Agus gan ach sé lá fágtha go dtí vóta cinniúnach na Máirt seo chugainn in Westminster, is cosúla ná riamh go ndéanfaidh ceist an chúlstop margadh Breatimeachta Theresa May a chniogadh sa pharlaimint.
Tá Príomh-Aire na Breataine i mbun cainteanna i gcónaí d’fhonn fuascailt a fháil ar an tsáinn is déanaí ina bhfuil a margadh Breatimeachta mar gheall ar cheist na teorann in Éirinn.
Tuairiscítear tráthnóna go bhfuil May ag iarraidh teacht ar sheifteanna éagsúla le lucht an amhrais a chur ar a suaimhneas faoin gcomhairle dlí a fuair a Rialtas inar dúradh go bhféadfadh go mairfeadh an ‘cúlstop’ go brách agus go mbeadh an Ríocht Aontaithe “sáinnithe” i mbabhta i ndiaidh babhta idirbheartaíochta i ndiaidh an Bhreatimeachta.
Agus níos lú ná seachtain fágtha go dtí vóta na cinniúna faoin margadh in Westminster, tuairiscítear go bhfuil May ag féachaint, i measc rudaí eile, le “parliamentary lock” i dtaobh cheist na teorann a thairiscint dóibh siúd atá i gcoinne an mhargaidh.
D’fhágfadh a leithéid nach bhféadfaí feidhm a thabhairt don chúlstop gan cead na Parlaiminte.
Tá an cúlstop, an socrú chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint i ndiaidh an Bhreatimeachta, ar an dris chosáin is mó roimh mhargadh May a mbeidh vóta cinniúnach faoi an tseachtain seo chugainn in Westminster.
De réir chomhairle dlí an Ard-Aighne Geoffrey Cox, a foilsíodh nuair a fuarthas gur díspeagadh parlaiminte é ag an Rialtas gan í a chur ar fáil, d’fhéadfadh go bhfágfadh margadh May an Ríocht Aontaithe ‘sáinnithe’ sa chúlstop ‘go brách’.
Dar le Cox go mairfeadh an fhoráil a bhaineann leis an gcúlstop, fiú dá dteipfeadh ar na cainteanna idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach i ndiaidh an Bhreatimeachta.
“De réir an dlí idirnáisiúnta, sheasfadh an prótacal go dtí go dtiocfadh socrú eile ina áit,” a deirtear sa chomhairle dlí a cuireadh ar fáil do Rialtas na Breataine.
Deir Cox, sa chás nach mbeadh cead ag an Ríocht Aontaithe deireadh a chur leis an gcúlstop go mbeadh “baol ó thaobh dlí ann” gur idirbheartaíocht gan stad a bheadh i ndán di.
B’éigean don Rialtas an chomhairle dlí sin a fhoilsiú inniu, nuair a fuarthas inné i vótaí parlaiminte stairiúla gur díspeagadh parlaiminte a bhí ina ceilt.
Is amhlaidh gur threisigh an chomhairle dlí ar an imní atá ar Thóraithe áirithe agus ar an DUP faoin gcúlstop i dtaobh theorainn na Breataine in Éirinn.
Dar le Cox go bhfanfadh Tuaisceart Éireann i margadh aonair an AE ó thaobh earraí de, fad is a bheadh socrú eile i bhfeidhm sa chuid eile den Ríocht Aontaithe.
“Go bunúsach caitheann NI [Tuaisceart Éireann] le GB [An Bhreatain Mhór] amhail is gur tríú tír í chomh fada agus a bhaineann sé le hearraí as GB go NI,” a deir Cox.
Dúirt Nigel Dodds, feisire parlaiminte de chuid an DUP, nach bhféadfaí glacadh leis an socrú seo “beag ná mór” agus gur plean “mire” a bhí ann ó thaobh na heacnamaíochta, a d’fhágfadh bacanna trádála laistigh den Ríocht Aontaithe.
Fág freagra ar 'Margadh May i mbaol a basctha ag ceist na teorann'