Trump chun ‘go leor ceisteanna’ a phlé leis an Taoiseach i gcontae an Chláir

Dúirt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá go mbeadh sé ag fanacht ag a ionad saoire gailf sa Dún Beag i gcontae an Chláir toisc ‘a áisiúla is a iontaí’ is atá sé mar áit

Tá rún ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump “go leor ceisteanna éagsúla” a phlé leis an Taoiseach ag aerfort na Sionainne an tseachtain seo chugainn.

Beidh cruinniú ag Trump leis an Taoiseach Leo Varadkar nuair a bhaineann sé an t-aerfort amach Dé Céadaoin seo chugainn.

Dúirt Trump go raibh sé ag súil go mór lena chuairt ghairid ar Éirinn an tseachtain seo chugainn.

Dúirt sé go mbeadh sé ag fanacht ag a ionad saoire gailf sa Dún Beag i gcontae an Chláir toisc “a áisiúla is a iontaí” is atá sé mar áit.

Ag labhairt dó sa Teach Bán le RTÉ News, dúirt Uachtarán Mheiriceá go mbeadh sé ag bualadh le go leor daoine le linn a chuairte

“Beimid ag bualadh le hoifigigh go leor as Éirinn. Cuairt thar oíche a bheidh ann agus tá mé ag súil leis sin,” arsa Trump.

Meastar gur dhá oíche a thabharfaidh Trump sa Dún Beag agus go bhfágfaidh sé Dé hAoine an 7 Meitheamh.

Beidh Trump san Eoraip chun freastal ar ócáidí atá ar siúl i Sasana agus sa bhFrainc mar chomóradh 75 bliain D-Day.

Fág freagra ar 'Trump chun ‘go leor ceisteanna’ a phlé leis an Taoiseach i gcontae an Chláir'