Maíonn Conradh na Gaeilge go bhfuil an tacaíocht don chomharthaíocht dhátheangach sráide i mBéal Feirste “i bhfad níos mó” ná a bhfuil ina coinne.
De réir taighde nua atá foilsithe ag an eagraíocht teanga, thacaigh naonúr as gach deichniúr le comharthaíocht dhátheangach taobh amuigh de ‘Cheathrú Ghaeltachta’ Bhéal Feirste. Níor chuir ach 2.9% de na cónaitheoirí i gcoinne na comharthaíochta sna suirbhéanna a rinne Comhairle Cathrach Bhéal Feirste ar 536 sráid ar fud na cathrach, an ‘Cheathrú Ghaeltachta’ san áireamh.
Maítear sa staidéar gur ghlac gach uile chónaitheoir leis an gcomharthaíocht dhátheangach i 73% de na suirbhéanna agus nár chuir tromlach na gcónaitheoirí in aghaidh na comharthaíochta dátheangaí ar shráid ar bith. Fuarthas gur chuir 1.7% de lucht freagartha na suirbhéanna in aghaidh na comharthaíochta Béarla agus Gaeilge, ar an meán.
Rinne an Conradh taighde ar mhiontuairiscí de chuid Choiste na bPobal i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste agus ar an Tuarascáil Achoimre ar Scéim Chomharthaíocht Sráide na Ceathrún Gaeltachta.
Nuair a fhágtar torthaí an taighde sa ‘Ceathrú Ghaeltachta’ as an áireamh, thacaigh 90% de lucht freagartha na suirbhéanna leis an gcomharthaíocht, agus ar 96% de na sráideanna, thacaigh tromlach na gcónaitheoirí léi. Níor chuir oiread is duine amháin in aghaidh na comharthaíochta dátheangaí ar 54% de na sráideanna, agus ar an iomlán níor chuir ach 3.9% de chónaitheoirí taobh amuigh den ‘Cheathrú Ghaeltachta’ in haghaidh.
Foilsíodh torthaí an taighde inniu sular pléadh rún os comhair an Tionóil trína gcuirfear i gcoinne pholasaí sráidainmneacha Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste – polasaí a tugadh isteach trí bliana ó shin.
Is iad an DUP atá ag cur an rúin sin chun cinn agus tá an páirtí Aontachtach ag maíomh gur próiseas “neamhdhaonlathach agus leatromach” atá sa pholasaí. Faoin bpolasaí, caitear suirbhé a dhéanamh ar chónaitheoirí na sráide agus caithfidh ar a laghad 15% de na daoine a bheith i bhfách leis an gcomharthaíocht dhátheangach.
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus Comhordaitheoir Pleanála Teanga in Iarthar Bhéal Feirste, go léiríonn taighde an Chonartha gur “mionlach beag bídeach” atá in aghaidh na comharthaíochta dátheangaí ar na sráideanna a ndearnadh suirbhé orthu.
“Thacaigh naonúr as gach deichniúr cónaitheoirí a d’fhreagair an suirbhé ar na sráideanna sin uilig leis an chomharthaíocht dhátheangach. Bréagnaíonn an méid sin na gearáin fhadbhunaithe atá déanta ag an DUP agus eile, atá ag maíomh le fada an lá go bhfuil freasúra ollmhór i gcoinne na Gaeilge mar chuid dá n-iarrachtaí an polasaí seo a chur ó mhaith.
“Níl aon bhunús leis an éileamh sin de réir na bhfigiúr úr seo. Léiríonn na staitisticí úra go bhfuil an líon daoine atá ag cur i gcoinne na comharthaíochta dátheangaí beag bídeach ar fad, agus ar 76% den 536 sráid a ceadaíodh, níor chuir oiread is cónaitheoir amháin ina gcoinne,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.
Dúirt sé gurbh fhearr don DUP “a gcuid ama agus fuinnimh a chaitheamh ag cur i bhfeidhm na gcoimitmintí atá ar a gcuid Airí i leith na Gaeilge” agus luaigh sé an Coimisinéir Gaeilge don Tuaisceart, nach bhfuil ceaptha fós.
Pléifear rún an DUP i dTionól Stormont tráthnóna.
Fág freagra ar 'Formhór mór cónaitheoirí i mBéal Feirste i bhfách le comharthaíocht dhátheangach – taighde'