45 bus á seoladh go dtí Mariupol chun daoine a thabhairt slán ón léigear

Deir lucht faisnéise go ndearna an Rúis míléamh iomlán ar chúrsaí san Úcráin agus go bhfuil an fhírinne anois á ceilt ar an Uachtarán Vladimir Putin faoina bhfuil ag tarlú sa chogadh

45 bus á seoladh go dtí Mariupol chun daoine a thabhairt slán ón léigear

Tá 45 bus á seoladh go dtí Mariupol inniu le soláthairtí agus chun cabhrú le daoine teacht slán ón gcathair, mar a bhfuil sos comhraic áitiúil fógartha ag an Rúis.

Agus í faoi léigear ag an Rúis le trí seachtaine, tá daoine fós teanntaithe in Mariupol, gan aon chumhacht ná uisce acu agus bia gann.

Tá scrios nó díobháil déanta d’fhormhór d’fhoirgnimh na cathrach ag bombardú na Rúise.

Idir an dá linn, deir lucht faisnéise go ndearna an Rúis míléamh iomlán ar chúrsaí san Úcráin agus go bhfuil an fhírinne anois á ceilt ar an Uachtarán Vladimir Putin faoina bhfuil ag tarlú sa chogadh.

Dúirt Jeremy Fleming, ceannasaí lucht faisnéise na Breataine gur bhotún straitéiseach ag Putin tús a chur leis an ionradh agus go bhfuil eagla anois ar a chuid comhairleoirí a bheith macánta leis.

Deir lucht faisnéise an Tí Bháin go bhfuil eolas acusan a léiríonn go bhfuil teannas idir Putin agus a cheannairí míleata.

Dúirt Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, go bhfuil an tír á réiteach féin d’ionsaí nua ón Rúis. Dúirt sé go raibh an Rúis ag cur le líon na dtrúpaí atá acu a d’fhéadfadh ionsaithe nua a dhéanamh ar cheantar an Donbas san oirthear.

Má bhí aon saighdiúirí á n-aistarraingt ag an Rúis ón gceantar thart ar Kyiv ba í cosaint láidir na hÚcráine ba chúis leis, arsa Zelensky.

Ghéaraigh an Rúis ar a gcuid ionsaithe sliogán agus airtléire cé gur mhaígh siad inné go raibh siad chun maolú go mór a ngníomhaíochtaí catha thart ar chathracha Kyiv agus Chernihiv.

Dheimhnigh Cumann na Croise Deirge gur buaileadh ionad dá gcuid in Mariupol, cathair atá scriosta ag an Rúis.

Cuirfear tús arís amárach leis na cainteanna síochána idir an Rúis agus an Úcráin.

Fág freagra ar '45 bus á seoladh go dtí Mariupol chun daoine a thabhairt slán ón léigear'