Cuma na maitheasa ar na Piarsaigh arís i mbliain stairiúil do Luimneach

Is speisialta fós craobh an chontae san áit arb as do sheaimpíní na hÉireann

Cuma na maitheasa ar na Piarsaigh arís i mbliain stairiúil do Luimneach

Imreoir na bPiarsach, Niall Buckley. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Bíonn rud éigin speisialta ag baint gach bliain leis an gcraobh chontae sa chontae a bhuaigh craobh na hÉireann. Dar ndóigh, nuair nár bhuaigh an contae sin corn Liam Mhic Cárthaigh ó 1973, tá cluiche ceannais chraobh an chontae níos tarraingtí fós. Maidir leis na himreoirí atá ag glacadh páirte ann, tá an seans acu bonn an chontae a chur leis an mbonn diamhair a bhuadar i lár mhí Lúnasa.

Is iad Dún Bleisce agus curaidh na bliana seo caite, na Piarsaigh, a bheidh ag tabhairt aghaidh ar a chéile anocht faoi shoilse i bPáirc na nGael i Luimneach. Tá gné stairiúil eile ag baint leis an gcluiche seo mar gurb é seo an chéad uair ag an chluiche ceannais a bheith á imirt faoi shoilse.

Áthán a bhíodh ina máistrí tráth ar an gcraobh seo agus ceithre chraobh déag buaite ag an gclub ársa sin idir 1933 agus 1949. Bhuaigh siad seacht gcinn as a chéile, chailleadar dhá cheann i lár baill agus ansin bhuadar seacht gcinn eile as a chéile.

Is minic Christy Ring luaite agam i mo chuid colún anseo ach bhí Mick Mackey Átháin beagnach ar aon dul leis le linn a shaol iomána lena chlub. Idir 1931 agus 1948 bhuaigh sé 15 craobh chontae iomána mar aon le cúig cinn de chraobhacha peile. Bhí Mackey agus Áthán ina máistrí sna seanlaethanta sin. Ait go leor thóg sé 43 bliain orthu a gcéad chraobh eile a bhuachaint, rud a d’éirigh leo a dhéanamh i 1998.

20 bliain níos déanaí, in 2018, is iad na Piarsaigh na máistrí i Luimneach agus an chraobh buaite acu gach re bliain ó 2011.

Má leanann an patrún sin, tabharfaidh Dún Bleisce Corn John Daly leo den chéad uair riamh anocht. Agus i mbliain stairiúil don chontae, nach iontach an rud a bheadh ann don seanchlub sin ó oirthear an chontae. 

Ach beidh sé deacair orthu agus iad i gcoinne ceann des na foirne is fearr sa tír le sé nó seacht de bhlianta anuas. Gach bliain a bhuaigh na Piarsaigh craobh an chontae d’éirigh leo craobh an Chúige a thabhairt leo leis. Le linn na tréimhse sin, bhuadar craobh Uile-Éireann amháin agus chailleadar cluiche ceannais amháin eile. Dar ndóigh is níos luaithe i mbliana a chailleadar an cluiche sin i ndiaidh cluiche athimeartha.

Chuaigh a lánchúlaí Mike Casey chun páirce ó thús i gcluiche ceannais na hÉireann le Luimneach i mbliana agus bhí a dheartháir Peter, Shane Dowling, Kevin Downes agus William Hickey i measc na bhfear ionaid. Chomh maith leo siúd tá cuid eile de na himreoirí is fearr sa chontae acu, leithéidí na ndeartháireacha Dempsey agus Boylan, Cathal King agus an naoscaire Adrian Breen.

Níl Dún Bleisce gan a réalta féin acu. Bhí Richie English é féin ag imirt don chontae i bPáirc an Chrócaigh i lár mhí Lúnasa agus uimhir a 4 ar a dhroim agus bhí an-bhliain freisin ag Darragh O’Donovan lár páirce do Luimneach. Bhí an tosaí Pat Ryan i measc na bhfear ionaid don chontae.

Tá na Piarsaigh ina rogha láidir ag na geallghlacadóirí agus ag tráchtairí na meán. Thuigfeá dóibh. Is deacair cás láidir a dhéanamh do Dhún. Tá spiorad fíorláidir iontu agus beidh coimhlint cheart ann. Ceapaim, áfach, go seasfaidh taithí na seaimpíní leo. Sílim go gcuirfidh na Piarsaigh deireadh leis an mallacht (focal róláidir b’fhéidir! ) atá orthu ó 2011 agus go n-éireoidh leo craobh an chontae a bhuachan den dara bliain as a chéile.

Fág freagra ar 'Cuma na maitheasa ar na Piarsaigh arís i mbliain stairiúil do Luimneach'