AR SON NA CÚISE: Tús á chur go luath le ‘50 Seachtain an Bhéarla’

‘Don’t surprise yourself! Ná bain triail aisti!’ an mana atá ag an bhféile bhliantúil Bhéarla

Táthar ag fáil faoi réir an tseachtain seo do ’50 Seachtain an Bhéarla’ an fhéile teanga a reáchtáiltear ó cheann ceann na tíre ar feadh 351 lá gach bliain.

Mar chuid de ‘50 Seachtain an Bhéarla’ tugann idir pholaiteoirí agus chraoltóirí tús áite don Bhéarla agus ligeann lucht an chúpla focal Gaeilge ar fud na tíre orthu nach bhfuil fiú an cúpla focal féin acu.

Le linn ‘50 Seachtain an Bhéarla’ i mbliana beidh polaiteoirí ó gach páirtí i mbun stailc teanga féachaint an féidir leo gan ach Béarla a úsáid ar feadh an 351 lá a mhairfidh an fhéile.

Dúirt urlabhraí ó Chónra na Gaeilge, a raibh teideal fada air nár thuigeamar, go raibh sé thar am síneadh a chur le ‘Seachtain na Gaeilge’ le go bhféadfadh sé dul i gcomórtas le ’50 Seachtain an Bhéarla’.

“Tá a fhios agam go gcuirfidh sé iontas ar dhaoine mar go mbraitheann sé i bhfad níos faide ná sin, ach ní bhíonn i seachtain na Gaeilge ach coicís faoi láthair. Tá sé in am cur léi,” a dúirt an t-urlabhraí le teideal fada nár thuigeamar.

Ní gach éinne a chuir fáilte roimh mholadh an Chónra, áfach.

Dúirt Gaeilgeoir aitheanta amháin, nár mhaith leis go n-ainmneofaí é ar eagla go gcuirfí éilíteachas nó fainaiceachas ina leith ar Twitter, nár cheart cur isteach ar ‘50 Seachtain an Bhéarla’.

“Fág ‘50 Seachtain an Bhéarla’ mar atá. Is leor coicís den phlámás, den bhréagchráifeacht agus den chur i gcéill. Dá mbeadh rogha agamsa dhéanfainn ’52 Seachtain an Bhéarla’ de agus bheadh suaimhneas bliana againn,” a dúirt an Gaeilgeoir aitheanta ainaithnid.

Fág freagra ar 'AR SON NA CÚISE: Tús á chur go luath le ‘50 Seachtain an Bhéarla’'

  • Fearn

    Hó! An Inglis go deo. Go maire an sean-leanguis!

  • An Mac Dubh

    50 Shades of Béarla… Ní pósta go céasta