‘Botún’ ab ea úsáid ‘Google translate’ ar shuíomh 1916

An t-aistriúchán ‘ceart’ anois ar Ireland.ie, a deir an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta

Screen Shot 2014-11-13 at 03.21.35
An leagan ‘Google translate’ de shliocht as Forógra 1916 a bhí ar shuíomh Éire 2016

Botún a rinne dearthóirí idirlín ba chúis leis an drochaistriúchán Gaeilge ar www.ireland.ie, suíomh idirlín Éire 2016, an clár náisiúnta le 100 bliain an Éirí Amach a chomóradh a seoladh aréir.

Thug an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le fios tráthnóna gur úsáid an comhlacht a bhí i mbun www.ireland.ie a dhearadh ‘Google Translate’ chun teacht ar ‘théacs coinneála’ (holding text) Gaeilge fad is a bhí an suíomh á fhorbairt acu, agus gur foilsíodh an t-aistriúchán mícheart de bhotún.

Bhí an scéal curtha ina cheart anois, a dúirt urlabhraí na Roinne Gaeltachta.“Rinneadh téacs coinneála, a úsáideadh fad is a bhí aistriúchán á dhéanamh, a fhoilsiú de bhotún ar shuíomh beo Ireland.ie. Tá aghaidh tugtha ar an gceist seo agus tá an t-aistriúchán Gaeilge ceart beo anois ar an suíomh,” a dúirt urlabhraí ón Roinn.

Tháinig sé chun solais ar Tuairisc.ie aréir gur úsáideadh ‘Google Translate’ chun Gaeilge a chur ar shleachta Béarla www.ireland.ie, sliocht as Forógra na Poblachta féin san áireamh.

Níos luaithe tráthnóna sa Seanad, d’fhiafraigh an Seanadóir ó Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, arbh fhíor gur baineadh leas as uirlis aistriúcháin, amhail an ceann atá ag Google, chun teacht ar leagan Gaeilge den ábhar ar www.ireland.ie.

Níor thagair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, go sonrach don Ghaeilge ina freagra ar cheist Uí Chlochartaigh, ach d’admhaigh sí gur fadhbanna “teicniúla” leis an suíomh ó seoladh é.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh nach bhféadfaí glacadh leis an drochaistriúchán Gaeilge ar www.ireland.ie.