5,419 cás nua den víreas fógartha, laghdú eile ar líon na n-othar sna hospidéil

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

5,419 cás nua den víreas fógartha, laghdú eile ar líon na n-othar sna hospidéil

5,419 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

528 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 17 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Tá 110 díobhsan in aonad dianchúraim, seachtar níos lú ná mar a bhí inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 1,908 cás nua a fógraíodh ansin.

326 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 30 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Fág freagra ar '5,419 cás nua den víreas fógartha, laghdú eile ar líon na n-othar sna hospidéil'