14 oifig poist Gaeltachta le dúnadh faoi scéim An Post

Deir Príomhfheidhmeannach An Post David McRedmond nach gcuirfidh dúnadh 159 oifig poist isteach ach ar 3.7% de chustaiméirí An Post agus gurbh fhearr an tseirbhís a bheadh ag an 96% eile

14 oifig poist Gaeltachta le dúnadh faoi scéim An Post

Tá 14 oifig poist Gaeltachta i measc an 159 oifig poist atá le dúnadh faoi scéim dheonach iomarcaíochta de chuid An Post.

De réir an liosta is déanaí ó An Post, tá trí oifig eile le dúnadh i nGaeltacht Dhún na nGall chomh leis na cinn a bhí á lua go dtí seo. Tá na hoifigí eile sin in Ailt an Chorráin, Bun an Leaca agus Mín an Aoire.

Is iad na hoifigí Gaeltachta i nDún na nGall ar tuairiscíodh cheana go mbeidh siad ag dúnadh ná oifig an Bhuna Bhig, oifig Dhún Fionnachaidh, oifig Ghort an Choirce agus oifig Mhín an Lábáin.

Ceithre oifig i nGaeltacht na Gaillimhe atá le dúnadh, oifig Indreabháin, oifig Leitir Mealláin agus oifigí Chorr na Móna agus na Cloiche Brice i nDúiche Seoigheach.

Ar na hoifigí i gCiarraí a bheidh ag dúnadh, tá oifigí Bhaile an Sceilg agus Mháistir Gaoithe in Uíbh Ráthach. Ar an liosta chomh maith tá oifig Fhionnaithe i nGaeltacht Mhaigh Eo.

Tá 12 oifig an phoist i gContae Chorcaí ar liosta An Post, ach níl aon oifig Ghaeltachta ina measc. Is amhlaidh an scéal i gcás na dtrí oifig i bPort Láirge atá ar an liosta is déanaí atá foilsithe ag An Post.

Chun go nglacfaí le hiarratas ar scéim dheonach An Post, chaithfeadh oifig poist eile a bheith i bhfoisceacht 15 ciliméadar den cheann a bhí ag iarraidh dúnadh.

Maidir le muintir na Gaeltachta, is iad muintir Bhaile na Sceilg in Uíbh Ráthach is faide a bheidh aistear orthu go dtí an oifig is gaire dóibh, oifig an Choireáin atá 12.7 ciliméadar ó bhaile. Sin an dara haistear is faide a bheidh le déanamh de thoradh dhúnadh an 159 oifig poist.

Aistear 10.5 ciliméadar a bheidh ar mhuintir Leitir Meallaín i gConamara go dtí oifig Leitir Móir agus beidh ar mhuintir Dhún Fionnachaidh i nDún na Gall 10 gciliméadar bóthair a chur díobh go dtí oifig An Chraoslaigh.

Tá oifig poist eile sa Ghaeltacht le dúnadh an mhí seo chugainn, oifig Bhaile na nGall i gCorca Dhuibhne, mar a bhfuil an máistreás poist ag dul ar scor.

Dúirt Príomhfheidhmeannach An Post David McRedmond nach “ionsaí” ar mhuintir na tuaithe a bhí i ndúnadh na n-oifigí poist ach plean tarrthála d’oifigí poist ar fud na tíre. Mhaígh McRedmond nach gcuirfeadh an scéim isteach ach ar 3.7% de chustaiméirí An Post agus gurbh fhearr an tseirbhís a bheadh ag an 96% eile.

Dúirt urlabhraí cumarsáide Fhianna Fáil Timmy Dooley nach bhféadfaí glacadh leis go mbainfí seirbhísí de chuid den phobal le go mbeadh seirbhísí níos fearr ag daoine eile. Dúirt Caithaoirleach Ghrúpa Neamhspleách na Máistrí Poist Tom O’Callaghan gur “buille uafásach” é dúnadh an 159 oifig.

 

Fág freagra ar '14 oifig poist Gaeltachta le dúnadh faoi scéim An Post'