4,235 cás nua den víreas fógartha, 47 duine básaithe le seachtain anuas

Tá 8,771 duine básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 5,835 ó dheas den teorainn agus 2,936 ó thuaidh di

4,235 cás nua den víreas fógartha, 47 duine básaithe le seachtain anuas

4,235 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

Fógraíodh freisin gur 47 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh le seachtain anuas. 81 duine a bhí i gceist an tseachtain roimhe sin. 24 duine a bhásaigh de dheasca an víris sa Tuaisceart le seachtain anuas.

Tá 8,771 duine básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 5,835 ó dheas den teorainn agus 2,936 ó thuaidh di.

470 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 23 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Tá 105 díobhsan in aonad dianchúraim, ceathrar níos lú ná mar a bhí inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 2,156 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

315 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 32 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Idir an dá linn, gach seans go n-iarrfar ar a thuilleadh daoine a bhíonn i ngartheagmháil le duine ag a bhfuil an Covid-19 tolgtha fanacht sa mbaile agus srian a chur lena gcuid gluaiseachtaí sna moltaí nua atá le déanamh ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (Nphet).

Tá na hathruithe seo ar a gcomhairle le déanamh ag NPHET agus é ina imní faoi scaipeadh rábach an Omicron.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar gur dóigh leis gurb é an cineál Omicron den choróinvíreas a bheidh ceannasach roimh Lá Nollag.

Dúirt an Tánaiste “gur údar frustrachais, gruaime agus díomá é” go gcaithfidh an Rialtas “cúrsa a athrú”  toisc an Omicron a bheith ag scaipeadh go tréan sa bpobal le laethanta beaga anuas.

Níltear ag súil go molfaidh NPHET na rialacha ar an taisteal idirnáisiúnta a ghéarú, ach tá an líon teaghlach a gceadaítear dóibh cruinniú le chéile san aon teach amháin á scrúdú ag NPHET. Faoi láthair moltar nár chóir a bheith le chéile sa teach ach muintir an tí agus trí líon tí eile.

Meastar go n-iarrfar ar aon duine a bhíonn i dteagmháil le duine taobh amuigh den teaghlach ag a bhfuil an Covid-19 tolgtha fanacht sa mbaile fiú mura bhfuil aon chomharthaí sóirt den víreas air agus an vacsaín iomlán faighte aige. D’fhéadfadh na mílte a bheith sa gcás sin i rith na Nollag agus na hathbhliana agus iad cuibhrithe sa mbaile ar feadh chúig lá.

Faoi na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair, an duine a bhfuil na vacsaíní ar fad faighte aige agus nach bhfuil in aon tíos leis an té a bhfuil an víreas air, ní gá dó fanacht sa mbaile mura bhfuil aon chomharthaí sóirt air.

Ina ionad sin is amhlaidh a sheolann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte trí thástáil antaigine chuige agus déanann sé na trí thástáil air féin agus dhá lá idir gach ceann acu.

Amárach a bheidh NPHET ag teacht le chéile agus chuir an Tánaiste in iúl go bhféadfadh go mbeadh cruinniú ag an Rialtas roimh an deireadh seachtaine leis na moltaí nua a phlé.

Dúirt Leo Varadkar chomh maith go mbeadh tionchar ag an gcineál nua den choróinvíreas ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte fiú más fíor na tuairiscí a deir nach mbíonn daoine chomh tinn céanna leis an Omicron.

Mura bhfuil sé leath chomh dona leis an Delta ach é i bhfad níos tógálaí, cuirfidh sé as don tseirbhís sláinte, a deir sé.

Tugann na sonraí is deireanaí atá ar fáil le tuiscint gur omicron atá i gceist i 14% de na cásanna coróinvíris in Éirinn ag an tráth seo.

Fág freagra ar '4,235 cás nua den víreas fógartha, 47 duine básaithe le seachtain anuas'

  • Antóin

    47 atá básaithe le seachtain a deirtear. Ní móide ár dtuiscint uimhreacha loma lá théis lae. Tá le tuiscint ón dóigh a gcuirtear uimhreacha os ár gcomhair gurb é Covid a thug a mbás. B’fhéidir gurb ea ach níl a fhios againn. Fágtar fúinn féin i gcónaí cibé tátal is mian linn a bhaint as.

    Ba cheart d’iriseoirí breis eolais a thabhairt faoin 47 atá básaithe le seachtain. Mar shampla, Cén aois ghrúpa ina raibh siad? Cé mhéad duine acu sin a raibh dhá dháileog den vacsaín faighte acu? Cé mhéad duine acu sin a raibh trí dháileog den vacsaín faighte acu? Cé mhéad duine acu sin nach bhfuair an vacsaín? An raibh aon tinneas eile orthu? D’fhéadfaí na freagraí a thabhairt ach cupla ceist a chur agus blúire beag taighde a dheanamh.