606 cás nua den choróinvíreas fógartha, an dara ráta scaipthe is airde sa stát i nDún na nGall

Bhain 57 den 606 cás den Covid-19 a fógraíodh tráthnóna le Dún na nGall agus tá an dara ráta scaipthe is airde sa tír anois sa chontae

606 cás nua den choróinvíreas fógartha, an dara ráta scaipthe is airde sa stát i nDún na nGall

Tá triúr eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

606 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

312 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 75 díobhsan in aonad dianchúraim. Cuireadh 24 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé Luain seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 503,796 duine agus an dara dáileog faighte ag 186,653 duine.

Bhain 57 den 606 cás den Covid-19 a fógraíodh tráthnóna le Dún na nGall.

32 cás a bhí i gcontae na Mí, 18 cás a bhí i gCorcaigh agus 12 cás a bhí i nGaillimh.

Ocht gcás a bhí i Maigh Eo, seacht gcás a bhí i bPort Láirge agus bhí níos lú ná cúig chás le fógairt i gCiarraí.

Meánráta 160 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Tá an dara ráta is airde sa stát i nDún na nGall (261) agus tá an ráta i gcontae na Mí (225) níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 134 atá i nGaillimh, 131 atá i bPort Láirge,  agus 63 atá i Maigh Eo. Ráta 46 atá i gCiarraí agus 43 atá i gCorcaigh, an dara ráta is ísle sa tír.

Deir an Tánaiste Leo Varadkar gur ar éigean a d’fhéadfaí líon laethúil na gcásanna Covid-19 a thabhairt anuas chomh híseal agus a bhíodar anuraidh de bharr cineál an B117 a bheith i réim faoi láthair.

Dúirt sé “gur dheacair a fheiceáil” conas a d’fhéadfaí an ráta a thabhairt anuas faoi 500 cás sa lá, d’ainneoin “iarrachtaí ollmhóra mhuintir na hÉireann”.

Is léir ón gcaint sin go mbeidh an Rialtas ag brath ar fheabhas a chur ar an gclár vacsaínithe chun aon mhaolú a dhéanamh ar na srianta agus an víreas a chloí.

Agus é ag caint sa Dáil inniu, dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go mbeadh snáthaid amháin nó péire in aghaidh an Covid-19 tairgthe do cheathrar as gach cúigear de mhuintir na tíre faoi dheireadh an Mheithimh. Ar ndóigh braitheann an sprioc sin ar chomhlachtaí cógaisíochta a gcuid conarthaí seachadta a chomhlíonadh.

Dúirt go mbeadh 1.1 milliún dáileog vacsaíní faighte ag an tír seo ó thrí chomhlacht faoi dheireadh an Mhárta agus go mbeadh Jannsen ag soláthar vacsaíní dúinn san Aibreán.

Ní raibh bás ar bith de dheasca an Covid-19 le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu.

Seo an dara lá as a chéile nach raibh aon bhás le fógairt ó thuaidh den teorainn agus an chéad uair le sé mhí ar tharla a leithéid.

Dúirt an tAire Sláinte in Stormont Robin Swann inniu go mbeadh cead taistil trasteorann ag brath ar líon na ndaoine ó thuaidh agus ó dheas den teorainn a mbeadh an tsnáthaid faighte acu.

Chuir Swann saoire thar lear as an áireamh, cé go ndúirt sé nach ngearrfaí aon fhíneáil ar dhaoine a théann thar sáile an samhradh seo.

183 cás nua den ghalar a deimhníodh i measc an 2,890 duine ar cuireadh tástáil orthu. 153 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 14 acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 703,334 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 104,907.

6,738 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,107 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,631 duine ó dheas di.

349,273 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 232,758 cás ó dheas den teorainn agus 116,515 cás ó thuaidh di.

 

Fág freagra ar '606 cás nua den choróinvíreas fógartha, an dara ráta scaipthe is airde sa stát i nDún na nGall'