FÍSEÁN: Stop curtha le hiarracht Uí Riada Gaeilge a labhairt ag coiste

Achainí curtha ar líne ag an bhFeisire Eorpach ag iarraidh ar an Taoiseach deireadh a chur leis an maolú atá i bhfeidhm ar an nGaeilge le 10 mbliana anuas san AE

https://youtu.be/bHf-ze4rnfk

 

Cuireadh “stop láithreach” leis an bhFeisire Eorpach Liadh Ní Riada (SF) nuair a rinne sí iarracht Gaeilge a labhairt i bParlaimint na hEorpa inniu mar chuid den ‘stailc teanga’ a d’fhógair sí le déanaí.

Ba le linn cruinniú ag coiste eacnamaíocha agus airgeadais ag a raibh Plean Infheistíochta Junker á phlé a rinne Ní Riada iarracht Gaeilge a labhairt.

Ní mó ná sásta a bhí Ní Riada gur cuireadh stop léi.

“Ní féidir glacadh leis an méid a tharla le linn an choiste sin. Chuaigh mé i dteagmháil leis an dá choiste an tseachtain seo caite chun iad a chuir ar an eolas faoin stailc. Mhínigh mé go raibh mé á dhéanamh mar chomhartha agóide i gcoinne an maolú teanga agus mura rabhadar sásta seirbhís ateangaireachta a chur ar fáil bhí leigheas an scéil againn tríd úsaíd a bhaint as mo chomhairleoir polaitíochta chun an ateangaireacht a dhéanamh.

“Níor tugadh cead dom mo phointe a chríochnú agus tá sé sin do-ghlactha toisc go bhfuil stádas oifigiúil ag an hGaeilge san Aontas Eorpach.”

Idir an dá linn, tá achainí curtha ar líne ag an bhFeisire Eorpach Liadh Ní Riada ag iarraidh ar an Taoiseach deireadh a chur leis an maolú atá i bhfeidhm ar an nGaeilge le 10 mbliana anuas.

Tá teacht ar an achainí ar an suíomh achainíocha Change.org. Éilítear inti go scríobhfadh an Taoiseach litir chuig Comhairle na nAirí san Aontas Eorpach ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an maolú teanga.

Tá 100 duine luaite mar sprioc ag an achainí i láthair na huaire. Cuireadh leathchéad ainm leis an ráiteas ‘Tacaimíd le seasamh Liadh Ní Riada FPE i gcoinne an mhaolaithe agus lena Stailc Teanga i bParlaimint na hEorpa le linn Sheachtain na Gaeilge’ go dtí seo.

Chuir an Feisire Eorpa Liadh Ní Riada tús lena ‘Stailc Teanga’ I bParlaimint na hEorpa inniu mar chomhartha agóide i gcoinne mhaolú na Gaeilge san Aontas Eorpach agus chun a míshástacht faoi ‘easpa deathola’ Rialtas na hÉireann i leith na teanga a léiriú.

Nuair a d’fhógair an Feisire Ní Riada a rún dul ar stailc teanga le linn Sheachtain na Gaeilge dúirt aí go raibh sé mar aidhm aici aird a tharraingt ar an gceist chun “muintir na Gaeilge agus muintir na tíre a spreagadh chun brú a chur ar an Rialtas”.

Thug Sinn Féin le fios do Tuairisc.ie nach raibh baill tofa eile an pháirtí chun an stailc chéanna a chur suas agus go mbeadh an páirtí ag féachaint ar shlite éagsúla eile chun tacú le Ní Riada.

“Tá Sinn Féin fíorbhródúil as an úsáid a bhainimid as an nGaeilge sna forais oifigiúla stáit. Beidh plean á fhoilsiú againn le céiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge agus beidh ár dtogra chun tacú le Stailc Teanga Liadh san áireamh,” a dúradh le Tuairisc.ie.

Dúirt an Riadach, áfach, nach údar díoma ar chor ar bith é nach mbeidh baill eile ag cur suas na stailce.

“Tá tacaíocht agam ó mo chomhghleacaithe i Sinn Féin agus táim an-bhuíoch as an tacaíocht sin. Le tamall anuas bhí Martine Anderson an-ghníomhach ar cheist na Gaeilge sa Pharlaimint, agus tá tacaíocht iontach taispeánta ag Lynn (Ní Bhaoighilleáin) agus Matt (Carty) ó dúirt mé leo go raibh sé ar intinn agam dul ar stailc.

“An difríocht atá ann ná go bhfuil Gaeilge líofa agam agus táim lánábalta mo chuid oibre ar fad sa Pharlaimint a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.”

Dúirt Ní Riada nach raibh “dabht ar bith” ann ach go gcloisfí i bhfad níos mó Gaeilge i rith Sheachtain na Gaeilge ó gach Feisire ach nach raibh sé “cóir nó praiticiúil” a bheith ag súil go nglacfadh feisirí a bhfuil an Béarla mar chéad theanga acu “páirt i stailc a mhairfidh coicís”.

Roinn an Riadach físeán de Phríomh-Aire Mhálta agus é ag gearán faoi easpa cearta teanga san Aontas Eorpach ar a leathanach Twitter ar maidin.

Físeán ag barr an ailt le Adam Ó Braonáin/YouTube

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Stop curtha le hiarracht Uí Riada Gaeilge a labhairt ag coiste'

  • Seán Mag Leannáin

    Mo ghraidhin thú, a Liadh ! Glacadh leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais dála mar a glacadh leis na trí theanga is fiche eile. Más rud é nach bhfuil an stádas sin tuillte ag an nGaeilge ba chóir deireadh a chur leis. Ní dóigh liom gur chóir dúinn glacadh le leath bealaigh, nó áit na leathphingine, don teanga níos mó.

  • Eoghan ONeill

    Tá Liadh ag léiriú faidhb chulturtha eorpach ina bhfuil lucht teangacha eorpacha ag claonadh chuig aon Uebersprache amháin. Rachfadh sé chun leas na dteangacha sin ( agus an Ghaelig ina measc) dá mbeadh deis Esperanto mar theanga chothrom idir-chulturtha oifigiúil a úsáid san AE.

  • Fearn

    Ba mhaith liom dlúthpháirtíocht a léiriú le hiníon Uí Riada ina seasamh.

  • Iasan Ó Riabhaigh

    Bhfuil an t-achainí seo in aon áit ar bith eile?
    Rinne mé iarracht an t-achainí a shíniú ar change.org,ach gach uair a bhrúinn mé “Sign This Petition”,ní oibríonn sé agus níl fhios agam ar chor ar bith cén fáth.

  • Nuala Holloway

    Aontaím go huile is go hiomlán leis an méid atá ráite agat, Liadh, Comhghairdes!! Tír gan Teanga Tír gan anam.