Stiúrthóir/Scríbhneoir: Guy Ritchie
Cliar: Matthew McConaughey, Charlie Hunnam, Michelle Dockery, Jeremy Strong, Colin Farrell, Hugh Grant
Ní haon dóithín é Guy Ritchie nuair atá sé os cionn a bhuille. Is saothair chumasacha iad Lock, Stock and Two Smoking Barrels (1998) agus Snatch (200) mar aon leis an dá scannán Sherlock Holmes (2009, 2011). Gan amhras tá sé tar éis truflais a shluaisteáil chugainn i gcaitheamh na mblianta agus ní fiú an deich triuf iad leithéidí Swept Away (2002).
Tá sé i mbarr a mhaitheasa le The Gentlemen, áfach agus é ar ais san iomaire is ansa leis: coirpigh is coiriúlacht Londan. Buaileam sciath, aicsean spleodrach, raidhse carachtar, scéalta éagsúla á gcniotáil le chéile, eachtraí ag bogadh ar aghaidh ar luas lasrach agus slaiseanna tíriúla, greannmhar á gcaitheamh ar dalladh. Tá comharthaí sóirt uile Ritchie le sonrú. Lena chois sin tá cliar cuidsúlacha earcaithe aige lena fhís a fhíorú agus tugann gach duine acu taispeántais bhreátha uathu.
Cuirtear an Poncánach Mickey Pearce (McConaughey) os ár gcomhair ag tús an scannáin mar phiarda mór cannabais Londan. Nuair a bhíonn McConaughey mar cheann feadhna agat níl aon dul as ach gur príomhcharachtar caithiseach a bheidh ar scáileán ach éiríonn leis fiántas is brúidiúlacht an charachtair a léiriú go paiteanta.
Tá na cúlfhiacla go maith aige agus tá sé i gceist aige féin agus a bhean Rosalind (Dockery) éirí as. Nuair a chloiseann a chéilithe comhraic go bhfuil sé ag iarraidh an impireacht a dhíol tá an sop séidte. Cad é castróvaics as sin go ceann scribe.
Sé an cúblálaí de bhleachtaire atá á léiriú ag Grant an té a dhéanann cúrsaí níos measa fós. Tá an fear céanna mar shaghas tráchtaire againn agus meafair an scannáin á n-úsáid againn le nithe a chur os comhair ghiolla gualainne Pearson, Ryan (Hunnam) agus an lucht féachana. É ag cur de go háiféiseach, greannmhar agus é ag iarraidh dúmhál a dhéanamh ar Pearson agus Ryan. Tugann Grant taispeántas breá uaidh agus is léir go bhfuil súp á bhaint aige as an gcarachtar ait seoigh atá idir lámha aige.
Tá Hunnam féin le moladh agus léirigh an radharc seoigh foréigneach tíriúil in árasán na n-ógánach é féin agus Ritchie os cionn a mbuille.
Tarraingítear dornálaí dea-mhéineach, Colin Farrell, isteach sa chúram in éadan a thola. Tugann Farrell faoina ról le flosc agus tá an carachtar seo i gcuid de na radharcanna is fearr. Is carachtar le téagar í Rosalind (Dockery) ach ní dóigh liom go bhfeictear ár ndóthain di.
Ar an drochuair téann rudaí amach ón gcairt an iomad in áiteanna. Bhí an chéad radharc le Farrell áiféiseach is é ag cur de go fadálach, gan dealramh. Ba dhóbair gur deineadh praiseach cheart den charachtar agus tá creidiúint ag dul do Farrell go n-éiríonn leis cuma is dealramh a chur ar an gcarachtar.
Ní nach ionadh tá casaíocha sa scéal agus is féidir linn cuid mhaith acu seo a thuar.
Is cuma mar go bhfuil sásamh thar na bearta á bhaint againn as turas na gcarachtar tíriúil deisbhéalach.
Fág freagra ar 'Tugann Colin Farrell agus a chairde slán ‘The Gentlemen’'