Ag cur do thuairisce…

Colún plé agus eolais dár léitheoirí

Quotations

NUACHTLITIR

Is cúis áthais dúinn á fhógairt go bhfuil an chéad eagrán de Nuachtlitir Tuairisc.ie faighte anois acu siúd atá cláraithe linn. Mura bhfuil sibh cláraithe fós is féidir é a dhéanamh anseo.

TOGRAÍ NUA JoeSteve_1k

Faoi mar a d’fhógraíomar go deireanach, tá tús curtha againn leis an tsraith Fís agus Fuaim, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht.

Le sliocht as ‘Lámh Láidir’ Joe Steve Uí Neachtain a d’ardaíomar na seolta agus leanfar leis an tsraith Dé Luain seo chugainn, tráth a chloisfear Dáithí Ó Muirí ag léamh óna chnuasach gearrscéalta Cogaí.

Ní foláir nó tá tugtha faoi deara agaibh go bhfuil sleachta ó úrscéal Phóil Uí Mhuirí, ‘Cath – Scéal grá in aimsir cogaidh’ á bhfoilsiú againn ó thángamar ar an bhfód. Tá an chuid deiridh den úrscéal seo foilsithe anois againn agus é ar fáil anseo:

Is é an craoltóir Dara Ó Cinnéide atá le cloisteáil á léamh.

Idir an dá linn, coinnigí oraibh ag léamh na haikuanna a bhíonn gach Céadaoin againn!

SEACHTAIN NA GAEILGE

Beidh rannóg speisialta againn le haghaidh Sheachtain na Gaeilge as seo go deireadh na seachtaine seo chugainn. Beidh idir ghailearaithe, fhíseáin agus tuairiscí ann ar imeachtaí na féile.

 

NA SCÉALTA IS MÓ A LÉADH AN tSEACHTAIN SEO

Je suis Peig

Ar deireadh, seo daoibh blaiseadh de na scéalta is mó a léadh le seachtain anuas.


 

1. FÍSEÁN: Stop curtha le hiarracht Uí Riada Gaeilge a labhairt ag coiste

Níor tugadh cead dom mo phointe a chríochnú agus tá sé sin do-ghlactha toisc go bhfuil stádas oifigiúil ag an hGaeilge san Aontas Eorpach.


2. Riail 101: Ná léigh na nótaí tráchta ar ailt fén nGaelainn ar leithéid an Journal.ie

Dá mbeadh aon ghéilleadh agat dos na tuairimí a bhí á nochtadh, níl ach leathdhosaen nó mórsheisear againn fós ag labhairt na teanga, mairimid ar fad i gConamara, áit a bhfuil milliúnaithe déanta dhúinn ag deontais stáit; is faisistigh bunchreidmheacha teangan sinn ar fad, agus tá an líon airgid atá á chaitheamh ar an dteanga ar aon dul le fiacha na Gréige.


 

3. Je Suis Peig! Glacaimis chugainn an P-fhocal!

Samhlaigh é, a léitheoir dhil: na mílte Gael ag máirseáil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus póstaeir bheaga ‘Je Suis Peig’ tógtha in airde acu. Mise ag rá libh, sin an rosc catha a chuirfidh glúine an namhad ag bualadh ar a chéile.


 

4. Obair aistriúcháin ar bun ag Roinn na Gaeltachta ar shuíomh ‘Éire 2016’ seachtain tar éis a sheolta

Bhí idir aistriúchán agus cheartúchán fós á ndéanamh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar ábhar Gaeilge an tsúimh Éire 2016 seachtain tar éis a sheolta ar an 12 Samhain 2014.


 

5. AR SON NA CÚISE: Tús á chur go luath le ‘50 Seachtain an Bhéarla’

Fág ‘50 Seachtain an Bhéarla’ mar atá. Is leor coicís den phlámás, den bhréagchráifeacht agus den chur i gcéill. Dá mbeadh rogha agamsa dhéanfainn ’52 Seachtain an Bhéarla’ de agus bheadh suaimhneas bliana againn.


 

Mar fhocal scoir, ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár leitheoirí as a gcuid aiseolais agus as ucht a gcuid tacaíochta ar fad.

Murach sibh, ní bheimis anseo.

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Má bhíonn aon cheist ar mhaith leat go bpléifí ar an gcolún seo í, déan teagmháil le Kevin Hickey ag kevinhickey@tuairisc.ie.

 

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'