Ba iad an bheirt bhuaiteoirí Oscar ón ghrúpa The Swell Season a chuir clabhsúr aréir ar fhéasta mór ceoil agus ealaíne a reáchtáladh i ngort i mBaile na bPoc i bParóiste Mórdhach i gCorca Dhuibhne le roinnt laethanta anuas.
Bhí Glen Hansard, amhránaí agus cumadóir aitheanta as Baile Átha Cliath, agus Markéta Irglová pianódóir as an tSeic, ar an dream deiridh a sheinn sa phuball mór bán a tógadh go speisialta don fhéile.
I measc na gceoltóirí eile a bhí le cloisteáil ar an ardán le linn na féile, bhí Ye Vaga Bonds, Peadar Ó Riada, Liam Ó Maonlaí, Lisa O’Neill, Nell Ní Chróinín agus muintir Bheaglaoich, ar leo an gort inar tógadh an puball.
Reáchtáladh an ócáid mar chuid de chamchuairt ‘Come Up to the House’, seó a thug an mórchompántas taistil drámaíochta Footsbarn agus ceoltóirí éagsúla ar fud na tíre an samhradh seo.
Agus scéal na féile i mBaile na bPoc á fhógairt, scaipeadh comhordanáidí an ghoirt i nGaeltacht Chorca Duibhne ar bhileoga agus ar líne le go bhféadfadh daoine an láthair iargúlta a aimsiú.
Ag labhairt dó le Nuacht RTÉ, dúirt Hansard, duine de lucht eagair ‘Come Up to the House’, gurbh é “an rud ab fhearr ar fad” faoin chamchuairt ná go raibh deis acu é a chur ar siúl taobh thiar den Daingean.
“Bhí fiántas na cruthaitheachta ag baint leis agus b’iontach an rud é leaindeáil sa tírdhreach sceirdiúil seo agus na pubaill a fheiceáil,” a dúirt Hansard.
Cé nach bhfuil “aon phlean ann fós”, dúirt Cormac Ó Beaglaoich, a chuidigh lena mhuintir an fhéile a chur ar bun, gur “bhreá” leo a leithéid d’ócáid a reáchtáil arís amach anseo.
Fág freagra ar 'An-rath ar fhéile cheoil ag a raibh beirt bhuaiteoirí Oscar ag seimint i ngort i gCorca Dhuibhne'