5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin cúig cinn d’amhráin atá á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image



Gavin Prior – Little Laurie

Chaith Gavin Prior ó Dhroichead an Chláirín na Gaillimhe tréimhse ina chónaí in Incheon, sa Chóiré thart at 2010 -11 mar a raibh post aige ag múineadh Béarla do mhuintir na háite.  Tá blianta ann ó d’fhoghlaimíos aon teanga nua ach is cuimhin liom a bheith ag éisteacht le taifid Fhraincise d’fhoglaimeoirí fadó is b’ait liom na nathannna cainte a bhíodh le clos orthu.  Tharla an rud céanna do Gavin agus chuala sé mórán abairtí áiféiseacha sna taifid Bhéarla a bhí á n-úsáid aige sna ranganna. D’úsáid sé cuid de na cinn ba shuimiúla ar a EP úr The Avalon Suite.

Is féidir súil a chaitheamh ar phictiúirí a thóg sé den cheantar sin anseo.


Hystereo – Aquarium

Tá lipéad nua ceoil bunaithe ag This Greedy Pig na hardcathrach, lipéad ar a dtugann siad The Pig’s Ear air.   Mura bhfuil trácht cloiste cheana agat orthu, is meitheal ealaíne iad This Greedy Pig a bhrúnn chun cinn gach a mbaineann le ceol, cúrsaí ealaíne, scannáin is faisean ar a suíomh thisgreedypig.com  Is iad Hystereo (Jack Murphy agus Conor Murphy ó Bhleá Cliath) atá freagrach as an gcéad eisiúint seo.  Tá dhá rian tharraingteacha, aerach, house ar an EP agus ná bíodh aon leisce ort sciuird a thabhairt ar leathanach Soundcloud Hystereo, áit a bhfuil ladhar mhaith port rince ar leith le clos ann.


FAIK – Feelfam

Tá an léiritheoir Sasanach Matt Farthing, a bhfuil ceol curtha amach cheana aige faoi ainmneacha mar Stay Postive agus Christian AIDS, tar éis a chéad singil a eisiúint faoin ainm FAIK.  Dar le Farthing go bhfuil an ceol leictreonach faighte beagáinín beag ródháiríre agus tá rún aige an dáiríreacht sin a phriocadh le cur chuige spraíúil.  Seo a chéad iarracht agus tá físeán nótálta cruthaithe aige, a bhfuil dlúthcheangail aige leis na fuaimeanna ar an gcluiche ríomhaireachta ‘The Sims’.  N’fheadar cad as a sciob sé an sampla den ghuth baineann atá le clos ar an amhrán ach dá gcaithfinn buille fé thuairim a thabhairt, déarfainn gurb í an t-amhránaí r’n’b Brandy atá ann.


Comrade Hat – One Of Them

Tá an cumadóir is léiritheoir Neil Burns bunaithe i nDoire agus is léir ó na rianta atá le clos ar a EP The Winter Takes It All, go bhfuil máistreacht aige ar an gcineál pop-cheol leictreonach, íogair a chleachtann leithéidí Junior Boys, Circlesquare is Telefon Tel Aviv.  Tá Neil le feiscint sa bhfíseán seo, a stiúraigh sé féin, agus a taifeadadh i mBann agus Loch Louise i gCeanada i mí na Samhna seo caite.  Is féidir greim a fháil ar a EP anseo.


worriedaboutsatan – Baychimo

Ó Bhradford ó dhúchas Gavin Miller agus Tom Ragsdale agus táid ag cumadh ceoil i dteannta a chéile le deich mbliana anuas.  Tá albam is roinnt singilí eisithe acu ach níor chuireas aithne ar a gcuid ceoil go dtí gur seoladh cóip dá albam úr Even Temper chugam cúpla mí ó shin.  Tá rianta uaidh á gcasadh agam gan stad ná staonadh ó fuarthas greim air is tá an port allúrach seo i measc na mbuaicphointí air.  Tagraíonn teideal an phíosa don bhád SS Baychimo, a bhfuil mórán scéalta púcaí áirithe leis.


Ceann ón gcartlann

Aretha Franklin – Day Dreaming

Seo an leagan ceart d’amhán Aretha Franklin ón mbliain 1972.  Deirim an leagan ceart mar deineadh leagan raidió de a bhí beagáinín nios giorra a chur in eagar do na stáisiúin tráchtála. Gearradh amach an tús agus deireadh sicídéalach as an leagan raidió.  ‘Day dreamin’ and I’m thinkin’ of you’ a deir banríon an anam-cheoil agus is cosúil go raibh sí ag caint ar Dennis Edwards, amhránaí leis an mbanna The Temptations.

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'