8 bhfeisteas snámha faiseanta don samhradh

Is cuma an bicíní beag cróiseáilte, ceann gan strapaí nó culaith shnámha thraidisiúnta atá uait tá rogha le moladh ag ár gcomhfhreagraí

8 bhfeisteas snámha faiseanta don samhradh

Is ionann saoire do go leor againn agus am a chaitheamh cois trá sa mbaile nó thar sáile. Tá sé tábhachtach an chulaith shnámha cheart a bheith ar dhuine fiú má sheachnaíonn tú an fharraige agus gur caite ar an ngaineamh is mó a bhíonn tú ag déanamh bolg le gréin. Tá rogha bhreá de chultacha snámha le fáil faoi láthair atá feiliúnach do thrá ar bith agus níl siad ródhaor ar chor ar bith.

 

  • Feisteas snámha le polcaphoncanna ó & Other Stories ar €34

Tá an feisteas snámha álainn seo le fáil sa siopa ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath agus ar líne. Cuireann an ceann seo cuma iontach ar aon duine a chaitheann é.

  • Barr bicíní le V-mhuineál ó Zara ar €17.95

Ón mbranda Bamba, rogha choitianta ag na réalta mór le rá, a fuair Zara an ‘inspioráid’ don bharr bicíní seo ach tá an leagan seo ar phraghas i bhfad níos réasúnta ná mar a bheadh ag Bamba.

  • Culaith shnámha dhúghorm ó Mango ar €39.95

Is breá liom an leathghualainn le himeall scolbáilte atá ar an gceann seo agus an fhabraic thiubh sin a chuirfidh cruth deas ort.

 

  • Bicíní dearg gan strapaí ó Missguided ar €14.00

Más fút am a chaitheamh ag déanamh bolg le gréin, is rogha iontach an bicíní seo mar nach bhfuil aon strapaí air a d’fhágfadh lorg nó marcanna ort. Tá sé ar fáil i cheithre dhath eile freisin ach is é an ceann dearg seo mo rogha féin.

  • Culaith shnámha le stríocaí ó Warehouse ar €47.00

Tá sé daor ceart go leor ach níl aon amhras orm ach gurbh é seo an ceann is fearr liom féin. Is breá liom an dearadh, an gearradh chun tosaigh agus an patrún dearg agus bán.

  • Bicíní ‘Marmaris’ ó Boohoo ar €30.00

Tá patrún álainn bláthach ar an gceann seo ó Boohoo le brístíní bicíní a bhful básta ard orthu agus a oireann do go leor daoine.

  • Feisteas snámha burgúnach ó H&M ar €27.99

‘Shaping’ a thugtar ar an bhfeisteas seo a thugann le fios go bhfuil jab ar leith le déanamh aige – cabhraíonn sé le cruth iontach a chur ar do cholainn. Tá an ceann seo ar fáil i ndathanna eile freisin ach is é an dath burgúnach seo is mó a thaitin liom féin.

  • Bicíní gorm cróiseáilte ó ASOS ar €19.36

Seo bicíní ó ASOS gur féidir ‘measc agus meaitseáil’ a dhéanamh air chun an bicíní is feiliúnaí duit féin a roghnú. Taithíonn an dath gorm agus an fhabraic seo go mór liom féin. 

 

 

Fág freagra ar '8 bhfeisteas snámha faiseanta don samhradh'

  • píotar

    Conas a sheasóidh siad an fuacht?