‘Ní féidir glacadh leis nach bhfuil an Stát in ann freastal go hiomlán ar dhuine i nGaeilge’ – An Ceann Comhairle

Tá cáineadh géar déanta ag daoine ar an NRA as ainmneacha Gaeilge daoine a bheith á mílitriú acu ar chártaí Leap

‘Ní féidir glacadh leis nach bhfuil an Stát in ann freastal go hiomlán ar dhuine i nGaeilge’ – An Ceann Comhairle

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá ráite ag Ceann Comhairle Dháil Éireann Seán Ó Fearghaíl nach féidir glacadh leis nach bhfuil an Stát in ann freastal go hiomlán ar an té a bheadh ag iarraidh a ghnó a dhéanamh leis trí Ghaeilge.

Bhí Ó Fearghaíl, a bheidh i bhfeighil ar an gcomóradh a dhéanfar tráthnóna ar bhunú na chéad Dála cothrom an lae seo 100 bliain ó shin, ag freagairt ceiste faoin scéala go bhfuil ainmneacha Gaeilge daoine á mílitriú ag an Údarás Náisiúnta Iompair ar chártaí Leap.

Dar leis an NTA nach féidir leo ainmneacha a bhfuil síneadh fada iontu a litriú ceart ar na cártaí taistil mar gheall ar “chonstaicí teicneolaíochta”, ráiteas atá cáinte ag go leor daoine, ina measc, Aire Stáit na Gaeltachta Séan Kyne, a dúirt gur “údar iontais” dó an scéala.

Ar na daoine eile a cháin an t-údarás iompair bhí an t-amhránaí Liam Ó Maonlaí agus an craoltóir Bláthnaid Ní Chofaigh. Dúirt Ní Chofaigh gur “raiméis” a bhí sa mhíniú a thug an NRA ar an scéal agus gurb ionann gan meas a bheith agat ar ainm duine agus gan meas a bheith agat ar an duine féin.

Deirfiúr í an craoltóir aitheanta leis an léiritheoir scannáin Ciarán Ó Cofaigh a bhunaigh feachtas le déanaí faoi cheart na nGael ar an síneadh fada ina n-ainm, feachtas atá bunaithe ar rialacháin nua a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

Is minic daoine míshásta le comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí príobháideacha nach mbíonn aon aird acu ar an síneadh fada.

Rinneadh cáineadh géar anuraidh mar shampla ar an bPríomh-Oifig Staidrimh mar nach n-áiríonn an córas atá in úsáid ó 1999 acu chun eolas a chur ar fáil faoi na hainmneacha is coitianta a thugtar ar leanaí ainmneacha a bhfuil sínte fada iontu. Deacrachtaí teicneolaíochta an míniú a bhí ag an CSO chomh maith ar an gcóras acu a bheith lochtach.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív a tharraing an t-ábhar anuas le linn ceisteanna an Taoisigh sa Dáil gur “aisteach leis” agus an oiread sin cainte ann faoi cé chomh mealltach is atá Éire do chomhlachtaí ar nós Facebook agus Google nach bhféadfadh an CSO freastal ar an síneadh fada féin ar “bhunchuid é de litriú agus foghraíocht na Gaeilge”.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill inniu gur “cuid dhílis d’ainm duine an síneadh fada – tá an-difríocht chéille idir ‘Sean’ agus Seán ‘, mar shampla, nó idir ‘Orla’ agus ‘Órla’”.

Chinn an Coimisinéir Teanga nach raibh aon fhoráil in Acht na dTeangacha Oifigiúla maidir le ceart an duine an leagan Gaeilge dá ainm a úsáid, ach go bhféadfadh go mbeadh sárú déanta ar an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí dá gcláródh comhlacht poiblí leagan mícheart d’ainm duine le haghaidh gnóthaí oifigiúla. Dúirt an Coimisinéir gur ábhar é seo “atá le himscrúdú ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí”.

Idir an dá linn, tá molta sa dréachtreachtaíocht nua a bhfuil fúithi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúila go mbeadh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí maidir le húsáid ainmneacha agus seoltaí Gaeilge.

Dúirt an NRA go rachfaí i ngleic le ceist an tsínte fhada uair éigin amach anseo nuair a bheadh “deis ann”.

Fág freagra ar '‘Ní féidir glacadh leis nach bhfuil an Stát in ann freastal go hiomlán ar dhuine i nGaeilge’ – An Ceann Comhairle'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘…uair éigin amach anseo nuair a bheadh “deis ann”.’

    An sean sceál céanna ó ranna rialtais na tíre seo. NÁIREACH!!

    Tá sé chomh holc sin anois is go nglacann daoine lena n-ainmneach gan an fada – nó síltear gur sin mar a litrítear iad!!! i. Ronan, Sinead.

    Ach cá dtosaíonn an aineolais seo? Nuair a chláraítear an leanbh go hoifigiúil? Cá bhfaigheann na tuismitheoirí an t-ainm sa chéad áit?? An bhfuilthear ag iarraidh ainm ‘úr’ a chumadh gan fada ar bith?… Tionchar D4 Bhaile Átha Cliath…??

    Coinníoll Ghaeilg don Ghaeltacht.