Margadh May i mbaol a basctha ag ceist na teorann

Tuairiscítear go bhfuil Príomh-Aire na Breataine Theresa May ag iarraidh teacht ar sheifteanna le lucht an amhrais a chur ar a suaimhneas faoin gcomhairle dlí a fuair a Rialtas inar dúradh go bhféadfadh go mairfeadh an ‘cúlstop’ go brách

Margadh May i mbaol a basctha ag ceist na teorann

Agus gan ach sé lá fágtha go dtí vóta cinniúnach na Máirt seo chugainn in Westminster, is cosúla ná riamh go ndéanfaidh ceist an chúlstop margadh Breatimeachta Theresa May a chniogadh sa pharlaimint.

Tá Príomh-Aire na Breataine i mbun cainteanna i gcónaí d’fhonn fuascailt a fháil ar an tsáinn is déanaí ina bhfuil a margadh Breatimeachta mar gheall ar cheist na teorann in Éirinn.

Tuairiscítear tráthnóna go bhfuil May ag iarraidh teacht ar sheifteanna éagsúla le lucht an amhrais a chur ar a suaimhneas faoin gcomhairle dlí a fuair a Rialtas inar dúradh go bhféadfadh go mairfeadh an ‘cúlstop’ go brách agus go mbeadh an Ríocht Aontaithe “sáinnithe” i mbabhta i ndiaidh babhta idirbheartaíochta i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Agus níos lú ná seachtain fágtha go dtí vóta na cinniúna faoin margadh in Westminster, tuairiscítear go bhfuil May ag féachaint, i measc rudaí eile, le “parliamentary lock” i dtaobh cheist na teorann a thairiscint dóibh siúd atá i gcoinne an mhargaidh.

D’fhágfadh a leithéid nach bhféadfaí feidhm a thabhairt don chúlstop gan cead na Parlaiminte.

Tá an cúlstop, an socrú chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint i ndiaidh an Bhreatimeachta, ar an dris chosáin is mó roimh mhargadh May a mbeidh vóta cinniúnach faoi an tseachtain seo chugainn in Westminster.

De réir chomhairle dlí an Ard-Aighne Geoffrey Cox, a foilsíodh nuair a fuarthas gur díspeagadh parlaiminte é ag an Rialtas gan í a chur ar fáil, d’fhéadfadh go bhfágfadh margadh May an Ríocht Aontaithe ‘sáinnithe’ sa chúlstop ‘go brách’.

Dar le Cox go mairfeadh an fhoráil a bhaineann leis an gcúlstop, fiú dá dteipfeadh ar na cainteanna idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach i ndiaidh an Bhreatimeachta.

“De réir an dlí idirnáisiúnta, sheasfadh an prótacal go dtí go dtiocfadh socrú eile ina áit,” a deirtear sa chomhairle dlí a cuireadh ar fáil do Rialtas na Breataine.

Deir Cox, sa chás nach mbeadh cead ag an Ríocht Aontaithe deireadh a chur leis an gcúlstop go mbeadh “baol ó thaobh dlí ann” gur idirbheartaíocht gan stad a bheadh i ndán di.

B’éigean don Rialtas an chomhairle dlí sin a fhoilsiú inniu, nuair a fuarthas inné i vótaí parlaiminte stairiúla gur díspeagadh parlaiminte a bhí ina ceilt.

Is amhlaidh gur threisigh an chomhairle dlí ar an imní atá ar Thóraithe áirithe agus ar an DUP faoin gcúlstop i dtaobh theorainn na Breataine in Éirinn.

Dar le Cox go bhfanfadh Tuaisceart Éireann i margadh aonair an AE ó thaobh earraí de, fad is a bheadh socrú eile i bhfeidhm sa chuid eile den Ríocht Aontaithe.

“Go bunúsach caitheann NI [Tuaisceart Éireann] le GB [An Bhreatain Mhór] amhail is gur tríú tír í chomh fada agus a bhaineann sé le hearraí as GB go NI,”  a deir Cox.

Dúirt Nigel Dodds, feisire parlaiminte de chuid an DUP,  nach bhféadfaí glacadh leis an socrú seo “beag ná mór” agus gur plean “mire” a bhí ann ó thaobh na heacnamaíochta, a d’fhágfadh bacanna trádála laistigh den Ríocht Aontaithe.

Fág freagra ar 'Margadh May i mbaol a basctha ag ceist na teorann'