ASNC: 40% den phobal muiníneach as a gcumas freagra macánta a thabhairt faoin nGaeilge – pobalbhreith Ar Son na Cúise

34.437% den phobal a d’aontaigh leis an ráiteas: ‘If asked a question about my competency in Irish as part of an opinion poll, I would probably lie brazenly out of a sense of post-colonial shame’.

ASNC pobalbhreith

Níl ach 40% den phobal muiníneach as a gcumas freagra macánta a thabhairt sa chás go gcuirfí ceist orthu faoin nGaeilge mar chuid de shuirbhé náisiúnta, de réir suirbhé náisiúnta nua faoi shuirbhéanna náisiúnta.

D’aontaigh 77% de dhaoine a ghlac páirt sa phobalbhreith, atá díreach cumtha ag Ar Son na Cúise, go láidir leis an ráiteas ‘If asked a question about my competency in Irish as part of an opinion poll, I would probably exaggerate slightly’.

34.437% den phobal a d’aontaigh go láidir leis an ráiteas ‘If asked a question about my competency in Irish as part of an opinion poll, I would probably lie brazenly out of a sense of post-colonial shame’.

Níor aontaigh ach 37% de na daoine a ceistíodh leis an ráiteas ‘If asked a question about my competency in Irish as part of an opinion poll, I would tell the unvarnished truth, and to hell with what anyone thinks – they’re all a bunch of nutters anyway’.

D’aontaigh 99.217878% de rannpháirtithe an tsuirbhé go ‘measartha láidir’ leis an ráiteas, ‘If asked a question about my competency in Irish as part of an opinion poll I would be slightly more liberal with the truth than I would be if asked a similar question as part of the Census’.

Thug 53% den 52% eile le fios gur mhaith leo go mbeadh oideachas trí Ghaeilge ar fáil saor in aisce do homaighnéasaigh atá ag iarraidh pósadh in aois pinsin.

Cruthaíonn an suirbhé úr go raibh an suirbhé deireanach ag  Ar Son na Cúise míchruinn, mícheart agus mífholláin (agus mí as dáta).

Mheas 41% eile nár cheart go mbeadh iachall ar Ghardaí a bhfuil col cúigear acu sa Ghaeltacht seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil ag an deireadh seachtaine.

Cheistigh 17% de phobal an Tuaiscirt úsáid an Tuisil Tabharthaigh i gceist 9 (b) den suirbhé.

5% den dream a ceistíodh a théann chuig seirbhís eaglasta trí Ghaeilge ar Lá ‘le Stiofáin.

Thug 11% le fios go raibh dualgas ar an Acadamh cúrsaí go leibhéal céime a chur ar fáil in Uíbh Fhailí.

Ba iad na daoine idir 24 agus 31 bliain nár íoc aon táille uisce mar agóid in aghaidh a laghad Gaeilge a bhíonn ar TV3 is mó a chreid go raibh an dualgas sin ar an Acadamh.

Déanann Donncha Ó hÉallaithe anailís chuimsitheach ar an suirbhé ar lch 72-258 thíos.

Beidh tuilleadh faoi seo ar Nuacht an Iarthair.