6 scoil lán-Ghaeilge i measc na scoileanna is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal

Is í Gaelcholáiste Chill Dara an scoil ‘is mó feabhas’ sa stát maidir le daltaí a sholáthar d’institiúidí tríú leibhéal agus tá scoil lán-Ghaeilge agus dhá scoil Ghaeltachta i measc na ndeich scoil eile is mó a rinne dul chun cinn sna táblaí a fhoilsítear san Irish Times

6 scoil lán-Ghaeilge i measc na scoileanna is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal

Tá Laurel Hill Coláiste FCJ, meánscoil lán-Ghaeilge do chailíní i Luimneach, ar an scoil gan táille is mó sa stát a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal, de réir eolais atá foilsithe ar maidin san Irish Times.

Tá Coláiste Eoin, scoil lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, ar an dara scoil scoil gan táille is mó sa stát a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal.

Nuair a chuirtear scoileanna príobháideacha san áireamh, tá Laurel Hill Coláiste FCJ sa séú háit sa Stát agus tá Coláiste Eoin san ochtú háit. Sé scoil lán-Ghaeilge atá ar an tábla de na scoileanna a sholáthraíonn 100% dá ndaltaí d’institiúidí tríú leibhéal, Laurel Hill Coláiste FCJ, Coláiste Eoin, Gaelcholáiste Chill Dara sa Nás, Coláiste Íosagáin, An Charraig Dhubh, Baile Átha Cliath, Coláiste na Coiribe, Gaillimh, agus Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí.

Is í Gaelcholáiste Chill Dara an scoil ‘is mó feabhas’ sa stát maidir le daltaí a sholáthar d’institiúidí tríú leibhéal agus tá scoil lán-Ghaeilge agus dhá scoil Ghaeltachta i measc na ndeich scoil is mó a rinne dul chun cinn sna táblaí seo in 2017 – Coláiste Cholmcille, Indreabhán, atá sa tríú háit sa stát, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, atá sa chúigiú háit agus Coláiste Pobail Osraí Cill Chainnigh atá san ochtú háit.

Tá cur síos sna táblaí, freisin, ar na scoileanna is mó a chuireann daltaí ar aghaidh chuig cúrsaí ‘ard-phointí’ ag an tríú leibhéal. Is é sin le rá, na cúrsaí tríú leibhéal ar theastaigh pointí arda Ardteistiméireachta dóibh i mbliana.

Is é Coláiste Eoin an scoil lán-Ghaeilge sa tír is airde ar an liosta seo, agus, Coláiste Íosagáin, Laurel Hill Coláiste FCJ, agus Gaelcholáiste Chill Dara i measc na scoileanna eile atá air.

Bíonn roinnt conspóide i gcónaí faoi liostaí de na scoileanna ‘feeder’ nó freastail seo. Deir daoine áirithe nach dtugann an liosta léargas cruinn ar fheabhas scoile mar gheall ar a chúinge is atá na critéir agus an dearcadh a léirítear iontu ar cad is oideachas ann.

Ag scríobh dó san Irish Times inniu, dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton, “no one can imagine that they [na táblaí] will tell the full story about a school”.

Fág freagra ar '6 scoil lán-Ghaeilge i measc na scoileanna is mó a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal'

  • Roddy

    Is iomaí múinteoir a bhaineann níos mó de shásaimh as dalta nach bfágann an scoil ag 16 mar rinne gach duine eile sa gclannn agus a fhaigheann pas i 6 ábhair in ainneoin na nainneoin.