Obair aistriúcháin ar bun ag Roinn na Gaeltachta ar shuíomh ‘Éire 2016’ seachtain tar éis a sheolta

Léiríonn eolas atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil faisnéise go raibh ábhar ar an suíomh a seoladh ar an 12 Samhain fós á aistriú go Gaeilge ar an 19 Samhain

Screen Shot 2015-03-02 at 21.03.59

Bhí idir aistriúchán agus cheartúchán fós á ndéanamh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar ábhar Gaeilge an tsúimh Éire 2016 seachtain tar éis a sheolta ar an 12 Samhain 2014.

Bhí conspóid mhór ann faoin scéal gur baineadh leas as Google Translate chun Gaeilge a chur ar shuíomh idirlín Éire 2016, an clár náisiúnta le 100 bliain an Éirí Amach a chomóradh, agus thug an Roinn le fios ag an am gur botún a rinne dearthóirí idirlín ba chúis leis an drochaistriúchán Gaeilge ann.

Ar an 13 Samhain, an lá tar éis an tseolta, thug an Roinn le fios gur úsáid an comhlacht a bhí i mbun www.ireland.ie a dhearadh, Big O Media, ‘Google Translate’ chun teacht ar ‘théacs coinneála’ (holding text) Gaeilge fad is a bhí an suíomh á fhorbairt acu, agus gur foilsíodh an t-aistriúchán mícheart de bhotún. Dúradh go raibh an t-aistriúchán ceart anois ar an suíomh.

Léiríonn cáipeisí atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, áfach, go raibh aistriúchán nua fós á dhéanamh ar chuid den ábhar Gaeilge ar an suíomh seachtain tar éis an tseolta.

Léiríonn an comhfhreagras idir an Roinn agus an comhlacht Big O Media go raibh obair aistriúcháin fós ag dul ar aghaidh le linn don suíomh a bheith bainte anuas.

Rinne Tuairisc.ie iarratas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise ar cháipéisí a bhain le ceist an aistriúcháin ar an suíomh ó thús 2014.

Níl aon taifead ag an Roinn ar aon chomhfhreagras a bhaineann le haistriúchán Gaeilge go dtí an lá i ndiaidh an tseolta, an 13 Samhain.

Ar an lá sin seoladh ríomphost ó Big O Media go dtí an Roinn inar tugadh le fios go raibh réiteach na faidhbe aimsithe acu:

“We think we may have found the issue with the site, some viewers were looking at an older version due to a caching issue with redirect. Can you confirm that this version has the correct translation on it?”

Thug Sorcha de Brúch, oifigeach sinsearach ón Roinn, le fios an mhaidin sin don chomhlacht go raibh an chuma ar an scéal go raibh an t-aistriúchán ‘ceart’ aimsithe acu.

Scríobh de Brúch ríomphost eile go dtí an comhlacht go gairid ina dhiaidh sin chun a chur in iúl dóibh go raibh leasú eile ag teastáil.

“One more line that needs changing…Tuilleadh eolais faoi Éire 2016 Should replace Mó a fhoghlaim faoi na hÉireann 2016…”

An lá dár gcionn, áfach, sheol fostaí de chuid na Roinne obair aistriúcháin eile a bhain leis an suíomh chuig an rannóg a bhí ag plé leis an scéal.

Ar an 14 Samhain, seoladh an obair aistriúcháin seo ar aghaidh chuig Big O Media leis an teachtaireacht “…text for the Irish language site, based on the English site”.

Tugadh le fios do Big O Media go mbeadh tuilleadh ríomphostanna faoin scéal ag teacht chucu.

Níos déanaí an lá sin seoladh chuig Big O Media leagan Gaeilge “updated” de bhróisiúr Éire 2016 a raibh leagan PDF de ar an suíomh.

Cuireadh in iúl chomh maith don chomhlacht go raibh an leagan Gaeilge de na ‘Permanent reminders’ ar an suíomh á sheiceáil agus go gcuirfí an téacs leasaithe ar fáil go luath.

Ag deireadh trathnóna an 14 Samhain, sheol an Roinn liosta chuig Big O Media ag tabhairt léargais dóibh ar an obair a bhí fós le déanamh.

“1. Booklet – will have a final proof of that with fresh eyes Monday morning, but looks brilliant
2. Irish text for website has been sent over
3. Additional information – Irish text being updated, should be ready shortly
4. Banners – done and gorgeous, thanks!!
5. Advisory group info – being translated, likely to be late Monday before available
6. Permanant reminders Irish text – attached here”

“There are likely to be a few more bits and pieces on Monday, but I think we’re just about there!” a dúradh sa teachtaireacht a ghabh leis an liosta.

Faoin tráth seo, bhí an suíomh bainte anuas i bhfianaise na conspóide faoi ghnéithe éagsúla den ábhar ann. I measc na n-ábhar ba mhó a bhí ag cothú conspóide, bhí an droch-Ghaeilge agus an físeán ar an suíomh a thuill drochmheas mar go bhfacthas do dhaoine nach raibh léiriú ceart ann ar Éirí Amach na Cásca ná ar a oidhreacht.

Cuireadh fógra in airde ar an suíomh ag tabhairt le fios go raibh obair chothabhála á déanamh air.

An Luain dár gcionn, an 17 Samhain, bhí comhfhreagras fós ar bun idir an Roinn agus Big O Media faoi aistriúchán Gaeilge agus cuireadh liosta eile ar fáil de na rudaí a bhí fós le déanamh.

I measc na rudaí sin bhí an ráiteas ó ghrúpa comhairleach Éire 2016.

“Statement from Advisory Group – this is being translated, it’s long and heavy text,” a dúradh.

Bhí brú ar an Roinn faoin tráth seo go mbeadh an suíomh ‘beo’ arís.

“We would prefer not to delay making the site live again pending the translation of this document – if everything else is ready, we should pull the English version of 6 and 7. Pending the availablity of the Irish version, these can then go live simultaneously,” a dúradh.

Ar an 18 Samhain, thug Big O Media le fios don Roinn go raibh an suíomh réidh arís.

“Site is ready to go live when you give the all clear,” a dúirt an comhlacht.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an Roinn go raibh siad fós ag fanacht ar obair aistriúcháin agus go raibh fadhbanna eile ann le naisc Ghaeilge agus Bhéarla ar an suíomh.

Bhíothas ag sracadh le cuid den aistriúchán faoi seo.

“Remove the bit about the advisory group entirely from both versions until we have the Irish text – nearly have it but it’s tough going,” a scríobhadh i ríomhphost chuig Big O Media.

Ar an 19 Samhain thug an Roinn le fios do Big O Media go raibh an t-aistriúchán a bhain leis an ngrúpa Comhairleach tagtha ar deireadh.

“And with that, I think that’s all of the material restranslated. Finally!” a dúirt Sorcha de Brúch, oifgeach sinsearach sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Obair aistriúcháin ar bun ag Roinn na Gaeltachta ar shuíomh ‘Éire 2016’ seachtain tar éis a sheolta'

  • Seán Mag Leannáin

    Is geall le scigaithris nó le geamaireacht an scéal seo.

  • Colmán

    Coincheapa Béarla aistrithe go Gaeilge. Seo an fhadhb. Ba cheart go mbeadh leagan Gaeilge don suíomh ann ach ní ionann ná baol air Éire Gaelach agus an Ireland seo an Bhéarla.