhéanamh ar an Aontas.

Ach sé an t-athchóiriú is tábhachtaí atá ag teastáil ná éalú ó phrionsabail an nualiobrálachais a thugann tús áite i gcónaí don saormhargadh.

Sin é croí na ceiste seo ach níl focal le rá ag rialtas na hÉireann faoi, nó ag dream ar bith eile a mholann ‘an Eoraip’.

Fág freagra ar 'An leor leithscéal a dhéanamh leis an Iodáil le hAontas na hEorpa a shábháil?'